+5.2 Socruithe chun scaradh réidh a chinntiú
---+66. I gcomhréir le hAirteagal 67(1), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE, ba cheart d’institiúidí …
---+67. Ba cheart d’institiúidí measúnú a dhéanamh ar a mhéid a d’fhéadfaí gnéithe conarthacha a leasú …
---+68. Ba cheart d’institiúidí tacú le húdaráis réitigh aon athrú ar an airteagal comhlachais nó ar an …
---+69. Nuair a éilíonn leanúnachas an imlíne aistrithe rochtain ar airgeadraí nó leanúnachas na …
---+70. Ba cheart d’institiúidí tacú leis na húdaráis réitigh chun ról na sásraí dlúthpháirtíochta …
---+71. I gcás aistrithe pháirtigh chuig faighteoirí éagsúla (amhail AMC agus droichead-instititúid) nó …
---+72. [Cuideachta Seirbhíse Comhroinnte] Ba cheart d’údaráis réitigh measúnú a dhéanamh cibé an …
---+73. [Pleananna teagmhasacha FMI] Sa bhreis ar an treoir dá dtagraítear i roinn 4.1.2 (agus go …
|
5.2 Socruithe chun scaradh réidh a chinntiú
5.2.1 Gnéithe dlíthiúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
66. I gcomhréir le hAirteagal 67(1), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE, ba cheart d’institiúidí …
|
I gcomhréir le hAirteagal 67(1), pointe (a), de Threoir 2014/59/AE, ba cheart d’institiúidí measúnú a dhéanamh, nuair is infheidhme, ar a mhéid atá feidhm éifeachtach ag dlí Ballstáit AE maidir le conradh arna rialú ag dlí tríú tír agus cur i bhfeidhm éifeachtach na gcumhachtaí réitigh19 .
19 Táthar ag súil cheana féin go ndéantar foráil shainráite i gconarthaí tríú tíortha atá mar bhonn agus mar thaca le haistriú dlíthiúil sócmhainní, cearta agus/nó dliteanais ábhartha do na gnéithe atá athléimneach ó thaobh réitigh de agus go n-aithneoidh siad agus go gcuirfidh siad in iúl don chontrapháirtí go bhféadfadh an conradh a bheith faoi réir fheidhmiú na gcumhachtaí réitigh a cearta nó oibleagáidí a chur ar fionraí nó srian a chur leo (“cumhachtaí um bac ar imeachtaí”) faoi Threoir 2014/59/AE.
|
|
67. Ba cheart d’institiúidí measúnú a dhéanamh ar a mhéid a d’fhéadfaí gnéithe conarthacha a leasú …
|
Ba cheart d’institiúidí measúnú a dhéanamh ar a mhéid a d’fhéadfaí gnéithe conarthacha a leasú chun fógra agus formheasanna nach bhfuil díolmhaithe cheana faoi Threoir 2014/59/AE a sheachaint.
|
|
68. Ba cheart d’institiúidí tacú le húdaráis réitigh aon athrú ar an airteagal comhlachais nó ar an …
|
Ba cheart d’institiúidí tacú le húdaráis réitigh aon athrú ar an airteagal comhlachais nó ar an bhfoirm dhlíthiúil a bhaineann le haistriú na himlíne aistrithe sainithe a shainaithint, ós rud é go bhféadfadh sé nach mbeadh eintiteas inaistrithe faoina fhoirm dhlíthiúil reatha chuig faighteoir a bhfuil foirm dhlíthiúil éagsúil aige nó d’fhéadfadh go mbeadh forálacha contrártha san airteagal comhlachais. Ba cheart go leagfaí síos sa phlean réitigh an próiseas agus na gníomhartha a theastaíonn chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin ar bhealach tráthúil. 5.2.2 Gnéithe airgeadais
|
|
69. Nuair a éilíonn leanúnachas an imlíne aistrithe rochtain ar airgeadraí nó leanúnachas na …
|
Nuair a éilíonn leanúnachas an imlíne aistrithe rochtain ar airgeadraí nó leanúnachas na n-idirbheart i ndiaidh idirbhirt mar a aibhsítear sa mheasúnú a luaitear i mír 69 de threoirlínte inréiteachta an ÚBE, ba cheart d’institiúidí a áirithiú go bhfuil socruithe i bhfeidhm chun an leanúnachas sin a áirithiú, i gcomhréir le hionchais an údaráis réitigh. Mar shampla, d’fhéadfaí comhaontuithe baincéireachta comhfhreagracha a dhréachtú roimh ré chun a áirithiú go leantar d’imlíne an aistrithe, nuair is gá, a sheirbhísiú sna hairgeadraí is gá. Ba cheart comhaontuithe atá ann cheana a bheith inaistrithe freisin faoi Threoir 2014/59/AE.
|
|
70. Ba cheart d’institiúidí tacú leis na húdaráis réitigh chun ról na sásraí dlúthpháirtíochta …
|
Ba cheart d’institiúidí tacú leis na húdaráis réitigh chun ról na sásraí dlúthpháirtíochta (institiúidí a bhfuil comhlacht lárnach acu) nó aon IPS atá ann cheana a shainaithint i gcur chun feidhme na huirlise aistrithe agus chun deighilt agus inréiteacht thapa a áirithiú. 5.2.3 Gnéithe oibríochtúla
|
|
71. I gcás aistrithe pháirtigh chuig faighteoirí éagsúla (amhail AMC agus droichead-instititúid) nó …
|
I gcás aistrithe pháirtigh chuig faighteoirí éagsúla (amhail AMC agus droichead-instititúid) nó chuig faighteoir ach gan an institiúid atá faoi réir réitigh a fhoirceannadh (nuair, mar shampla, tarrtháil isteach agus AST á chomhcheangal), b’fhéidir nach mbeidh an chumhacht á rialú ag Airteagal 64(1), pointe (d), de Threoir 2014/59/AE sách láidir chun na rochtain seirbhíse go léir a choinneáil. Dá bhrí sin, ba cheart d’institiúidí údaráis réitigh a chur ar an eolas maidir leis an bhféidearthacht clásail rochtana thríthaobhacha a áireamh sa chonradh le soláthraí seirbhíse.
|
|
72. [Cuideachta Seirbhíse Comhroinnte] Ba cheart d’údaráis réitigh measúnú a dhéanamh cibé an …
|
[Cuideachta Seirbhíse Comhroinnte] Ba cheart d’údaráis réitigh measúnú a dhéanamh cibé an bhfuil nó nach bhfuil tionchar ag an tsamhail seachadta seirbhíse reatha ar indeighilteacht an imlíne aistrithe agus breithniú a dhéanamh ar shocruithe a fhorfheidhmiú a leagtar síos i mír 34 de threoirlínte inréiteacht an ÚBE.
|
|
73. [Pleananna teagmhasacha FMI] Sa bhreis ar an treoir dá dtagraítear i roinn 4.1.2 (agus go …
|
[Pleananna teagmhasacha FMI] Sa bhreis ar an treoir dá dtagraítear i roinn 4.1.2 (agus go háirithe mír 50) de threoirlínte inréiteachta an ÚBE, ba cheart d’institiúidí: - - Measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a n-aistreofar an rochtain FMIanna riachtanacha chuig an eintiteas arb é an cuspóir atá aige ná an fheidhm chriticiúil/leanúnachas croílíne gnó a chothabháil agus/nó conas a fhéadtar rochtain indíreach a bhunú. Más rud é go dtiocfaidh an institiúid atá faoi réir réitigh chun bheith ina eintiteas foirceanta (tar éis an uirlis aistrithe a chur i bhfeidhm i gcomhréir le hAirteagal 37(6) de Threoir 2014/59/AE) nó i gcás an AMC, féadtar rochtain ar FMI a theorannú. Dá bhrí sin, ba cheart rochtain indíreach tríd an eintiteas leanúnach a dheonú agus ba cheart socruithe a dhéanamh chun na críche sin, lena n-áirítear, ba cheart don eintiteas leanúnach BIC, nascacht agus seirbhísí cumarsáide na hinstitiúide faoi réiteach a choinneáil.
- - Measúnú a dhéanamh ar na meicníochtaí trasdula atá ann cheana féin, ar na próisis iarratais ar rochtain FMI brostaithe, nó ar na féidearthachtaí chun cumhacht aturnae a dheonú chun leanúnachas rochtana FMI a choinneáil don imlíne aistrithe.
- - Arna iarraidh sin do na húdaráis réitigh, measúnú a dhéanamh ar thionchar an aistrithe ar na seirbhísí a sholáthraíonn an institiúid chuig FMIanna agus/nó páirtithe eile.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|