+Articolul 15 Raportarea indicatorului efectului de levier pe bază individuală și pe bază consolidată
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 15 5.
---+Airteagal 15 6.
|
Articolul 15 Raportarea indicatorului efectului de levier pe bază individuală și pe bază consolidată
1. Prezentare generală
| Titlu |
Reglementare |
|
Airteagal 15 1.
|
Chun faisnéis ar an gcóimheas luamhánaithe a thuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 430(1), pointe (a) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ar bhonn aonair nó ar bhonn comhdhlúite, déanfaidh institiúidí an fhaisnéis a chur isteach a shonraítear in Iarscríbhinn X, i gcomhréir leis na treoracha in Iarscríbhinn XI, le minicíocht ráithiúil. Cuirfidh institiúidí móra, agus iad sin amháin, teimpléad 48.00 d’Iarscríbhinn X isteach.
|
|
Airteagal 15 2.
|
Is iad seo a leanas, agus iad sin amháin, a chuirfidh isteach an fhaisnéis a shonraítear in Iarscríbhinn X, teimpléad 40.00, cill {r0410;c0010}:
(a)
institiúidí móra ar G-SSIanna iad nó a bhfuil urrúis eisithe acu a ligtear isteach lena dtrádáil ar mhargadh rialáilte le minicíocht leathbhliantúil;
(b)
institiúidí móra seachas G-SSIanna nach institiúidí liostaithe iad le minicíocht leathbhliantúil;
(c)
institiúidí seachas institiúidí móra agus institiúidí beaga neamhchasta a bhfuil urrúis eisithe acu a ligtear isteach lena dtrádáil ar mhargadh rialáilte le minicíocht bhliantúil.
|
|
Airteagal 15 3.
|
Déanfaidh institiúidí an cóimheas luamhánaithe a ríomh ar dháta tagartha maidir le tuairisc i gcomhréir le hAirteagal 429 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
|
|
Airteagal 15 4.
|
Déanfaidh institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI, Cuid II, pointe 13 a thuairisciú, i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
is mó ná 1,5 % an scair díorthach dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI, Cuid II, pointe 5;
(b)
is mó ná 2 % an scair díorthach dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI, Cuid II, pointe 5.
Mura ndéanann institiúid ach coinníoll phointe (a) a chomhlíonadh, beidh feidhm ag critéir iontrála agus imeachta Airteagal 4(3). Má dhéanann institiúid coinníollacha phointe (a) agus (b) araon a chomhlíonadh, cuirfidh sé tús leis an bhfaisnéis sin a thuairisciú le haghaidh an dáta tagartha a thagann tar éis an dáta tagartha maidir le tuairisciú a chuaigh sé thar an tairseach sin.
|
|
Airteagal 15 5.
|
Maidir le hinstitiúidí a dtéann luach barúlach iomlán a ndíorthach mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn XI, Cuid II, pointe 8 thar EUR 10 000 milliún, tuairisceoidh siad an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI, Cuid II, Pointe 13, fiú mura gcomhlíonann a scair díorthach na coinníollach a leagtar amach i mír 4 den Airteagal seo. Chun críocha na míre seo, ní bheidh feidhm ag critéir iontrála Airteagal 4(3). Cuirfidh institiúidí tús le faisnéis a thuairisciú ón gcéad dáta tagartha maidir le tuairisc i gcás ina ndeachaigh siad thar an tairseach ar aon dáta tagartha maidir le tuairisc amháin.
|
|
Airteagal 15 6.
|
Ceanglaítear ar institiúidí an fhaisnéis dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI, Cuid II, pointe 14 a thuairisciú, i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas ar a laghad:
(a)
is mó ná EUR 300 milliún méid na ndíorthach creidmheasa dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI, Cuid II, pointe 9;
(b)
is mó ná EUR 500 milliún méid na ndíorthach creidmheasa dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI, Cuid II, pointe 9.
Mura ndéanann institiúid ach coinníoll phointe (a) a chomhlíonadh, beidh feidhm ag critéir iontrála agus imeachta Airteagal 4(3). Má dhéanann institiúid coinníollacha phointe (a) agus (b) araon a chomhlíonadh, cuirfidh sí tús leis an bhfaisnéis sin a thuairisciú le haghaidh an dáta tagartha a thagann tar éis an dáta tagartha maidir le tuairisc a chuaigh sé thar an tairseach sin.
|
,
1.1 Referințe
1.2 Cerințe identificate
1.3 Standarde asociate
2. Cerințe identificate
3. Standarde asociate
- Builddate: 01.09.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0451
- EULAW_GA -
EULAW_GA
|