+6.3. Faireachán leanúnach agus sainbhreithiúnas
---+63. Chun stóinseacht a samhlacha a fheabhsú, ba cheart d’institiúidí machnamh a dhéanamh ar …
---+64. Chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh iarmharacha a samhlacha tástála struis, ba cheart …
---+65. Ar bhonn níos ginearálta, ba cheart d’institiúidí sainbhreithiúnas a úsáid agus anailísí …
---+66. Ba cheart d’institiúidí a áirithiú go ndéanfar faireachán rialta ar fhorbairtí suntasacha ina …
---+67. Ba cheart anailís ar chásanna - a dhearadh le hinoiriúnaitheacht agus modúlacht ionas go …

6.3. Faireachán leanúnach agus sainbhreithiúnas

6.3. Faireachán leanúnach agus sainbhreithiúnas

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
63. Chun stóinseacht a samhlacha a fheabhsú, ba cheart d’institiúidí machnamh a dhéanamh ar …

Chun stóinseacht a samhlacha a fheabhsú, ba cheart d’institiúidí machnamh a dhéanamh ar dhúshlán a thabhairt dá gcur chuige calabrúcháin tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • a. a dtorthaí agus a dtoimhdí a chur i gcomparáid le barúlacha seachtracha, lena n -áirítear barúlacha maoirseachta, ó fhoinsí inchreidte chun measúnú a dhéanamh ar chomhsheasmhacht a dtoimhdí agus a dtorthaí féin;
  • b. anailísí íogaireachta a úsáid chun leibhéal cobhsaíochta agus comhsheasmhachta aschuir a samhlacha a thástáil nó chun éifeacht neamhlíneachtaí féideartha nach n -áirítear sna cásanna a shainaithint;
  • c. i gcás ina n- úsáidtear samhail tríú páirtí, a fhíorú go gcomhlíonann creat bailíochtaithe na soláthraithe seachtracha Treoirlínte ÚBE maidir le socruithe seachfhoinsithe.
64. Chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh iarmharacha a samhlacha tástála struis, ba cheart …

Chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh iarmharacha a samhlacha tástála struis, ba cheart d’institiúidí breithniú a dhéanamh ar thionchair na dtosca nach bhféadfaí, ag an gcéim seo, a chomhtháthú ar shlí eile a chur san áireamh (e.g. rioscaí a eascraíonn as slabhra luacha na gcontrapháirtithe, pointí claochlaithe, éifeachtaí tógálachta, etc.), trí thorthaí a samhlacha a choigeartú go coimeádach ar bhonn shainbhreithiúnais.

65. Ar bhonn níos ginearálta, ba cheart d’institiúidí sainbhreithiúnas a úsáid agus anailísí …

Ar bhonn níos ginearálta, ba cheart d’institiúidí sainbhreithiúnas a úsáid agus anailísí cainníochtúla á ndéanamh acu chun sonraí comhshaoil neamhiomlána nó neas -sonraí comhshaoil, easpa comhghaolta stairiúla breathnaithe agus teorainneacha samhla eile a c húiteamh.

66. Ba cheart d’institiúidí a áirithiú go ndéanfar faireachán rialta ar fhorbairtí suntasacha ina …

Ba cheart d’institiúidí a áirithiú go ndéanfar faireachán rialta ar fhorbairtí suntasacha ina dtimpeallacht (lena n áirítear straitéis na gcontrapháirtithe chun déileáil le rioscaí comhshaoil) ionas go mbeidh na cásanna agus na cuir chuige samhaltaithe a úsáidtear fós - ábhartha. Ba cheart a mhinice a dhéantar anailísí ar chásanna a chur in oiriúint do riachtanais agus do chleachtais na n institiúidí.

67. Ba cheart anailís ar chásanna - a dhearadh le hinoiriúnaitheacht agus modúlacht ionas go …

Ba cheart anailís ar chásanna - a dhearadh le hinoiriúnaitheacht agus modúlacht ionas go

mbeifear in ann mionchoigeartuithe leanúnacha a dhéanamh de réir mar a fhorbraíonn an comhshaol agus an t- eolas. Ba cheart d’institiúidí a bheith ar an eolas faoin eolas eolaíoch is déanaí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.