+Córas TF agus cáilíocht sonraí IRRBB
---+54. Ba cheart go mbeadh na córais TF agus na feidhmchláir atá in úsáid ag an institiúid chun …
---+55. Ba cheart go mbeadh an córas TF agus idirbhirt in ann an phróifíl athphraghsála, saintréithe an …
---+56. Chomh fada is a bhaineann le táirgí casta, struchtúrtha go háirithe, ba cheart go mbeadh an …
---+57. Ba cheart go mbeadh rialuithe eagraíochtúla oiriúnacha chórais TF bunaithe d'fhonn a áirithiú …
---+58. Ba cheart go mbeadh bearta riosca bunaithe ar shonraí margaidh agus inmheánacha iontaofa. Ba …
---+59. D'fhonn caighdeán ard sonraí a áirithiú, ba cheart d'institiúidí próisis oiriúnacha a chur chun …
---+60. Sa chás go bhfuil institiúidí ag déileáil le sreafaí airgid in eatraimh ama dhifriúla (e.g., le …
---+61. Ba cheart d'institiúidí cúiseanna poitéinsiúla le haghaidh neamhréireanna agus neamhrialtachtaí …
---+62. Ba cheart d'institiúidí próisis oiriúnacha a bhunú d'fhonn a áirithiú go bhfuil na sonraí a …

Córas TF agus cáilíocht sonraí IRRBB

Córas TF agus cáilíocht sonraí IRRBB

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
54. Ba cheart go mbeadh na córais TF agus na feidhmchláir atá in úsáid ag an institiúid chun …

Ba cheart go mbeadh na córais TF agus na feidhmchláir atá in úsáid ag an institiúid chun oibríochtaí a dhéanamh, a phróiseáil agus a thaifeadadh, chun neamhchosaintí a shainaithint, a thomhas agus a chomhiomlánú, agus chun tuarascálacha a ghiniúint, in ann tacú le bainistíocht IRRBB go tráthúil agus go beacht. Go háirithe, ba cheart do na córais tacú leis an méid seo a leanas:

  • (a) Sonraí maidir le riosca an ráta úis a bhaineann le neamhchosaintí ábhartha uile IRRBB na hinstitiúide ar bhearna, bonn agus riosca roghanna. Ba cheart go dtacódh sé seo le córas tomhais na hinstitiúide chun mórfhoinsí neamhchosaintí IRRBB a shainaithint, a thomhas agus a chomhiomlánú.
  • (b) A bheith in ann gach idirbheart a dhéanann an institiúid a thaifeadadh go hiomlán agus go soiléir, agus a saintréithe IRRBB a chur san áireamh.
  • (c) A bheith saincheaptha do chastacht agus don líon idirbheart a raibh IRRBB á chruthú acu.
  • (d) A bheith sách solúbtha chun freastal ar raon réasúnta cásanna turrainge agus struis IRRBB agus aon chásanna breise.
  • (e) Cur ar chumas na n-institiúidí an tionchar atá acu ar idirbhearta aonair dá neamhchosaint fhoriomlán a thomhas, a mheas agus a fhaire go hiomlán.
  • (f) A bheith in ann bearta IRRBB a ríomh (i.e., bearta a bhaineann le luach eacnamaíoch agus glanioncam úis mar aon le hathruithe margadhluacha) agus bearta IRRBB eile atá forordaithe ag a n-údaráis inniúla, bunaithe ar chásanna a bhaineann le turraing an ráta úis agus struis atá sonraithe i rannóg 4.3.3 agus 4.3.4.
  • (g) A bheith sách solúbtha chun srianta maoirseachta atá forchurtha ar thoimhdí inmheánacha institiúidí maidir le paraiméadar riosca a chur san áireamh.
55. Ba cheart go mbeadh an córas TF agus idirbhirt in ann an phróifíl athphraghsála, saintréithe an …

Ba cheart go mbeadh an córas TF agus idirbhirt in ann an phróifíl athphraghsála, saintréithe an ráta úis (lena n-áirítear raon) agus saintréithe roghanna na dtáirgí a thaifeadadh d'fhonn a áirithiú gur féidir an riosca bearna, riosca boinn agus riosca roghanna a thomhas. Go háirithe, ba cheart go mbeadh an córas idirbhirt in ann eolas mionsonraithe maidir le dáta/dátaí athphraghsála idirbheart ar leith a bhailiú, cineál nó innéacs an ráta úis, aon roghanna (lena n-áirítear aisíoc nó fuascailt luath) agus na táillí a bhaineann le feidhmiú na roghanna seo. Ba cheart go mbeadh na córais atá in úsáid chun IRRBB a thomhas in ann eolas maidir le saintréithe IRRBB gach táirge a ghabháil. Ba cheart go bhfreastalódh na córais ar dhí-chomhiomlánú thionchar na n-ionstraimí agus na bpunann aonair IRRBB ag leibhéal riosca an leabhair neamhthrádála.

56. Chomh fada is a bhaineann le táirgí casta, struchtúrtha go háirithe, ba cheart go mbeadh an …

Chomh fada is a bhaineann le táirgí casta, struchtúrtha go háirithe, ba cheart go mbeadh an córas idirbhirt in ann eolas a bhailiú faoi chodanna éagsúla an táirge agus a gcuid saintréithe IRRBB a ghabháil (e.g., saintréithe sócmhainní agus dliteanas grúpáilte bunaithe ar shaintréithe áirithe cosúil le dátaí athphraghsála nó gnéithe roghnaíochta). Ba cheart don institiúid a áirithiú go bhfuil an córas TF in ann freastal ar tháirgí nua.

57. Ba cheart go mbeadh rialuithe eagraíochtúla oiriúnacha chórais TF bunaithe d'fhonn a áirithiú …

Ba cheart go mbeadh rialuithe eagraíochtúla oiriúnacha chórais TF bunaithe d'fhonn a áirithiú nach bhfuil sonraí atá in úsáid ag córais agus feidhmchláir ríomhaireachta IRRBB á n-éilliú agus chun athruithe ar an gcódú a úsáidtear sna feidhmchláir seo a rialú, ar mhaithe leis an méid seo a leanas go háirithe a áirithiú:

  • (a) iontaofacht na sonraí a úsáidtear mar ionchur, agus sláinte na gcóras próiseála do shamhlacha IRRBB;
  • (b) an dóchúlacht go dtarlóidh earráidí sa chóras TF, lena n-áirítear earráidí a tharlaíonn nuair atá sonraí á bpróiseáil agus á gcomhiomlánú, a íoslaghdú; agus
  • (c) a áirithiú go gcuirtear bearta oiriúnacha i gcrích má tharlaíonn míshocracht nó meathlú sa mhargadh.
58. Ba cheart go mbeadh bearta riosca bunaithe ar shonraí margaidh agus inmheánacha iontaofa. Ba …

Ba cheart go mbeadh bearta riosca bunaithe ar shonraí margaidh agus inmheánacha iontaofa. Ba cheart d'institiúidí grinnscrúdú a dhéanamh ar chaighdeán foinsí seachtracha eolais a úsáidtear chun bunachair sonraí stairiúla de rátaí úis a bhunú, mar aon le minicíocht nuashonraithe na mbunachar sonraí.

59. D'fhonn caighdeán ard sonraí a áirithiú, ba cheart d'institiúidí próisis oiriúnacha a chur chun …

D'fhonn caighdeán ard sonraí a áirithiú, ba cheart d'institiúidí próisis oiriúnacha a chur chun feidhme a áirithíonn go bhfuil na sonraí a iontráiltear sa chóras TF ceart. Ba cheart ionchuir sonraí a dhéanamh a dhéanamh ar bhonn uathoibrithe oiread agus is féidir chun earráidí riaracháin a laghdú, agus ba cheart athbhreithniú tréimhsiúil a dhéanamh ar mhapáil sonraí agus iad a thástáil i gcomparáid le leagan faofa den tsamhail. Lena chois sin, ba cheart go mbeadh dóthain doiciméad ar fáil maidir leis na mórfhoinsí sonraí a úsáidtear i bpróiseas tomhais riosca na hinstitiúide. Chomh maith leis sin, ba cheart d'institiúidí sásraí oiriúnacha a bhunú chun ceartaiseacht an phróisis comhiomlánaithe agus iontaofacht thorthaí na samhla a fhíorú. Ba cheart go ndeimhneodh na sásraí seo beachtas agus iontaofacht na sonraí.

60. Sa chás go bhfuil institiúidí ag déileáil le sreafaí airgid in eatraimh ama dhifriúla (e.g., le …

Sa chás go bhfuil institiúidí ag déileáil le sreafaí airgid in eatraimh ama dhifriúla (e.g., le haghaidh anailís ar bhearnaí) nó chun na sreafaí airgid a shannadh do phointí góire difriúla chun léargas a thabhairt ar éirimí difriúla chuar an ráta úis, ba cheart go mbeadh na critéir chuí cobhsaí le himeacht ama chun comparáid lánbhrí ar fhigiúirí riosca i dtréimhsí difriúla a cheadú.

61. Ba cheart d'institiúidí cúiseanna poitéinsiúla le haghaidh neamhréireanna agus neamhrialtachtaí …

Ba cheart d'institiúidí cúiseanna poitéinsiúla le haghaidh neamhréireanna agus neamhrialtachtaí a d'fhéadfaí a thabhairt faoi deara tráth phróiseáil na sonraí a shainaithint. Ba cheart go mbeadh nósanna imeachta bunaithe ag institiúidí chun déileáil leis na neamhréireanna agus neamhrialtachtaí sin, lena n-áirítear nósanna imeachta do réiteach comhpháirteach na suíomhanna ionas gur féidir deireadh a chur leis na neamhréireanna agus neamhrialtachtaí sin.

62. Ba cheart d'institiúidí próisis oiriúnacha a bhunú d'fhonn a áirithiú go bhfuil na sonraí a …

Ba cheart d'institiúidí próisis oiriúnacha a bhunú d'fhonn a áirithiú go bhfuil na sonraí a úsáidtear le haghaidh samhlacha a bhfuil IRRBB á thomhas acu sa ghrúpa trí chéile comhsheasmhach leis na sonraí a úsáid do phleanáil airgeadais.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.