+401. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil sraith …

401. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil sraith …

Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil sraith leordhóthanach táscairí leachtachta agus cistiúcháin ag an institiúid. Ba cheart dóibh an méid seo a leanas seo a chur san áireamh:

  • a. cibé acu an léiríonn nó nach léiríonn na táscairí go leordhóthanach próifíl riosca leachtachta na hinstitiúide, lena n-áirítear méid éagsúlú na sócmhainní sa mhaolán leachtachta agus an chomhsheasmhacht idir ainmniú airgeadra a gcuid sócmhainní leachtacha agus dáileadh de réir airgeadra a n-aschur leachtachta;
  • b. cibé acu an gclúdaíonn nó nach gclúdaíonn na táscairí go leordhóthanach gnéithe lárnacha de riosca leachtachta a bhaineann le rioscaí aill fhéideartha, amhail comhchruinniú aibíochtaí eis-sreafaí (agus aon luath-aistarraingt fhéideartha dliteanas á chur san áireamh) agus cláir tacaíochta an bhainc cheannais;
  • c. cibé an gceadaíonn nó nach gceadaíonn na táscairí leochaileachtaí struchtúracha cistiúcháin atá ag an institiúid a aithint, lena n-áirítear aon chomhchruinnithe i margaí, in airgeadraí, i gcomhpháirtithe conartha, agus in aibíochtaí ar leith;
  • d. cibé an dtugann na táscairí léargas ar ‘righneas’ chistiú na n-institiúidí (neamhspleách ar a nglactar leis sa LCR nó NSFR), lena n-áirítear miondealú ina chatagóirí aonchineálacha de réir a n-airíonna riosca, agus cion na dtaiscí atá lasmuigh de raon feidhme scéime ráthaíochta/árachais.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.