+90. Chun críocha rioscaí ESG a chomhtháthú ar fud na dtrí líne chosanta i gcomhréir le Roinn 5.4 …
|
90. Chun críocha rioscaí ESG a chomhtháthú ar fud na dtrí líne chosanta i gcomhréir le Roinn 5.4 …
Chun críocha rioscaí ESG a chomhtháthú ar fud na dtrí líne chosanta i gcomhréir le Roinn 5.4: - a) ba cheart go mbeadh an chéad líne chosanta freagrach as idirphlé a bhunú le contrapháirtithe faoina straitéisí aistrithe féin agus as comhsheasmhacht le cuspóirí agus inghlacthacht riosca na hinstitiúide a mheas, bunaithe ar bheartais rannpháirtíochta shoiléire mar atá leagtha amach i mír 109 e(i). Chuige sin, ba cheart d’institiúidí a chinntiú go bhfuil dóthain saineolais agus cumais ag an bhfoireann ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chuireann straitéisí aistrithe contrapháirtithe, lena n áirítear a bpleananna aistrithe nuair a bheidh siad ar fáil, feabhas ar a n athléimneacht i leith rioscaí ESG agus a ailíneoidh le spriocanna na ‑ hinstitiúide; ‑
- b) ba cheart go gcinnteofaí leis an bhfeidhm bainistithe riosca go bhfuil na teorainneacha riosca atá leagtha síos sa ráiteas um inghlacthacht riosca mar chuid den chreat bainistithe riosca comhsheasmhach le gach gné de phlean na hinstitiúide, lena n áirítear beartais earnála;
- c) ba cheart ‑ go ndéanfaí IAF athbhreithniú ar phlean na hinstitiúide mar chuid den
chreat bainistithe riosca agus a mheas an gcomhlíonann sé ceanglais dhlíthiúla agus rialála agus an bhfuil sé comhsheasmhach le straitéis riosca agus inghlacthacht riosca na hinstitiúide maidir le rioscaí ESG. Chuige sin, ba cheart do IAF a mheas cibé an gceadaítear nó nach gceadaítear leis an bplean don institiúid athruithe ar a próifíl riosca a bhrath agus aghaidh a thabhairt orthu, an chaoi a dtugann an institiúid aghaidh ar imeachtaí óna spriocanna, agus cibé ar roghnaíodh agus ar úsáideadh na toimhdí, modheolaíochtaí agus critéir bhunúsacha le hionracas. 6.2.2. Próisis inmheánacha agus cumas
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|