+36. Agus táblaí REM1, REM2, REM3, REM4 agus REM5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 ón …
|
36. Agus táblaí REM1, REM2, REM3, REM4 agus REM5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 ón …
Agus táblaí REM1, REM2, REM3, REM4 agus REM5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/637 ón gCoimisiún, agus Iarscríbhinn II agus III de na Treoirlínte seo á gcur isteach, ba cheart a thuiscint gurb iad baill foirne shainaitheanta na comhaltaí foirne sin a bhfuil tionchar ábhartha acu ar phróifílí riosca na n-institiúidí mar a shainaithnítear iad i ngach institiúid agus fochuideachta eile ar bhonn comhdhlúite agus a bhfuil feidhm ag na forálacha maidir le luach saothair faoi Airteagal 92 agus Airteagal 94 de Threoir 2013/36/AE maidir leo, trína dtuairiscítear comhaltaí bhainistíocht na bhfochuideachtaí faoi na réimsí gnó seachas faoin bhfeidhm 'comhlacht bainistíochta'. Is éard atá i ‘foireann shainaitheanta’ ná comhiomlán de: - a. foireann shainaitheanta in institiúidí a thagann faoi raon feidhme stuamachta an chomhdhlúthaithe is cuma cé acu ar leibhéal an duine aonair nó ar an leibhéal comhdhlúite a shainaithnítear iad;
- b. i gcomhréir le hAirteagal 109(5) de Threoir 2013/36/AE, comhaltaí foirne a bhfuil sainordú acu gníomhaíochtaí a dhéanamh a mbíonn tionchar ábhartha díreach acu ar an bpróifíl riosca nó ar ghnó na n-institiúidí laistigh d’fhochuideachtaí ar cuideachta bhainistíochta sócmhainní nó cuideachta bainistíochta sócmhainní iad nó gnóthas a sholáthraíonn na seirbhísí infheistíochta agus na gníomhaíochtaí a liostaítear i bpointí (2), (3), (4), (6) agus (7) de Roinn A d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;
- c. foireann shainaitheanta i bhfochuideachtaí a gcuireann na Ballstáit Airteagail 92, 94 agus 95 i bhfeidhm maidir leo ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 109(6) de Threoir 2013/36/AE, i gcás ina mbíonn tionchar ábhartha ag na baill foirne ar phróifíl riosca na n-institiúidí ag leibhéal comhdhlúite; agus
- d. foireann shainaitheanta i bhfochuideachtaí a mbaineann Airteagail 92, 94 agus 95 de Threoir 2013/36/AE leo ar bhonn comhdhlúite amháin, i.e. eintitis nach institiúidí ná fochuideachtaí iad atá faoi réir creat sonrach luacha saothair i gcomhréir le hAirteagal 109(4) de Threoir 2013/36/AE maidir leis na baill foirne sin a bhfuil tionchar ábhartha ag a ngníomhaíochtaí gairmiúla ar phróifíl riosca na n-institiúidí ar leibhéal comhdhlúite.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|