+11. Ba cheart go n-áireofaí sa Tuairisc ar an Sásra um Malartuithe an fhaisnéis seo a leanas ar a …

11. Ba cheart go n-áireofaí sa Tuairisc ar an Sásra um Malartuithe an fhaisnéis seo a leanas ar a …

Ba cheart go n-áireofaí sa Tuairisc ar an Sásra um Malartuithe an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

  • a. Sainaithint agus tuairisc ar ról na ngeallsealbhóirí a bheidh rannpháirteach i nós imeachta an tSásra um Malartuithe, lena n-áirítear taisclanna lárnacha urrús, bainisteoir speisialta féideartha4 , údaráis ábhartha um margaí agus, i gcás inarb ábhartha, aon chomhairleoir malartuithe a bheidh le ceapadh ag an údarás réitigh chun tacú le forghníomhú an tsásra um malartuithe. Ba cheart go mbeadh a gcuid sonraí teagmhála san áireamh leis an tuairisc, i gcás inar féidir.
  • b. Cur chuige maidir le scor nó fionraí trádála agus díliostú nó baint ionstraimí ó na hionaid trádála.
  • c. Tuairisc shoiléir ar fheidhmiú na hionstraime eatramhaí féideartha, más ann di.
  • d. Cur síos ar ionstraimí ábhartha a dhíluacháil agus a chealú, lena n-áirítear réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann chun déileáil le hionstraimí nár socraíodh a n-idirbhearta go fóill (“idirbhearta le linn eitilte”).
  • e. Tuairisc mhionsonraithe, bíodh is gur táscach í, ar an nós imeachta um chomhshó, lena n-áireofaí ionstraimí nua a sheachadadh i gcás inarb ábhartha, ina bhféadfaí tagairt a dhéanamh do cheann amháin díobh seo a leanas:
  • a. Ionstraimí nó dliteanais arna bhfortarrtháil a chomhshó go cothromas nua (“comhshó díreach”);
  • b. Ionstraimí nó dliteanais arna bhfortarrtháil lena mbaineann ionstraimí eatramhacha a chomhshó;
  • c. meascán den dá rud.
  • f. Cur chuige chun aghaidh a thabhairt ar dhifríochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann idir luacháil chinntitheach agus luacháil shealadach, amhail cúiteamh i gcás ró-chomhshóite.
  • g. Cur chuige chun déileáil le haon scaireanna codánacha.
  • h. Amlíne mhionsonraithe, bíodh is gur táscach í, chun na céimeanna thuas a bhaint amach, agus idirdhealú iomchuí á dhéanamh idir:
  • a. an timthriall pleanála réitigh,
  • b. cur chun feidhme an chinnidh réitigh,
  • c. an tréimhse ina gcuirtear an sásra um malartuithe chun feidhme; agus
  • d. deireadh an nóis imeachta réitigh.
  • i. Teimpléid tháscacha nó príomhghnéithe na n-ionstraimí dlí atá le húsáid chun tarrtháil inmheánach a chur chun feidhme go foirmiúil, i gcás ina bhfuil siad ar fáil.

4 Má cheaptar é, i gcomhréir le hAirteagal 35 de Threoir 2014/59/AE.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.