+4.2. Eisiamh ó raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1113 agus maoluithe
---+15. Ba cheart do SSInna agus SSCSanna a leagan amach ina mbeartais agus ina nósanna imeachta conas …
---+16. Ba cheart do SSInna agus SSCSanna caitheamh le haistriú cistí nó cripteashócmhainní mar …
---+17. Ba cheart beartais agus nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm ag SSInna chun aistrithe a bhfuil …
---+18. Ba cheart do SSInna déileáil le haistrithe mar aistrithe nasctha: a) a dhéantar in aon …
---+19. Ba cheart do SSInna an méid seo a leanas a leagan amach ina mbeartais agus ina nósanna …
---+20. Ba cheart do SSInna a chinneadh an bhfuil aistriú nasctha an tráth a ordaíodh nó a tionscnaíodh …

4.2. Eisiamh ó raon feidhme Rialachán (AE) 2023/1113 agus maoluithe

Aistriú cistí agus cripteashócmhainní

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
15. Ba cheart do SSInna agus SSCSanna a leagan amach ina mbeartais agus ina nósanna imeachta conas …

Ba cheart do SSInna agus SSCSanna a leagan amach ina mbeartais agus ina nósanna imeachta conas a chinnfidh siad an gcomhlíontar na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm na n eisiamh nó na maoluithe a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2023/1113. Ba cheart do ‑ SSInna agus SSCSanna nach bhfuil in ann a bhunú go gcomhlíontar na coinníollacha sin Rialachán (AE) 2023/1113 a chomhlíonadh i ndáil le gach aistriú cistí agus cripteashócmhainní.

4.2.1. A chinneadh cé acu a úsáidtear nó nach n úsáidtear cárta, ionstraim nó feiste go heisiach chun íoc as earraí nó seirbhísí dá dtagraítear in Airteagal 2(3), pointe (a), agus (5), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/1113 ‑ Aistriú cistí agus cripteashócmhainní

16. Ba cheart do SSInna agus SSCSanna caitheamh le haistriú cistí nó cripteashócmhainní mar …

Ba cheart do SSInna agus SSCSanna caitheamh le haistriú cistí nó cripteashócmhainní mar íocaíocht ar earraí nó ar sheirbhísí nuair a dhéantar an t-aistriú ó chustaiméir (ceannaitheoir) chuig ceannaí (díoltóir) mar mhalairt ar earraí a cheannach nó ar sheirbhísí a sholáthar. Chun a chinneadh an úsáidtear cárta, ionstraim nó feiste go heisiach chun íoc as earraí nó seirbhísí, ba cheart do SSInna agus SSCSanna a bhunú go gcomhlíontar ceann amháin ar a laghad de na coinníollacha seo a leanas:

  • a) cé acu atá nó nach bhfuil feidhmiúlacht an chárta, na hionstraime nó na feiste a úsáidtear teoranta chun íoc as earraí nó seirbhísí;
  • b) an sanntar cód catagóirithe ceannaí do chustaiméirí, lena n áirítear Cód Catagóire Ceannaí (MCC) scéimeanna cártaí íocaíochta, a úsáidtear chun an cineál earraí nó seirbhísí a dhíoltar a chatagóiriú; ‑
  • c) cibé acu an bhfuil an custaiméir ag gabháil do ghníomhaíocht eacnamaíoch nó ghairmiúil, gan beann ar a fhoirm dhlíthiúil, trí úsáid a bhaint as faisnéis arna bailiú chun críocha Airteagal 13 de Threoir (AE) 2015/849, má tá sí ar fáil, nó as faisnéis atá inrochtana trí sholáthraithe tríú páirtí nó i bhfoinsí atá ar fáil go poiblí; agus
  • d) le hanailís SSI nó SSCS ar threochtaí agus iompraíochtaí, lena n áirítear stair agus patrúin aistrithe, is féidir leis a chinneadh an ndéanann an t-íocóir agus an tionscnóir íocaíochtaí as earraí nó seirbhísí, nó an bhfaigheann an t-íocaí ‑ agus an tairbhí

íocaíochtaí as earraí nó seirbhísí.

4.2.2. Aistrithe nasctha i ndáil leis an tairseach EUR 1 000 dá dtagraítear in Airteagail 2(5), pointe (c), 5(2), 6(2) agus 7(3) de Rialachán (AE) 2023/1113

Aistriú cistí

17. Ba cheart beartais agus nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm ag SSInna chun aistrithe a bhfuil …

Ba cheart beartais agus nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm ag SSInna chun aistrithe a bhfuil an chuma orthu go bhfuil siad nasctha a bhrath.

18. Ba cheart do SSInna déileáil le haistrithe mar aistrithe nasctha: a) a dhéantar in aon …

Ba cheart do SSInna déileáil le haistrithe mar aistrithe nasctha:

  • a) a dhéantar in aon oibríocht amháin nó i roinnt idirbheart; agus
  • b) seolta ag an íocóir céanna chuig an íocaí céanna, laistigh de thréimhse ghearr; nó
  • c) a sheoladh ó íocóir amháin chuig íocaithe éagsúla nó ó íocóirí éagsúla chuig an íocaí céanna laistigh de thréimhse ghearr ama; lena n áirítear cásanna ina n úsáidtear cuntais éagsúla ar leis an duine céanna iad nó ina ndéantar idirbhearta éagsúla atá beartaithe don duine céanna, i gcás ina bhfuil an fhaisnéis ‑ sin ar eolas ag SSI. ‑
19. Ba cheart do SSInna an méid seo a leanas a leagan amach ina mbeartais agus ina nósanna …

Ba cheart do SSInna an méid seo a leanas a leagan amach ina mbeartais agus ina nósanna imeachta:

  • a) cad is tréimhse ghearr ann le haghaidh cineálacha éagsúla aistrithe; Ba cheart do SSInna an tréimhse ama sin a chinneadh ar bhealach atá i gcomhréir leis an riosca ML/TF ar a bhfuil a ngnó neamhchosanta, bunaithe ar na measúnuithe riosca a rinne siad i gcomhréir le Treoirlínte ÚBE maidir le Fachtóirí Riosca ML/TF;5
  • b) conas a shainaithneoidh siad iarrachtaí chun dul timpeall ar an tairseach nó chun brath seachanta a shainaithint; agus
  • c) aon chás eile a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le hidirbhearta nasctha freisin.

5 ÚBE/CP/2023/11.

20. Ba cheart do SSInna a chinneadh an bhfuil aistriú nasctha an tráth a ordaíodh nó a tionscnaíodh …

Ba cheart do SSInna a chinneadh an bhfuil aistriú nasctha an tráth a ordaíodh nó a tionscnaíodh an t-aistriú, agus a dhearbhluachanna á gcur san áireamh, gan beann ar aon mhuirir a thoibhíonn SSI.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.