+4.6 Faireachán CSRBB
---+152. Ba cheart d'institiúidí córais tomhais inmheánacha (IMSanna) stuama a chur chun feidhme a …
---+153. Ba cheart d'institiúidí faireachán a dhéanamh ar a neamhchosaint ar CSRBB i dtéarmaí athruithe …
---+154. Ba cheart d'institiúidí a dtoimhdí agus modhanna ríofa féin a fhorbairt agus a úsáid chun …
---+155. Ba cheart go dtuigfeadh an institiúid na srianta a bhaineann le gach uirlis agus samhail …
---+156. Mar eisceacht, i ndáil le cur chun feidhme praiticiúil mhír 120 agus chun críche …
---+157. Nuair a bhíonn CSRBB á thomhas, ba cheart go mbeadh tuiscint iomlán ag institiúidí ar na …
---+158. Ba cheart d'institiúidí cuntas a dhéanamh d'impleachtaí na gcleachtas cuntasaíochta chun CSRBB …
---+159. Má tá iontaofacht agus cobhsaíocht toimhdí éagsúlaithe á mbailíochtú agus á ndoiciméadú go …
---+160. De bhrí go n-athraíonn dálaí margaidh, timpeallachtaí iomaíocha agus straitéisí le himeacht …
---+161. Chun críche CSRBB, ba cheart d'institiúidí doiciméid stuama a bhunú chun tacú le toimhdí agus …
|
4.6 Faireachán CSRBB
4.6.1 Cur chuige ginearálta maidir le faireachán CSRBB
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
152. Ba cheart d'institiúidí córais tomhais inmheánacha (IMSanna) stuama a chur chun feidhme a …
|
Ba cheart d'institiúidí córais tomhais inmheánacha (IMSanna) stuama a chur chun feidhme a chuireann san áireamh gach comhpháirt agus foinse de CSRBB atá ábhartha do shamhail ghnó na hinstitiúide.
|
|
153. Ba cheart d'institiúidí faireachán a dhéanamh ar a neamhchosaint ar CSRBB i dtéarmaí athruithe …
|
Ba cheart d'institiúidí faireachán a dhéanamh ar a neamhchosaint ar CSRBB i dtéarmaí athruithe poitéinsiúla ar bhearta difriúla CSRBB. Ba cheart d'institiúidí úsáid a bhaint as gnéithe comhlántacha cur chuige difriúil chun eolas a bhailiú maidir le castacht CSRBB thar thréimhsí ama gearrthéarmacha agus fadtéarmacha. Go háirithe, ba cheart d'institiúidí na nithe seo a leanas a thomhas agus faireachán a dhéanamh orthu (i) tionchar foriomlán na bpríomhthoimhdí samhaltaithe ar bhearta difriúla CSRBB, agus (ii) CSRBB díorthach ráta úis a leabhair baincéireachta sa chás go bhfuil a leithéid ábhartha don tsamhail ghnó. 4.6.2 Modhanna chun faireachán a dhéanamh ar CSRBB
|
|
154. Ba cheart d'institiúidí a dtoimhdí agus modhanna ríofa féin a fhorbairt agus a úsáid chun …
|
Ba cheart d'institiúidí a dtoimhdí agus modhanna ríofa féin a fhorbairt agus a úsáid chun CSRBB a mheas. Ba cheart go mbeadh an mhodheolaíocht tomhais a roghnaítear oiriúnach do leibhéal castachta an bhainc.
|
|
155. Ba cheart go dtuigfeadh an institiúid na srianta a bhaineann le gach uirlis agus samhail …
|
Ba cheart go dtuigfeadh an institiúid na srianta a bhaineann le gach uirlis agus samhail chainníochtúil a úsáidtear, agus ba cheart na srianta seo a chur san áireamh i bpróiseas bainistíochta riosca CSRBB. Nuair a bhíonn CSRBB á mheas, ba cheart d'institiúidí cuntas a dhéanamh de na rioscaí a d'fhéadfadh teacht chun cinn mar thoradh ar chur chuige cuntasaíochta idirbheart sa leabhar neamhthrádála.
|
|
156. Mar eisceacht, i ndáil le cur chun feidhme praiticiúil mhír 120 agus chun críche …
|
Mar eisceacht, i ndáil le cur chun feidhme praiticiúil mhír 120 agus chun críche comhréireachta, féadfaidh institiúidí comhpháirteanna neamhghnácha a bhaineann leis an raon difríochta creidmheasa a chur san áireamh chun faireachán a dhéanamh ar CSRBB, chomh fada is go n-áirithítear go mbeidh torthaí níos coimeádaí mar thoradh ar na bearta. 4.6.3 Toimhdí maidir le faireachán CSRBB
|
|
157. Nuair a bhíonn CSRBB á thomhas, ba cheart go mbeadh tuiscint iomlán ag institiúidí ar na …
|
Nuair a bhíonn CSRBB á thomhas, ba cheart go mbeadh tuiscint iomlán ag institiúidí ar na príomhthoimhdí samhaltaithe agus go mbeidís á ndoiciméadú acu. Ba cheart go mbeadh na toimhdí seo ailínithe le straitéisí gnó agus á dtástáil go rialta.
|
|
158. Ba cheart d'institiúidí cuntas a dhéanamh d'impleachtaí na gcleachtas cuntasaíochta chun CSRBB …
|
Ba cheart d'institiúidí cuntas a dhéanamh d'impleachtaí na gcleachtas cuntasaíochta chun CSRBB a thomhas, go háirithe bearta maidir le glanioncam úis móide athruithe ar mhargadhluach.
|
|
159. Má tá iontaofacht agus cobhsaíocht toimhdí éagsúlaithe á mbailíochtú agus á ndoiciméadú go …
|
Má tá iontaofacht agus cobhsaíocht toimhdí éagsúlaithe á mbailíochtú agus á ndoiciméadú go cuí; b'fhéidir go mbeadh éagsúlú idir CSRBB agus IRRBB indéanta. Faoin gcoinníoll céanna, b'fhéidir go bhféadfaí úsáid a bhaint as toimhdí éagsúlaithe idir CSRBB agus rioscaí eile. Ba cheart na héifeachtaí éagsúlaithe a mheas ar bhonn coimeádach ionas gur féidir glacadh leis go mbeidh siad sách cobhsaí fiú i rith cor chun donais gheilleagraigh agus i gcomhthéacs dálaí margaidh atá neamhfhabhrach do struchtúr gnó agus riosca na hinstitiúide. I gcás ar bith, ba cheart d'institiúidí measúnuithe aonair a dhéanamh ar CSRBB agus rioscaí eile (lena n-áirítear IRRBB).
|
|
160. De bhrí go n-athraíonn dálaí margaidh, timpeallachtaí iomaíocha agus straitéisí le himeacht …
|
De bhrí go n-athraíonn dálaí margaidh, timpeallachtaí iomaíocha agus straitéisí le himeacht ama, ba cheart d'institiúidí athbhreithniú a dhéanamh ar thoimhdí tomhais suntasacha uair sa bhliain ar a laghad, agus níos minice nuair a bhíonn dálaí margaidh ag athrú go tapa.
|
|
161. Chun críche CSRBB, ba cheart d'institiúidí doiciméid stuama a bhunú chun tacú le toimhdí agus …
|
Chun críche CSRBB, ba cheart d'institiúidí doiciméid stuama a bhunú chun tacú le toimhdí agus nósanna imeachta a mbeartas, agus próiseas chun athbhreithniú leanúnach a dhéanamh orthu a bhunú. Ba cheart go dtuigfeadh institiúidí, chun críche CSRBB, tionchar na straitéisí infheistíochta a bhaineann le CSRBB atá roghnaithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|