+RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/676 ÓN gCOIMISIÚN an 3 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 18(3) go (6) agus in Airteagal 18(8) den Rialachán sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
---+Preamble: 1
---+Airteagal 1 Sainmhínithe
------+Airteagal 1 (1)
------+Airteagal 1 (2)
------+Airteagal 1 (3)
------+Airteagal 1 (4)
------+Airteagal 1 (5)
---+Airteagal 2 Coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo i gcás grúpaí gnóthas atá gaolmhar de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE
------+Airteagal 2 1
------+Airteagal 2 2
------+Airteagal 2 3
------+Airteagal 2 4
------+Airteagal 2 5
---+Airteagal 3 Coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo i gcás institiúidí nó institiúidí airgeadais a bhainistíonn gnóthas a áirítear sa chomhdhlúthú mar aon le gnóthas amháin nó níos mó ná sin nach n-áirítear sa chomhdhlúthú
------+Airteagal 3 1
------+Airteagal 3 2
---+Airteagal 4 Coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo i gcás rannpháirtíochtaí nó naisc chaipitiúla in institiúidí nó in institiúidí airgeadais seachas iad sin dá dtagraítear in Airteagal 18(1) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
------+Airteagal 4 1
------+Airteagal 4 2
------+Airteagal 4 3
------+Airteagal 4 4
------+Airteagal 4 5
---+Airteagal 5 Coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo i gcásanna ina n-imríonn institiúid tionchar suntasach ar institiúid amháin nó ar institiúid airgeadais amháin nó níos mó ná sin, ach gan seilbh a bheith aici ar rannpháirtíocht ná naisc chaipitiúla eile sna hinstitiúidí sin
------+Airteagal 5 1
------+Airteagal 5 2
------+Airteagal 5 3
------+Airteagal 5 4
------+Airteagal 5 5
---+Airteagal 6 Coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo i gcásanna ina bhfuil dhá institiúid nó dhá institiúid airgeadais nó níos mó ná sin curtha faoi bhainistíocht aonair gan an bhainistíocht sin a bheith de bhun conartha, de bhun clásail atá ina meabhráin nó de bhun clásail atá ina n-airteagail chomhlachais a dhéantar an méid sin
------+Airteagal 6 1
------+Airteagal 6 2
------+Airteagal 6 3
------+Airteagal 6 4
---+Airteagal 7 Coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo i gcásanna nach bhfuil fochuideachta ná gnóthas ina bhfuil rannpháirtíocht ag institiúid ina n-institiúid, ina n-institiúid airgeadais ná ina ngnóthas seirbhísí coimhdeacha
------+Airteagal 7 1
------+Airteagal 7 2
------+Airteagal 7 3
---+Airteagal 8 Coinníollacha maidir le cuimsiú ionstraimí, ar le daoine iad seachas na gnóthais a áirítear sa raon feidhme stuamachta comhdhlúthaithe, i nGnáthchothromas Leibhéal 1, i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 agus i gCaipiteal Leibhéal 2
------+Airteagal 8 1
------+Airteagal 8 2
------+Airteagal 8 3
------+Airteagal 8 4
------+Airteagal 8 5
---+Airteagal 9 Teacht i bhfeidhm
English - European Union - Financial Industry - Banking -

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/676 ÓN gCOIMISIÚN an 3 Nollaig 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 18(3) go (6) agus in Airteagal 18(8) den Rialachán sin (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/676 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Nollaig 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo sna cásanna dá dtagraítear in Airteagal 18(3) go (6) agus in Airteagal 18(8) den Rialachán sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Preamble: 1

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 18(9) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 18(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, cumhdaítear cásanna comhdhlúthaithe stuamachta grúpaí gnóthas atá gaolmhar de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) i gcás nach ann do ghaol idir máthairchuideachta agus fochuideachta. Sna cásanna sin, is gá an t-eintiteas a chinneadh a gcuirfear ceanglais Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i bhfeidhm ar a leibhéal ar bhonn comhdhlúite. Thairis sin, sna cásanna sin, an modh a leagtar amach in Airteagal 22(8) agus (9) de Threoir 2013/34/AE (“modh um chomhiomlánú”), ba cheart an modh sin a bheith ar an modh comhdhlúthaithe stuamachta is iomchuí i gcomhréir leis na rialacha a leagtar amach sa Treoir sin.

(2)

I gcásanna rannpháirtíochtaí in institiúidí nó in institiúidí airgeadais a bhainistíonn gnóthas a áirítear sa chomhdhlúthú mar aon le gnóthas amháin nó níos mó ná sin nach n-áirítear sa chomhdhlúthú, i gcás ina gceanglaítear comhdhlúthú stuamachta de bhun Airteagal 18(4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, ba cheart toiliú d’aon toil na ngnóthas sin i ndáil leis na cinntí faoi ghníomhaíochtaí ábhartha na hinstitiúide nó na hinstitiúide airgeadais a bheith riachtanach chun an modh comhdhlúthaithe stuamachta a leagtar amach san fhoráil sin a chur i bhfeidhm i gcomhréir leis an sainmhíniú ar chomhshocrú a shonraítear sna caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta de réir mar is infheidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(3)

In Airteagal 18(6), pointí (a) agus (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, tagraítear do na ceanglais mhaoirseachta maidir le comhdhlúthú stuamachta i gcás ina bhfuil tionchar suntasach ar institiúid amháin nó níos mó nó ar institiúid airgeadais amháin nó níos mó ach gan rannpháirtíocht ná naisc chaipitiúla eile, agus i gcás ina gcuirtear na hinstitiúidí nó na hinstitiúidí airgeadais sin faoi bhainistíocht aonair gan an bhainistíocht sin a bheith de bhun conartha, meabhráin ná airteagail chomhlachais faoi seach. Chun a chinneadh arb ann do staid tionchair shuntasaigh nó nach ann, ba cheart do na húdaráis inniúla roinnt táscairí tionchair shuntasaigh a chur san áireamh. Thairis sin, níor cheart staid bainistíochta aonair a chinneadh ach amháin i gcás ina bhfuil fianaise nithiúil ag an údarás inniúil go bhfuil beartais airgeadais agus oibríochta na n-institiúidí nó na n-institiúidí airgeadais sin á gcomhordú go héifeachtach.

(4)

D’fhoilsigh Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) Treoirlínte maidir le sainaithint agus bainistiú priacail idirghabhála (4) lena n-áirítear roinnt táscairí ba cheart do na hinstitiúidí a úsáid agus na heintitis ar féidir priacal idirghabhála eascairt astu á sainaithint acu. De réir Threoirlínte CBMB, is éard is “priacal idirghabhála” ann an priacal go gcinnfidh institiúid tacaíocht airgeadais a chur ar fáil d’eintiteas neamh-chomhdhlúite, nach eintiteas atá comhdhlúite go hiomlán ná go comhréireach é, atá i gcruachás, in éagmais aon oibleagáidí conarthacha nó sa bhreis ar aon oibleagáidí conarthacha maidir le tacaíocht den sórt sin a sholáthar. De bhun Threoirlínte CBMB, i gcás ina n-aithníonn institiúid go bhfuil priacal suntasach idirghabhála ann, is gá di na bearta iomchuí a chinneadh bunaithe ar chineál agus ar mhéid na tacaíochta idirghabhála réamh-mheasta i ngach cás. Cuimsítear leis na bearta sin, i measc nithe eile, na heintitis lena mbaineann a chur san áireamh i raon feidhme an chomhdhlúthaithe rialála. I gcomhréir le Treoirlínte CBMB, ba cheart d’institiúidí agus d’údaráis inniúla roinnt táscairí a mheas chun a chinneadh ar cheart gnóthais áirithe a chomhdhlúthú go hiomlán nó go comhréireach de bhun Airteagal 18(5), Airteagal 18(6), pointe (a), nó Airteagal 18(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, de réir mar is infheidhme, agus an priacal idirghabhála a bhaineann leis na gnóthais sin a d’fhéadfadh a bheith ann d’institiúid á chur sin áireamh. Mar sin féin, ba cheart d’institiúidí bearta malartacha a mheas chun aghaidh a thabhairt ar phriacal idirghabhála faoina nósanna imeachta bainistithe priacail agus faoina bpróiseas inmheánach measúnaithe ar leordhóthanacht caipitil (ICAAP). Ina theannta sin, féadfaidh na húdaráis inniúla bearta eile a mheas chun aghaidh a thabhairt ar an bpriacal a bhaineann leis na gnóthais sin a d’fhéadfadh a bheith ann faoin bpróiseas athbhreithnithe maoirseachta agus meastóireachta maoirseachta (SREP). I gcomhthéacs an chreata risíochtaí móra, d’eisigh an tÚdarás Baincéireacht Eorpach (ÚBE) treoirlínte freisin maidir le teorainneacha i leith risíochtaí ar eintitis scáthbhaincéireachta a dhéanann gníomhaíochtaí atá cosúil le gníomhaíochtaí baincéireachta lasmuigh de chreat rialáilte (5), lena sonraítear an mhodheolaíocht ba cheart d’institiúidí a úsáid chun teorainneacha a shocrú, mar chuid dá bpróisis inmheánacha, i leith a risíochtaí aonair agus comhiomlána ar eintitis scáthbhaincéireachta.

(5)

Go háirithe, chun a chinneadh an bhfuil gá le comhdhlúthú iomlán nó comhréireach de bhun Airteagal 18(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 i gcás fochuideachtaí nó gnóthais ina bhfuil rannpháirtíocht ag institiúid i gcás nach institiúid, institiúid airgeadais ná gnóthas seirbhísí coimhdeacha an fhochuideachta sin nó an gnóthas sin, agus i gcás ina bhfuil priacal suntasach idirghabhála ann agus ar choinníoll nach gnóthas árachais nó athárachais nó gnóthas sealbhaíochta árachais é an gnóthas sin, i measc nithe eile, ba cheart coinne a bheith leis na húdaráis inniúla grinnscrúdú a dhéanamh, ar a laghad, ar chatagóirí áirithe gnóthas amhail eintitis shainchuspóireacha nach bhfuil incháilithe mar eintitis shainchuspóireacha urrúsúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), a bhfuil na coinníollacha maidir le haistriú priacail creidmheasa shuntasaigh a leagtar amach in Airteagal 244 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 infheidhme ina leith, mar aon leis na gnóthais sin a dhéanann aon cheann de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 89(1), pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.

(6)

Chun an chomhsheasmhacht leis an gcreat cistí dílse a áirithiú faoi Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus chun sainaithint sochar caipitil míchuí a sheachaint, sna cásanna sin ina gceanglaítear comhdhlúthú de bhun Airteagal 18(3) go (6) nó Airteagal 18(8) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, maidir le cuimsiú mhéideanna ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus ionstraimí Chaipiteal Breise Leibhéal 1 agus Chaipiteal Leibhéal 2 sna cistí dílse comhdhlúite, ar ionstraimí arna n-eisiúint ag na gnóthais a áirítear sa raon feidhme stuamachta comhdhlúthaithe iad agus ar le daoine iad seachas na gnóthais sin, mar aon leis na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, ba cheart é sin a bhunú ar Airteagail 81 go 88 den Rialachán sin freisin.

(7)

Is ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag ÚBE a bhunaítear an Rialachán seo.

(8)

Rinne ÚBE comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a mbunaítear an Rialachán seo; rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN

Airteagal 1 Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

Airteagal 2 Coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo i gcás grúpaí gnóthas atá gaolmhar de réir bhrí Airteagal 22(7) de Threoir 2013/34/AE
Airteagal 3 Coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo i gcás institiúidí nó institiúidí airgeadais a bhainistíonn gnóthas a áirítear sa chomhdhlúthú mar aon le gnóthas amháin nó níos mó ná sin nach n-áirítear sa chomhdhlúthú
Airteagal 4 Coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo i gcás rannpháirtíochtaí nó naisc chaipitiúla in institiúidí nó in institiúidí airgeadais seachas iad sin dá dtagraítear in Airteagal 18(1) agus (4) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013
Airteagal 5 Coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo i gcásanna ina n-imríonn institiúid tionchar suntasach ar institiúid amháin nó ar institiúid airgeadais amháin nó níos mó ná sin, ach gan seilbh a bheith aici ar rannpháirtíocht ná naisc chaipitiúla eile sna hinstitiúidí sin
Airteagal 6 Coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo i gcásanna ina bhfuil dhá institiúid nó dhá institiúid airgeadais nó níos mó ná sin curtha faoi bhainistíocht aonair gan an bhainistíocht sin a bheith de bhun conartha, de bhun clásail atá ina meabhráin nó de bhun clásail atá ina n-airteagail chomhlachais a dhéantar an méid sin
Airteagal 7 Coinníollacha a ndéanfar an comhdhlúthú i gcomhréir leo i gcásanna nach bhfuil fochuideachta ná gnóthas ina bhfuil rannpháirtíocht ag institiúid ina n-institiúid, ina n-institiúid airgeadais ná ina ngnóthas seirbhísí coimhdeacha
Airteagal 8 Coinníollacha maidir le cuimsiú ionstraimí, ar le daoine iad seachas na gnóthais a áirítear sa raon feidhme stuamachta comhdhlúthaithe, i nGnáthchothromas Leibhéal 1, i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 agus i gCaipiteal Leibhéal 2
Airteagal 9 Teacht i bhfeidhm

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.


(1)   IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.

(2)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).

(4)  Treoirlínte Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht maidir le sainaithint agus bainistiú priacail idirghabhála, Basel, Deireadh Fómhair 2017.

(5)  Treoirlínte ÚBE maidir le teorainneacha i leith risíochtaí ar eintitis scáthbhaincéireachta a dhéanann gníomhaíochtaí baincéireachta lasmuigh de chreat rialáilte faoi Airteagal 395(2) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, 3 Meitheamh 2016, EBA/GL/2015/20.

(6)  Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsú agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, agus lena leasaítear Treoracha 2009/65/CE, 2009/138/CE agus 2011/61/AE agus Rialacháin (CE) Uimh. 1060/2009 agus (AE) Uimh. 642/2012 (IO L 347, 28.12.2017, lch. 35).

(7)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).

(8)  Rialachán (AE) Uimh. 1254/2012 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2012 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1126/2008 lena nglactar caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta áirithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 10, Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 11, Caighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais 12, Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 27 (2011), agus Caighdeán Idirnáisiúnta Cuntasaíochta 28 (2011) (IO L 360, 29.12.2012, lch. 1).

(9)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíocht institiúidí creidmheasa agus maidir le maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus ar ghnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas