+6. Sonraíochtaí maidir le sonraí faoi bhaill den chomhlacht bainistíochta a chur isteach
---+25. Sa chás go n-iarrtar sonraí faoin POF, níor cheart ach sonraí don POF a thuairisciú faoin …
---+26. Sa chás go bhfuil sonraí le cur ar fáil maidir le stiúrthóirí feidhmiúcháin, ba cheart faisnéis …
---+27. Sa chás go n-iarrtar sonraí maidir leis an gcathaoirleach, níor cheart ach sonraí don …
---+28. Sa chás go bhfuil sonraí le cur ar fáil maidir le stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin, ba cheart …
---+29. Ba cheart baill den chomhlacht bainistíochta a leithdháileadh ar an inscne lena mbaineann siad. …
---+30. Sa chás go bhfuil stiúrthóir feidhmiúcháin ag feidhmiú mar chathaoirleach ar bhord aonadach …
|
6. Sonraíochtaí maidir le sonraí faoi bhaill den chomhlacht bainistíochta a chur isteach
6. Sonraíochtaí maidir le sonraí faoi bhaill den chomhlacht bainistíochta a chur isteach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
25. Sa chás go n-iarrtar sonraí faoin POF, níor cheart ach sonraí don POF a thuairisciú faoin …
|
Sa chás go n-iarrtar sonraí faoin POF, níor cheart ach sonraí don POF a thuairisciú faoin gcatagóir seo. Ba cheart sonraí faoi POFanna ionaid nó Leas-POFannna a thuairisciú faoin gcatagóir dar teideal “stiúrthóirí feidhmiúcháin”. Sa chás nach bhfuil ról mar POF ag aon stiúrthóir feidhmiúcháin, ba cheart na sonraí ar fad maidir le stiúrthóirí feidhmiúcháin a thuairisciú faoin gcatagóir dar teideal “stiúrthóirí feidhmiúcháin”.
|
|
26. Sa chás go bhfuil sonraí le cur ar fáil maidir le stiúrthóirí feidhmiúcháin, ba cheart faisnéis …
|
Sa chás go bhfuil sonraí le cur ar fáil maidir le stiúrthóirí feidhmiúcháin, ba cheart faisnéis maidir leis an méid seo a leanas a chur ar fáil sna sonraí seo: - a. na baill den chomhlacht bainistíochta a bhfuil feidhmeanna feidhmiúcháin acu agus atá freagrach as treo éifeachtach na hinstitiúide nó an ghnólachta infheistíochta;
- b. na daoine a threoraíonn go héifeachtach an gnó de réir Airteagal 13(1) de Threoir 2013/36/AE, i gcás institiúide, nó de réir 9(6) de Threoir 2014/65/AE, i gcás gnólachta infheistíochta, gan beann ar cibé acu an baill iad nó nach baill iad den fheidhm bhainistíochta nó riaracháin a ceapadh de réir an dlí cuideachtaí náisiúnta.
|
|
27. Sa chás go n-iarrtar sonraí maidir leis an gcathaoirleach, níor cheart ach sonraí don …
|
Sa chás go n-iarrtar sonraí maidir leis an gcathaoirleach, níor cheart ach sonraí don chathaoirleach a thuairisciú faoin gcatagóir seo má tá baint ag an gcathaoirleach le feidhm mhaoirseachta an chomhlachta bainistíochta; níor cheart cathaoirligh ionaid nó leaschathaoirligh a thuairisciú ach faoin gcatagóir dar teideal “stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin”. Sa chás nach bhfuil ról mar chathaoirleach ag aon stiúrthóir neamhfheidhmiúcháin, ba cheart na sonraí ar fad a thuairisciú faoin gcatagóir dar teideal “stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin”. Níor cheart cathaoirleach de chomhlacht bainistíochta ag a bhfuil feidhmeanna feidhmiúcháin freisin a thuairisciú ach faoin gcatagóir dar teideal stiúrthóirí feidhmiúcháin.
|
|
28. Sa chás go bhfuil sonraí le cur ar fáil maidir le stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin, ba cheart …
|
Sa chás go bhfuil sonraí le cur ar fáil maidir le stiúrthóirí neamhfheidhmiúcháin, ba cheart faisnéis ar leithligh maidir leis an méid seo a leanas a chur san áireamh sna sonraí seo: - a. baill den chomhlacht bainistíochta atá freagrach as maoirseacht agus monatóireacht a dhéanamh ar chinnteoireacht na foirne bainistíochta gan dualgais feidhmiúcháin a bheith acu;
- b. más infheidhme, ionadaithe fostaithe ar baill den chomhlacht bainistíochta iad.
|
|
29. Ba cheart baill den chomhlacht bainistíochta a leithdháileadh ar an inscne lena mbaineann siad. …
|
Ba cheart baill den chomhlacht bainistíochta a leithdháileadh ar an inscne lena mbaineann siad. Don chleachtadh seo, glactar le gach inscne nach ionann í agus fear nó bean mar an tríú catagóir d’inscní, catagóir ar a dtugtar neamh-dhénártha.
|
|
30. Sa chás go bhfuil stiúrthóir feidhmiúcháin ag feidhmiú mar chathaoirleach ar bhord aonadach …
|
Sa chás go bhfuil stiúrthóir feidhmiúcháin ag feidhmiú mar chathaoirleach ar bhord aonadach, níor cheart an fhaisnéis faoin stiúrthóir sin a chur ar fáil ach faoin gcatagóir dar teideal “stiúrthóir feidhmiúcháin”, lena n-áirítear i gcomhthéacs na bearna pá idir na hinscní a ríomh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|