+F.3. Measúnú ar oiriúnacht faighteora bheartaithe sealúchais cháilithigh i gcomhréir le hAirteagail 42(1) nó 84(1) de MiCA
---+20. Chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a rinne nó nach ndearna duine nádúrtha nó dlítheanach an …
---+21. Ní mór d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht faighteoirí beartaithe sealúchas …
---+22. Chun measúnú a dhéanamh ar an gcritéar a leagtar amach in Airteagal 42(1), pointe (a) nó in …
---+23. Chun measúnú a dhéanamh ar an gcritéar a leagtar amach in Airteagal 42(1), pointe (b) nó in …
---+24. Chun measúnú a dhéanamh ar an gcritéar a leagtar amach in Airteagal 42(1), pointe (c) nó in …
---+25. Chun measúnú a dhéanamh ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 42(1), pointe (d), a …
---+26. Maidir le heisitheoirí ARTanna go sonrach, áirítear i gcomhlíonadh leanúnach na gceanglas …
---+27. Chun measúnú a dhéanamh ar an gcritéar a leagtar amach in Airteagal 42(1), pointe (e), nó in …
---+28. Aon uair is éard atá sna cistí chun na sealúchais cháilitheacha a fháil ná criptea-shócmhainní …
---+29. Ba cheart do na sprioc-mhaoirseoirí prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm ina measúnú …
---+30. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an bhfaighteoir beartaithe sealúchas cáilitheach a fháil i …

F.3. Measúnú ar oiriúnacht faighteora bheartaithe sealúchais cháilithigh i gcomhréir le hAirteagail 42(1) nó 84(1) de MiCA

F.3. Measúnú ar oiriúnacht faighteora bheartaithe sealúchais cháilithigh i gcomhréir le hAirteagail 42(1) nó 84(1) de MiCA

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
20. Chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a rinne nó nach ndearna duine nádúrtha nó dlítheanach an …

Chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a rinne nó nach ndearna duine nádúrtha nó dlítheanach an cinneadh chun fáil, ba cheart d’údaráis inniúla Cuid 7 de Threoirlínte Comhpháirteacha ÚMEnna maidir le QH ar Chinneadh chun fáil.

21. Ní mór d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht faighteoirí beartaithe sealúchas …

Ní mór d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht faighteoirí beartaithe sealúchas cáilitheach díreach nó indíreach in eisitheoir ARTanna arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 21 de MiCA nó in CASP arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 63 den Rialachán sin, i gcomhréir leis na critéir a leagtar amach i bpointí (a) go (e) d’Airteagal 42(1) nó d’Airteagal 84(1) den Rialachán sin faoi seach.

22. Chun measúnú a dhéanamh ar an gcritéar a leagtar amach in Airteagal 42(1), pointe (a) nó in …

Chun measúnú a dhéanamh ar an gcritéar a leagtar amach in Airteagal 42(1), pointe (a) nó in Airteagal 84(1), pointe (a) de MiCA maidir le clú an fhaighteora bheartaithe, ba cheart d’údaráis inniúla tagairt a dhéanamh dá measúnú don fhaisnéis a leagtar amach sna Rialacháin Tharmligthe ón gCoimisiún arna nglacadh de bhun Airteagail 42(4) de MiCA i gcás eisitheora ARTanna agus d’Airteagal 84(4) den Rialachán sin i gcás CASPanna agus ba cheart dóibh an mhodheolaíocht a chur i bhfeidhm a leagtar amach i dTeideal II, Caibidil 3, Cuid 10 de Threoirlínte Comhpháirteacha ÚMEnna maidir le QH, maidir le Clú an fhaighteora bheartaithe

  • – an chéad chritéar measúnaithe, de réir mar is infheidhme.
23. Chun measúnú a dhéanamh ar an gcritéar a leagtar amach in Airteagal 42(1), pointe (b) nó in …

Chun measúnú a dhéanamh ar an gcritéar a leagtar amach in Airteagal 42(1), pointe (b) nó in Airteagal 84(1), pointe (b) de MiCA, a bhaineann le clú, eolas, scileanna agus taithí aon duine a stiúrfaidh gnó an spriocghnóthais, ba cheart d’údaráis inniúla an mhodheolaíocht mheasúnaithe a chur i bhfeidhm a leagtar síos i dTreoirlínte Comhpháirteacha ÚBE agus ESMA maidir leis an measúnú ar oiriúnacht chomhaltaí den chomhlacht bainistíochta eisitheoirí ARTanna nó CASPanna.

24. Chun measúnú a dhéanamh ar an gcritéar a leagtar amach in Airteagal 42(1), pointe (c) nó in …

Chun measúnú a dhéanamh ar an gcritéar a leagtar amach in Airteagal 42(1), pointe (c) nó in Airteagal 84(1), pointe (c) de MiCA, ba cheart d’údaráis inniúla an mhodheolaíocht a chur i bhfeidhm a leagtar amach i dTeideal II, Caibidil 3, Cuid 12 de Threoirlínte Comhpháirteacha ÚMEnna maidir le QH, maidir le fóntacht Airgeadais an fhaighteora bheartaithe – an tríú critéar measúnaithe.

25. Chun measúnú a dhéanamh ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 42(1), pointe (d), a …

Chun measúnú a dhéanamh ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 42(1), pointe (d), a bhaineann le comhlíonadh leanúnach na gceanglas a leagtar amach i dTeideal III de MiCA, nó in Airteagal 84(1), pointe (d) a bhaineann le comhlíonadh leanúnach na gceanglas a leagtar amach i dTeideal V den Rialachán sin, nuair a bhaineann sé le ceanglas stuamachta, ba cheart d’údaráis inniúla an mhodheolaíocht a chur i bhfeidhm a leagtar amach i dTeideal II, Caibidil 3, Cuid 13 de Threoirlínte Comhpháirteacha ÚMEnna maidir le QH, maidir le ceanglais stuamachta na spriocghnóthas leis an gceanglas sin a chomhlíonadh .

26. Maidir le heisitheoirí ARTanna go sonrach, áirítear i gcomhlíonadh leanúnach na gceanglas …

Maidir le heisitheoirí ARTanna go sonrach, áirítear i gcomhlíonadh leanúnach na gceanglas stuamachta maidir le leachtacht na ceanglais a bhaineann le comhdhéanamh, bainistiú, infheistíocht, leithscaradh agus cumhdach an chúlchiste sócmhainní, d’fhonn freastal ar aon iarraidh ar fhuascailt a d’fhéadfadh sealbhóirí an chomhartha a dhéanamh.

27. Chun measúnú a dhéanamh ar an gcritéar a leagtar amach in Airteagal 42(1), pointe (e), nó in …

Chun measúnú a dhéanamh ar an gcritéar a leagtar amach in Airteagal 42(1), pointe (e), nó in Airteagal 84(1), pointe (e) de MiCA faoi seach, ba cheart d’údaráis inniúla an mhodheolaíocht a chur i bhfeidhm a leagtar amach i dTeideal II, Caibidil 3, Cuid 14 de Threoirlínte Comhpháirteacha ÚMEnna maidir le QH, maidir le hAmhras a bheith ar an bhfaighteoir beartaithe faoi sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta – an cúigiú critéar measúnaithe.

28. Aon uair is éard atá sna cistí chun na sealúchais cháilitheacha a fháil ná criptea-shócmhainní …

Aon uair is éard atá sna cistí chun na sealúchais cháilitheacha a fháil ná criptea-shócmhainní nó aon uair a eascraíonn siad ó mhalartú criptea-shócmhainní in airgeadra fiat, ba cheart d’údaráis inniúla, i dteannta chur i bhfeidhm na modheolaíochta measúnaithe a leagtar síos i dTeideal II, Caibidil 3, Cuid 14 de Threoirlínte Comhpháirteacha ÚMEnna maidir le QH, maidir le hamhras faoi sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta, an méid seo a leanas a shainaithint freisin:

  • a. an seoladh mórleabhair dháilte a úsáideann an faighteoir beartaithe, i gcás ina bhfuil aistriú criptea-shócmhainní cláraithe ar líonra ina n-úsáidtear teicneolaíocht mórleabhair dháilte nó a leithéid, agus uimhir an chuntais chriptea-shócmhainní a úsáideann an faighteoir beartaithe, i gcás inarb ann do chuntas den sórt sin agus ina n-úsáidtear é chun an t-idirbheart a phróiseáil;
  • b. uimhir an chuntais chriptea-shócmhainní a úsáideann an faighteoir beartaithe, i gcás nach bhfuil aistriú criptea-shócmhainní cláraithe ar líonra ina n-úsáidtear teicneolaíocht mórleabhair dháilte nó a leithéid;
  • c. i gcás nach bhfuil aistriú criptea-shócmhainní cláraithe ar líonra ina n-úsáidtear teicneolaíocht mórleabhair dháilte nó teicneolaíocht chomhchosúil agus nach ndéantar é ó chuntas criptea-shócmhainní ná chuig cuntas criptea-shócmhainní, aitheantóir idirbhirt uathúil; agus
  • d. soláthraí nó soláthraithe seirbhísí criptea-shócmhainní na bpáirtithe san idirbheart, de réir mar is infheidhme.
29. Ba cheart do na sprioc-mhaoirseoirí prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm ina measúnú …

Ba cheart do na sprioc-mhaoirseoirí prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm ina measúnú i gcomhréir le Cuid 8 maidir le Comhréireacht Threoirlínte Comhpháirteacha ÚMEanna maidir le QH i gcás faighteoirí beartaithe in eisitheoir ART arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 21 de MiCA, nó in CASP arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 63 den Rialachán sin.

30. I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an bhfaighteoir beartaithe sealúchas cáilitheach a fháil i …

I gcás ina bhfuil sé beartaithe ag an bhfaighteoir beartaithe sealúchas cáilitheach a fháil i spriocghnóthas ar eisitheoir ARTanna é arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 21 de MiCA nó in CASP arna údarú i gcomhréir le hAirteagal 63 den Rialachán sin, ba cheart do sprioc-mhaoirseoirí Teideal II, Caibidil 2, Cuid 9, míreanna 9.1 go 9.3 de Threoirlínte Comhpháirteacha ÚMEnna maidir le QH a chur i bhfeidhm maidir leis an nós imeachta is infheidhme maidir leis an bhfógra a chuir an faighteoir beartaithe isteach.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.