+6. Bonn caipitil
---+118. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta agus d’údaráis inniúla a áirithiú nach ndéanfar dochar …
---+119. Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil an bonn caipitil fónta, ba cheart don ghnólacht …
---+120. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta tionchar luach saothair inathraithe - idir méideanna …
---+121. Ní chuirfidh an luach saothair inathraithe iomlán arna dhámhachtain ag gnólacht infheistíochta …
---+122. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta nach bhfuil bonn fónta caipitil nó a bhfuil fóntacht …
---+123. Ba cheart d’údaráis inniúla idirghabháil a dhéanamh i gcás ina ndéantar dochar le dámhachtain …
|
6. Bonn caipitil
6. Bonn caipitil
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
118. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta agus d’údaráis inniúla a áirithiú nach ndéanfar dochar …
|
Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta agus d’údaráis inniúla a áirithiú nach ndéanfar dochar do chumas na ngnólachtaí infheistíochta bonn fónta caipitil a áirithiú mar gheall ar dhámhachtain, íocaíocht amach agus dílsiú luach saothair inathraithe, lena n-áirítear cur i bhfeidhm socruithe malus agus aisghlámtha faoi bheartas luach saothair na ngnólachtaí infheistíochta. EBA Public
|
|
119. Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil an bonn caipitil fónta, ba cheart don ghnólacht …
|
Agus measúnú á dhéanamh an bhfuil an bonn caipitil fónta, ba cheart don ghnólacht infheistíochta a chistí dílse foriomlána, a chomhdhéanamh agus go háirithe caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 agus ceanglais a chistí dílse a chur san áireamh. Tá feidhm ag an gceanglas maidir le bonn fónta caipitil a choinneáil maidir le bonn comhdhlúite chomh maith. Ina theannta sin, ba cheart do na húdaráis inniúla torthaí a n-athbhreithnithe maoirseachta a chur san áireamh.
|
|
120. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta tionchar luach saothair inathraithe - idir méideanna …
|
Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta tionchar luach saothair inathraithe - idir méideanna tosaigh agus méideanna iarchurtha - a chur san áireamh ina bpleanáil chaipitil agus leachtachta agus ina bpróiseas measúnaithe inmheánach foriomlán ar leordhóthanacht chaipitil.
|
|
121. Ní chuirfidh an luach saothair inathraithe iomlán arna dhámhachtain ag gnólacht infheistíochta …
|
Ní chuirfidh an luach saothair inathraithe iomlán arna dhámhachtain ag gnólacht infheistíochta teorainn le cumas an ghnólachta infheistíochta bonn fónta caipitil a choinneáil nó a aschur san fhadtéarma agus ba cheart dó aird a thabhairt ar leasanna scairshealbhóirí agus úinéirí, infheisteoirí agus geallsealbhóirí eile. Níor cheart luach saothair inathraithe a dhámhachtain ná a íoc i gcás gurb é an éifeacht a bheadh ann nach mbeadh bonn caipitil an ghnólachta infheistíochta fónta a thuilleadh. Ba cheart don ghnólacht infheistíochta na ceanglais sin, na torthaí ón bpróiseas measúnaithe ar leordhóthanacht chaipitil inmheánaigh, a phleanáil ilbhliantúil caipitil agus moltaí maidir le dáiltí ó údaráis inniúla agus Údaráis Mhaoirseachta Eorpacha a mheas, agus an méid seo a leanas á chinneadh: - a. an stór foriomlán luach saothair inathraithe is féidir a dhámhachtain don bhliain sin; agus
- b. méid an luach saothair inathraithe a bheidh íoctha amach nó a bheidh á dhílsiú sa bhliain sin.
|
|
122. Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta nach bhfuil bonn fónta caipitil nó a bhfuil fóntacht …
|
Ba cheart do ghnólachtaí infheistíochta nach bhfuil bonn fónta caipitil nó a bhfuil fóntacht an bhoinn caipitil i mbaol, na bearta seo a leanas a dhéanamh maidir le luach saothair inathraithe: - a. an stór bónas inathraithe a laghdú, lena n-áirítear an fhéidearthacht é a laghdú go nialas;
- b. na bearta coigeartaithe feidhmíochta is gá a chur i bhfeidhm, go háirithe malus;
- c. úsáid a bhaint as glanbhrabús an ghnólachta infheistíochta don bhliain sin agus b’fhéidir do na blianta ina dhiaidh sin chun an bonn caipitil a neartú. Níor cheart don ghnólacht infheistíochta cúiteamh a dhéanamh i leith aon laghdú ar an gcúiteamh inathraithe a dhéanfar chun bonn caipitil fónta a áirithiú sna blianta amach romhainn nó trí íocaíochtaí, trí bhealaí nó trí mhodhanna eile a mbeadh sárú ar an bhforáil seo mar thoradh air.
|
|
123. Ba cheart d’údaráis inniúla idirghabháil a dhéanamh i gcás ina ndéantar dochar le dámhachtain …
|
Ba cheart d’údaráis inniúla idirghabháil a dhéanamh i gcás ina ndéantar dochar le dámhachtain luach saothair inathraithe do bhonn caipitil fónta a choinneáil trína cheangal ar an ngnólacht infheistíochta caidhp a laghdú nó a chur i bhfeidhm ar stór foriomlán an luach saothair inathraithe arna chinneadh go dtí go dtiocfaidh feabhas ar staid leordhóthanachta an EBA Public chaipitil; agus más gá bearta coigeartaithe feidhmíochta a chur i bhfeidhm, go háirithe malus, agus a cheangal ar ghnólachtaí infheistíochta glanbhrabúis a úsáid chun cistí dílse a neartú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|