+Bearta

Bearta

21.11. Ba chóir do CASPanna a áirithiú go gcomhlíonann na córais a úsáideann siad chun rioscaí ML/TF a shainaithint agus chun dul i ngleic leo na critéir a leagtar amach i dTeideal I de na Treoirlínte seo. Go háirithe, mar gheall ar a samhlacha gnó, ba chóir do CASPanna a áirithiú go bhfuil uirlisí faireacháin oiriúnacha agus éifeachtacha i bhfeidhm acu, lena n-áirítear uirlisí faireacháin idirbheart agus arduirlisí anailísíochta. Cinntear méid na n-uirlisí sin de réir chineál agus mhéid ghníomhaíochtaí CASP, lena n-áirítear an cineál criptea-shócmhainní a chuirtear ar fáil le haghaidh trádála nó malartaithe. Ba chóir do CASPanna a áirithiú freisin go bhfaighidh fostaithe ábhartha oiliúint speisialaithe chun tuiscint mhaith a fháil ar chriptea-shócmhainní agus ar rioscaí ML/TF a bhféadfadh siad CASP a nochtadh dóibh.

Dícheall cuí custaiméirí feabhsaithe

21.12. I gcás ina méadaítear an riosca a bhaineann le caidreamh gnó nó le hidirbheart ócáideach, ní mór do CASPanna bearta feabhsaithe CDD a chur i bhfeidhm de bhun Airteagal 18 de Threoir (AE) 2015/849 agus mar a leagtar amach i dTeideal I de na Treoirlínte seo. Ina theannta sin, ba chóir do CASPanna bearta ábhartha feabhsaithe CDD a áirítear sa liosta thíos a chur i bhfeidhm, de réir mar is gá, ag brath ar neamhchosaint ar riosca an chaidrimh ghnó:

  • a) Céannacht an chustaiméara agus an úinéara thairbhiúil a fhíorú ar bhonn níos mó ná foinse iontaofa agus neamhspleách amháin.
  • b) Céannacht scairshealbhóirí tromlaigh nach gcomhlíonann an sainmhíniú ar úinéirí tairbhiúla i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir (AE) 2015/849 nó aon duine nádúrtha a bhfuil údarás acu cuntas criptea-shócmhainne nó seoladh mórleabhar dáilte a oibriú thar ceann an chustaiméara a shainaithint agus a fhíorú, nó treoracha a thabhairt maidir le criptea-shócmhainní nó seirbhísí eile a bhaineann leis na criptea-shócmhainní sin a aistriú nó a mhalartú.
  • c) Tuilleadh faisnéise a fháil faoin gcustaiméir agus faoi chineál agus cuspóir an chaidrimh ghnó chun próifíl chustaiméara níos iomláine a chruthú, mar shampla trí chuardaigh foinse oscailte nó meán díobhálach a dhéanamh nó trí thuarascáil faisnéise tríú páirtí a choimisiúnú. I measc na samplaí den chineál faisnéise a d’fhéadfadh CASPanna a lorg tá:
i. ii. iii. iv. v. vi.cineál ghnó nó fostaíochta an chustaiméara; foinse rachmas an chustaiméara agus foinse chistí an chustaiméara a mhalartaítear le haghaidh criptea-shócmhainní chun bheith measartha sásta go bhfuil siad dlisteanach; foinse chriptea-shócmhainní an chustaiméara atá á malartú ar airgeadraí oifigiúla, lena n-áirítear cathain agus cá háit ar ceannaíodh iad; cuspóir an idirbhirt, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, ceann scríbe an aistrithe criptea-shócmhainne; faisnéis faoi chomhlachais ar bith a d’fhéadfadh a bheith ag an gcustaiméir le dlínsí eile (ceanncheathrú, saoráidí oibriúcháin, brainsí, etc.) nó daoine aonair arb eol tionchar suntasach a bheith acu ar oibríochtaí an chustaiméara; chun sonraí a iarraidh nó a fháil faoi idirbhearta criptea-shócmhainní an chustaiméara agus, i gcás inar CASP é an custaiméir, a stair thrádála laistigh de chóras CASP.
  • d) Fianaise a fháil faoi fhoinse na gcistí, faoi fhoinse an rachmais nó faoi fhoinse na gcriptea-shócmhainní i ndáil leis na hidirbhearta sin a bhfuil riosca níos airde ag baint leo.
  • e) Minicíocht an fhaireacháin ar idirbhearta criptea-shócmhainní a mhéadú. Ba chóir faireachán a dhéanamh ar gach idirbheart maidir le hiompraíocht gan choinne, patrúin agus táscairí de ghníomhaíocht amhrasach agus ba chóir a áireamh orthu freisin na páirtithe lena bhfuil an custaiméir ag déanamh idirbheartaíochta.
  • f) Faisnéis, sonraí agus doiciméadú atá á gcoinneáil a athbhreithniú níos minice agus, i gcás inar gá, a thabhairt cothrom le dáta níos minice agus, go háirithe, i gcás eachtra thucaide.
  • g) I gcás ina bhfuil an riosca a bhaineann leis an gcaidreamh an-ard, ba chóir do CASPanna athbhreithniú níos rialta a dhéanamh ar an gcaidreamh gnó.
  • h) Measúnú níos minice nó níos doimhne a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a dhéantar trí chuntais criptea-shócmhainní an chustaiméara trí uirlisí imscrúdaithe criptea-shócmhainní a úsáid.
  • i) I gcás ina bhfuil seoltaí mórleabhar dáilte iomadúla nó líonraí blocshlabhra ag custaiméir, ba chóir do CASP na seoltaí sin a nascadh leis an gcustaiméir.
  • j) Minicíocht an fhaireacháin ar sheoltaí IP an chustaiméara a mhéadú agus iad a sheiceáil i gcoinne na seoltaí IP a úsáideann custaiméirí eile.
  • k) Deimhniú a fháil faoi leibhéal eolais agus tuisceana an chustaiméara ar chriptea-shócmhainní chun leibhéal dearbhaithe a bhaint amach nach n-úsáidtear an custaiméir mar mhiúil airgid.
  • l) I gcás nach bhfuil patrún aistarraingtí nó fuascailtí i gcomhréir le próifíl an chustaiméara nó le cineál agus cuspóir an chaidrimh ghnó, ba chóir do CASP bearta breise a chur leis chun a áirithiú gurb é an custaiméir seachas tríú páirtí a iarrann aistarraingt nó fuascailt. Tá sé sin ábhartha go háirithe i gcás custaiméirí ardriosca nó custaiméirí scothaosta nó níos leochailí.
  • m) Deimhniú a fháil go bhfuil seoladh féinóstáilte, óna bhfaightear aistriú, faoi rialú nó faoi úinéireacht chustaiméir CASP.

21.13. Ba chóir do CASPanna arduirlisí anailísíochta a chur i bhfeidhm maidir le hidirbhearta ar bhonn riosca-íogair, mar fhorlíonadh ar na huirlisí caighdeánacha faireacháin idirbheart. Ba chóir do CASPanna arduirlisí anailísíochta a chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le hidirbhearta, go háirithe idirbhearta a bhaineann le seoltaí féinóstáilte, toisc go gcuireann sé ar chumas CASP stair na n-idirbheart a rianú agus naisc a d’fhéadfadh a bheith ann le gníomhaíochtaí, daoine nó eintitis coiriúla a shainaithint.

21.14. Maidir le caidrimh ghnó nó idirbhearta lena mbaineann tíortha ardriosca neamh-AE, ba chóir do CASPanna an treoir i dTeideal I de na Treoirlínte seo a leanúint.

Dícheall cuí custaiméara simplithe

21.15. I gcásanna ísealriosca, a aicmíodh mar sin mar thoradh ar an measúnú riosca ML/TF a

rinne CASPi gcomhréirleis na Treoirlínte seo, agus a mhéid a cheadaítear leis an

reachtaíocht náisiúnta, féadfaidh CASPanna bearta DDS a chur i bhfeidhm, lena bhféadfaí na nithe seo a leanas a áireamh:

  • a) i gcás custaiméirí atá faoi réir chóras reachtúil ceadúnaithe agus rialála san AE nó i dtír nach bhfuil san AE, céannacht a fhíorú bunaithe ar fhianaise go bhfuil an custaiméir faoi réir an chórais sin, mar shampla trí chlár poiblí an rialtóra a chuardach;
  • b) faisnéis, sonraí nó doiciméadú CDD a thabhairt cothrom le dáta i gcás eachtraí tucaide sonracha a bheith ann, amhail táirge nua nó táirge a bhfuil riosca níos airde ag baint leis á iarraidh ag an gcustaiméir, nó athruithe ar iompraíocht nó ar phróifíl idirbhirt an chustaiméara a thugann le fios nach íseal a thuilleadh é an riosca a bhaineann leis an gcaidreamh, agus aon tréimhsí nuashonraithe a leagtar amach sa reachtaíocht náisiúnta á gcomhlíonadh ag an am céanna;
  • c) minicíocht an fhaireacháin ar idirbhearta a ísliú i gcás táirgí lena mbaineann idirbhearta athfhillteacha.

Taifid a choimeád

21.16. I gcás ina bhfuilan fhaisnéis faoi chustaiméirí agus faoi idirbhearta ar fáil ar an

mórleabhar dáilte, níor chóir do CASPanna brath ar an mórleabhar dáilte chun taifid a choimeád ach ba chóir dóibh bearta a dhéanamh chun a bhfreagrachtaí maidir le taifid a choimeád a chomhlíonadh i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/849 agus le Treoirlínte 5.1 agus 5.2 thuas. Ba chóir do CASPanna nósanna imeachta a chur i bhfeidhm lena gceadaítear dóibh an seoladh mórleabhar dáilte a chomhcheangal le heochair phríobháideach arna rialú ag duine nádúrtha nó dlítheanach.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.