+8.4. Measúnú ar chreat bainistithe agus rialaithe riosca leachtachta agus cistiúcháin
---+393. Chun tuiscint chuimsitheach a bhaint amach ar phróifíl riosca leachtachta agus cistiúcháin na …
---+394. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil straitéis riosca agus …
---+395. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas an cibé acu atá nó nach bhfuil creat eagraíochtúil agus …
---+396. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas cibé acu atá nó nach bhfuil beartais agus nósanna imeachta …
---+397. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht chur chuige na hinstitiúide …
---+398. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil creat agus córais TF …
---+399. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil creat …
---+400. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht an phróisis chun riosca …
---+401. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil sraith …
---+402. ba cheart go mbeadh ar chumas institiúidí a léiriú go ndéantar na táscairí a dhoiciméadú go …

8.4. Measúnú ar chreat bainistithe agus rialaithe riosca leachtachta agus cistiúcháin

8.4. Measúnú ar chreat bainistithe agus rialaithe riosca leachtachta agus cistiúcháin

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
393. Chun tuiscint chuimsitheach a bhaint amach ar phróifíl riosca leachtachta agus cistiúcháin na …

Chun tuiscint chuimsitheach a bhaint amach ar phróifíl riosca leachtachta agus cistiúcháin na hinstitiúide, ba cheart d'údaráis inniúla athbhreithniú a dhéanamh freisin ar an gcreat rialachais agus bainistithe riosca is bun lena riosca leachtachta agus cistiúcháin. Chuige sin, ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar:

  • a. an straitéis riosca leachtachta agus cistiúcháin agus inghlacthacht an riosca leachtachta agus cistiúcháin;
  • b. an creat, beartais agus nósanna imeachta eagraíochtúla;
  • c. sainaithint, tomhas, bainistiú, faireachán agus tuairisciú riosca;
  • d. tástáil struis na hinstitiúide a bhaineann go sonrach le leachtacht/cistiú;
  • e. an creat rialaithe inmheánaigh do bhainistiú an riosca leachtachta agus cistiúcháin;
  • f. pleananna teagmhasacha leachtachta agus pleananna téarnaimh na hinstitiúide;
  • g. pleananna cistiúcháin na hinstitiúide.

Straitéis riosca leachtachta agus cistiúcháin agus inghlacthacht riosca

394. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil straitéis riosca agus …

Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil straitéis riosca agus inghlacthacht leachtachta/cistiúcháin atá slán, leagtha amach go soiléir, doiciméadaithe agus curtha in iúl, formheasta ag an gcomhlacht bainistíochta. Maidir leis an measúnú seo, i measc fachtóirí eile, ba cheart d’údaráis inniúla ról an chomhlachta bainistíochta maidir leis an straitéis riosca agus inghlacthacht leachtachta/cistiúcháin a shocrú, a fhormheas agus a athbhreithniú a chur san áireamh (lena n-áirítear a phríomhthoimhdí bunúsacha), cur i bhfeidhm cuí na straitéise seo ag an gcomhlacht bainistíochta chomh maith lena oiriúnacht don institiúid i bhfianaise a samhail ghnó, a lamháltas riosca foriomlán, a ról sa chóras airgeadais, a riocht airgeadais agus a cumas cistiúcháin.

Creat, beartais agus nósanna imeachta eagraíochtúla

395. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas an cibé acu atá nó nach bhfuil creat eagraíochtúil agus …

Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas an cibé acu atá nó nach bhfuil creat eagraíochtúil agus socruithe rialachais iomchuí ag an institiúid maidir le bainistiú riosca leachtachta agus cistiúcháin, lena n‑áirítear creat láidir ILAAP i gcomhréir le mír 91 de Theideal 5 de na Treoirlínte seo. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú an bhfuil feidhmeanna iomchuí tomhais agus rialaithe curtha i bhfeidhm ag an institiúid, agus an bhfuil acmhainní daonna agus teicniúla leordhóthanacha ann chun na feidhmeanna sin a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm agus chun na cúraimí faireacháin is gá a dhéanamh. Ba cheart rialú an riosca leachtachta agus faireachán ar chórais agus ar phróisis a bheith á rialú ag feidhm neamhspleách.

396. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas cibé acu atá nó nach bhfuil beartais agus nósanna imeachta …

Ba cheart d’údaráis inniúla a mheas cibé acu atá nó nach bhfuil beartais agus nósanna imeachta iomchuí ag an institiúid chun riosca leachtachta agus cistiúcháin a bhainistiú agus cibé acu atá nó nach bhfuil siad sin comhsheasmhach le hinghlacthacht riosca leachtachta na hinstitiúide. Áirítear air seo measúnú ar cibé acu atá nó nach bhfuil na beartais agus na nósanna imeachta sainmhínithe i gceart, curtha ar bhonn foirmiúil agus curtha in iúl go héifeachtach ar fud na hinstitiúide. Ba cheart don chomhlacht bainistíochta na beartais agus na nósanna imeachta a cheadú agus athbhreithniú rialta a dhéanamh orthu, agus ba cheart don ardbhainistíocht iad seo a chur i bhfeidhm.

397. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht chur chuige na hinstitiúide …

Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht chur chuige na hinstitiúide i leith rochtain ar an margadh a choinneáil ina margaí cistiúcháin suntasacha, lena n-áirítear aon tástáil ar rochtain ar an margadh a rinneadh, cur chuige na hinstitiúide i leith láithreacht leanúnach a choinneáil sna margaí (i gcás institiúidí beaga ar leith nó samhlacha gnó speisialaithe, d'fhéadfadh sé nach mbeadh tástáil ar rochtain ar na margaí ábhartha), an cur chuige atá ag an institiúid i leith caidrimh láidre a chothú le soláthraithe cistiúcháin, agus aon fhianaise go leanfadh an institiúid de rochtain leanúnach a bheith aici ar an margadh in amanna struis.

Riosca a shainaithint, a thomhas, a bhainistiú, faireachán a dhéanamh air agus é a thuairisciú

398. Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil creat agus córais TF …

Ba cheart d’údaráis inniúla a mheasúnú cibé acu atá nó nach bhfuil creat agus córais TF iomchuí ag an institiúid chun riosca leachtachta agus cistiúcháin a shainaithint agus a thomhas, i gcomhréir le méid, castacht, inghlacthacht riosca agus cumas glactha riosca na hinstitiúide. Ba cheart dóibh na fachtóirí seo a leanas a chur san áireamh:

  • a. cibé acu atá nó nach bhfuil modhanna iomchuí curtha i bhfeidhm ag an institiúid chun a sreafaí airgid a réamh-mheas in imeacht sraith tréimhsí ama oiriúnacha, trí chásanna gnó mar is gnách agus cásanna struis, agus go cuimsitheach ar fud cúiseanna ábhartha riosca;
  • b. cibé acu an úsáideann nó nach n-úsáideann an institiúid príomhthoimhdí agus príomh-mhodheolaíochtaí iomchuí, a ndéantar athbhreithniú rialta orthu, lena n-aithnítear idirghníomhaíocht idir riosca éagsúla (creidmheasa, margaidh, IRRBB etc.) a eascraíonn as ítimí ar an gclár comhardaithe agus lasmuigh den chlár comhardaithe araon;
  • c. cibé acu an dtuigeann nó nach dtuigeann an institiúid a cumas rochtain a fháil ar ionstraimí airgeadais cibé áit ina sealbhaítear iad, ag féachaint d’aon srianta dlíthiúla, rialála agus oibriúcháin ar a n-úsáid, lena n-áirítear, mar shampla, dorochtaineacht sócmhainní de bharr eire le linn tréimhsí ama éagsúla.
399. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil creat …

Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil creat tuairiscithe cuí ag institiúidí maidir le riosca leachtachta agus cistiúcháin, ar chomhaontaigh an ardbhainistíocht iad. Ba cheart dóibh cáilíocht na gcóras faisnéise agus na sreafaí faisnéise inmheánacha a úsáidtear chun tuairisciú a ghiniúint a chur san áireamh agus cibé acu atá nó nach bhfuil an tuairisciú intuigthe don spriocphobal, cruinn agus inúsáidte (e.g. tráthúil, gan a bheith ró-chasta, laistigh den raon feidhme ceart). Ba cheart an tuairisciú a sholáthar go rialta d'fhaighteoirí cuí (amhail an comhlacht bainistíochta, an ardbhainistíocht nó coiste sócmhainní agus dliteanas).

400. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht an phróisis chun riosca …

Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht an phróisis chun riosca leachtachta ionlae a thomhas, go háirithe i gcás na n-institiúidí sin a ghlacann páirt i gcórais íocaíochta, socraíochta agus imréitigh. Ba cheart dóibh a chur san áireamh cibé acu an ndéanann nó nach ndéanann an institiúid faireachán agus rialú cuí ar shreafaí airgid agus ar acmhainní leachtacha atá ar fáil chun freastal ar riachtanais i gcaitheamh an lae agus ar réamhaisnéisí maidir le cathain a tharlóidh sreafaí airgid i rith an lae, agus an ndéanann nó nach ndéanann an institiúid tástáil struis shonrach chuí ar oibríochtaí laistigh i gcaitheamh an lae, agus forbairtí gnó (e.g. an fhéidearthacht go mbeidh íocaíochtaí meandracha ann) á gcur san áireamh.

401. Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil sraith …

Ba cheart d'údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar cibé acu atá nó nach bhfuil sraith leordhóthanach táscairí leachtachta agus cistiúcháin ag an institiúid. Ba cheart dóibh an méid seo a leanas seo a chur san áireamh:

  • a. cibé acu an léiríonn nó nach léiríonn na táscairí go leordhóthanach próifíl riosca leachtachta na hinstitiúide, lena n-áirítear méid éagsúlú na sócmhainní sa mhaolán leachtachta agus an chomhsheasmhacht idir ainmniú airgeadra a gcuid sócmhainní leachtacha agus dáileadh de réir airgeadra a n-aschur leachtachta;
  • b. cibé acu an gclúdaíonn nó nach gclúdaíonn na táscairí go leordhóthanach gnéithe lárnacha de riosca leachtachta a bhaineann le rioscaí aill fhéideartha, amhail comhchruinniú aibíochtaí eis-sreafaí (agus aon luath-aistarraingt fhéideartha dliteanas á chur san áireamh) agus cláir tacaíochta an bhainc cheannais;
  • c. cibé an gceadaíonn nó nach gceadaíonn na táscairí leochaileachtaí struchtúracha cistiúcháin atá ag an institiúid a aithint, lena n-áirítear aon chomhchruinnithe i margaí, in airgeadraí, i gcomhpháirtithe conartha, agus in aibíochtaí ar leith;
  • d. cibé an dtugann na táscairí léargas ar ‘righneas’ chistiú na n-institiúidí (neamhspleách ar a nglactar leis sa LCR nó NSFR), lena n-áirítear miondealú ina chatagóirí aonchineálacha de réir a n-airíonna riosca, agus cion na dtaiscí atá lasmuigh de raon feidhme scéime ráthaíochta/árachais.
402. ba cheart go mbeadh ar chumas institiúidí a léiriú go ndéantar na táscairí a dhoiciméadú go …

ba cheart go mbeadh ar chumas institiúidí a léiriú go ndéantar na táscairí a dhoiciméadú go leordhóthanach, a athbhreithniú go tréimhsiúil, a úsáid mar ionchuir chun inghlacthacht riosca na hinstitiúide a shainiú, gur cuid iad den tuairisciú bainistíochta agus go n-úsáidtear iad chun teorainneacha oibriúcháin a shocrú.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.