+Artikel 20 Zusätzliche Meldungen zur Ermittlung von G-SRI und zur Zuweisung von Quoten für die G-SRI-Puffer
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
|
Artikel 20 Zusätzliche Meldungen zur Ermittlung von G-SRI und zur Zuweisung von Quoten für die G-SRI-Puffer
1. Übersicht
| Bezeichnung |
Regulierung |
|
Airteagal 20 1.
|
Agus faisnéis bhreise á tuairisciú chun G-SIIanna a shainaithint agus rátaí maolánacha G-SII a shannadh faoi Airteagal 131 de Threoir 2013/36/AE, déanfaidh máthairinstitiúidí de chuid an Aontais, máthairchuideachtaí shealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais agus máthairchuideachtaí shealbhaíochta airgeadais measctha de chuid an Aontais an fhaisnéis mar a shonraítear in Iarscríbhinn XXVI a ghabhann leis an Rialachán seo a chur isteach, i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XXVII a ghabhann leis an Rialachán seo, ar bhonn comhdhlúite le minicíocht ráithiúil, i gcás ina gcomhlíontar an dá choinníoll a leanas:
(a)
tá tomhas neamhchosanta iomláine an ghrúpa, lena n-áirítear fochuideachtaí árachais, cothrom le EUR 125 000 000 000 milliún nó is mó ná sin é;
(b)
an mháthairchuideachta de chuid an Aontais nó aon cheann dá fochuideachtaí nó aon bhrainse atá á oibriú ag máthairchuideachta fochuideachta, tá siad lonnaithe i mBallstát rannpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. (
4
)
|
|
Airteagal 20 2.
|
Chun faisnéis bhreise a thuairisciú chun G-SIIanna a shainaithint agus rátaí maolánacha G-SII a shannadh faoi Airteagal 131 de Threoir 2013/36/AE, déanfaidh institiúidí an fhaisnéis mar a shonraítear in Iarscríbhinn XXVI a ghabhann leis an Rialachán seo a chur isteach, i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn XXVII a ghabhann leis an Rialachán seo, ar bhonn aonair le minicíocht ráithiúil, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha uile a leanas:
(a)
tá tomhas neamhchosanta iomláine na hinstitiúide cothrom le EUR 125 000 000 000 nó is mó ná sin é;
(b)
tá an institiúid lonnaithe i mBallstát rannpháirteach dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 806/2014;
(c)
níl an institiúid mar chuid de ghrúpa atá faoi réir maoirseacht chomhdhlúthaithe i gcomhréir le Caibidil 1, Teideal II, Cuid a hAon de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (“institiúid neamhspleách”).
|
|
Airteagal 20 3.
|
De mhaolú ar Airteagal 3(1), pointe (b), déanfar an fhaisnéis dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo a chur isteach faoi am scoir gnó ar na dátaí íocaíochta a leanas: An 1 Iúil, an 1 Deireadh Fómhair, an 2 Eanáir agus an 1 Aibreán.
|
|
Airteagal 20 4.
|
De mhaolú ar Airteagal 4, beidh feidhm ag an méid a leanas maidir leis na tairseacha sonraithe dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), agus mír 2, pointe (a) den Airteagal seo:
(a)
cuirfidh an mháthairinstitiúid de chuid an Aontais, an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais, an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha de chuid an Aontais nó an institiúid aonair tús láithreach leis an bhfaisnéis a thuairisciú, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir leis an Airteagal seo i gcás inar mó a tomhas neamhchosanta cóimheasa luamhánaithe ná an tairseach sonraithe ó dheireadh na bliana cuntasaíochta agus tuairisceoidh sí an fhaisnéis sin le haghaidh dheireadh na bliana cuntasaíochta sin agus na dtrí dháta tagartha ráithiúla ina dhiaidh sin ar a laghad;
(b)
scoirfidh an mháthairinstitiúid de chuid an Aontais, an mháthairchuideachta shealbhaíochta airgeadais de chuid an Aontais, an chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha de chuid an Aontais nó an institiúid aonair láithreach den fhaisnéis sin a thuairisciú, de réir mar is infheidhme, i gcomhréir leis an Airteagal seo i gcás inar lú an tomhas neamhchosanta cóimheasa luamhánaithe ná an tairseach sonraithe ó dheireadh na bliana cuntasaíochta.
|
,
1.1 Referenzen
1.2 Identifizierte Anforderungen
1.3 Zugehörige Standards
2. Identifizierte Anforderungen
Anforderungen
| Quelle |
Anforderung |
3. Zugehörige Standards
Standards
| Quelle |
Anforderung |
- Builddate: 01.09.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32021R0451
- EULAW_GA -
EULAW_GA
|