+Teideal III- Forálacha maidir le meastachán a dhéanamh ar chostais agus caillteanais bhliantúla chomhiomlánaithe i ndáil le mórtheagmhais a bhaineann le TFC
---+5. Ba cheart d’eintitis airgeadais costais agus caillteanais bhliantúla chomhiomlána i ndáil le …
---+6. Ba cheart d’eintitis airgeadais a áireamh sa mheastachán gach teagmhas a bhaineann le TFC a …
---+7. Ba cheart d’eintitis airgeadais meastachán a dhéanamh ar na costais agus na caillteanais …
---+8. Mar bhonn do na meastacháin, ba cheart d’eintitis airgeadais tagairt a dhéanamh do na costais …
---+9. Ba cheart d’eintitis airgeadais coigeartuithe ar chostais agus caillteanais meastacháin a chuir …
---+10. Ba cheart d’eintitis airgeadais miondealú ar ollchostais agus ar ollchaillteanais agus ar …
---+11. Ba cheart d’eintitis airgeadais an teimpléad san Iarscríbhinn a úsáid chun meastachán ar a …
|
Teideal III- Forálacha maidir le meastachán a dhéanamh ar chostais agus caillteanais bhliantúla chomhiomlánaithe i ndáil le mórtheagmhais a bhaineann le TFC
Teideal III- Forálacha maidir le meastachán a dhéanamh ar chostais agus caillteanais bhliantúla chomhiomlánaithe i ndáil le mórtheagmhais a bhaineann le TFC
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
5. Ba cheart d’eintitis airgeadais costais agus caillteanais bhliantúla chomhiomlána i ndáil le …
|
Ba cheart d’eintitis airgeadais costais agus caillteanais bhliantúla chomhiomlána i ndáil le mórtheagmhais a bhaineann le TFC a mheas trí na costais agus na caillteanais a chomhiomlánú i ndáil le mórtheagmhais a bhaineann le TFC a thagann laistigh den bhliain tagartha ar iarr an t-údarás inniúil an meastachán ina leith. Féadfaidh an t-eintiteas airgeadais a roghnú cé acu ba cheart nó nár cheart an bhliain tagartha a bheith ag teacht leis an mbliain féilire a cuireadh i gcrích, nó le bliain chuntasaíochta an eintitis airgeadais a bhfuil a ráitis airgeadais tugtha chun críche ag an eintiteas airgeadais ina leith. A luaithe a chinnfidh eintiteas airgeadais cé acu an soláthróidh sé an meastachán bunaithe ar an mbliain féilire nó ar a bhliain chuntasaíochta, ba cheart cinneadh den sórt sin a chur i bhfeidhm maidir le meastacháin amach anseo ar chostais agus caillteanais bhliantúla chomhiomlánaithe. Féadfaidh an t-eintiteas airgeadais an cinneadh sin a athrú trí fhógra a thabhairt don údarás inniúil, agus ar choinníoll nach gcuireann an t-údarás inniúil ina choinne laistigh de dhá mhí tar éis an fógra a fháil. Níor cheart d’eintitis airgeadais costais agus caillteanais a bhaineann leis na teagmhais sin a thagann roimh an mbliain tagartha sin nó ina diaidh a áireamh.
|
|
6. Ba cheart d’eintitis airgeadais a áireamh sa mheastachán gach teagmhas a bhaineann le TFC a …
|
Ba cheart d’eintitis airgeadais a áireamh sa mheastachán gach teagmhas a bhaineann le TFC a aicmíodh, beag beann ar an gcúis, mar mhórtheagmhais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún [OJ L, 2024/1772, 25.6.2024]5 maidir le haicmiú teagmhais agus - (a) ar chuir an t-eintiteas airgeadais tuarascáil chríochnaitheach isteach ina leith i gcomhréir le hAirteagal 19(4)(c) de Rialachán (AE) 2022/2554 sa bhliain tagartha ábhartha, nó
- (b) aon teagmhas ar chuir an t-eintiteas airgeadais tuarascáil chríochnaitheach isteach ina leith sna blianta tagartha roimhe sin i gcomhréir le hAirteagal 19(4)(c) de Rialachán (AE) 2022/2554 a raibh tionchar airgeadais inchainníochtaithe aige ar an eintiteas airgeadais sa bhliain tagartha ábhartha.
5 Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/1772 ón gCoimisiún an 13 Márta 2024 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir maidir le haicmiú teagmhas a bhaineann le TFC agus cibearbhagairtí, lena leagtar amach tairseacha ábharthachta agus lena sonraítear sonraí tuairiscithe mórtheagmhas, [ OJ L, 2024/1772, 25.6.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/1772/oj ]
|
|
7. Ba cheart d’eintitis airgeadais meastachán a dhéanamh ar na costais agus na caillteanais …
|
Ba cheart d’eintitis airgeadais meastachán a dhéanamh ar na costais agus na caillteanais bhliantúla chomhiomlánaithe trí na céimeanna seicheamhacha seo a leanas a chur i bhfeidhm: - (a) meastachán a dhéanamh ar chostais agus caillteanais gach mórtheagmhais a bhaineann le TFC dá dtagraítear i mír 6 ina aonar. Ba cheart na hollchostais agus na hollchaillteanais a bheith mar thoradh ar na meastacháin sin agus na cineálacha costas agus caillteanas á gcur san áireamh mar a leagtar amach in Airteagal 7(1) agus (2) den Rialachán Tarmligthe ón gCoimisiún [OJ L, 2024/1772, 25.6.2024];
- (b) maidir le gach mórtheagmhas a bhaineann le TFC, ba cheart d’eintitis airgeadais meastachán a dhéanamh freisin ar na haisghabhálacha airgeadais mar a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme ón gCoimisiún [ OJ L, 2025/302, 20.2.2025 ]6 ;
- (c) ba cheart d’eintitis airgeadais comhiomlánú a dhéanamh ar na hollchostais agus ar na hollchaillteanais, agus ar na haisghabhálacha airgeadais thar mhórtheagmhais a bhaineann le TFC.
6 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/302 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2024 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2022/2554 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na foirmeacha, na teimpléid agus na nósanna imeachta caighdeánacha d’eintitis airgeadais chun mórtheagmhas a bhaineann le TFC a thuairisciú agus chun fógra a thabhairt faoi chibearbhagairt shuntasach, [ OJ L, 2025/302, 20.2.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/302/oj ]
|
|
8. Mar bhonn do na meastacháin, ba cheart d’eintitis airgeadais tagairt a dhéanamh do na costais …
|
Mar bhonn do na meastacháin, ba cheart d’eintitis airgeadais tagairt a dhéanamh do na costais, na caillteanais agus na haisghabhálacha airgeadais a léirítear ina ráitis airgeadais, amhail an cuntas brabúis agus caillteanais, nó i gcás inarb infheidhme ina dtuairisciú maoirseachta na bliana tagartha ábhartha. Ina meastachán, ba cheart d’eintitis airgeadais forálacha cuntasaíochta a chur san áireamh freisin a léirítear ina ráitis airgeadais, amhail cuntas brabúis agus caillteanais na bliana tagartha ábhartha. I gcás nach bhfuil sonraí cruinne ar fáil, ba cheart d’eintitis airgeadais a meastachán a bhunú ar shonraí agus ar fhaisnéis eile atá ar fáil a mhéid is féidir.
|
|
9. Ba cheart d’eintitis airgeadais coigeartuithe ar chostais agus caillteanais meastacháin a chuir …
|
Ba cheart d’eintitis airgeadais coigeartuithe ar chostais agus caillteanais meastacháin a chuir siad isteach le haghaidh bliain roimhe sin a chur san áireamh sa mheastachán ar an mbliain tagartha ábhartha ina ndéantar na coigeartuithe.
|
|
10. Ba cheart d’eintitis airgeadais miondealú ar ollchostais agus ar ollchaillteanais agus ar …
|
Ba cheart d’eintitis airgeadais miondealú ar ollchostais agus ar ollchaillteanais agus ar aisghabhálacha airgeadais le haghaidh gach mórtheagmhais a bhaineann le TFC a cuireadh san áireamh sa chomhiomlánú a chur san áireamh freisin sa tuarascáil ar a meastachán ar na costais agus ar na caillteanais bhliantúla chomhiomlánaithe.
|
|
11. Ba cheart d’eintitis airgeadais an teimpléad san Iarscríbhinn a úsáid chun meastachán ar a …
|
Ba cheart d’eintitis airgeadais an teimpléad san Iarscríbhinn a úsáid chun meastachán ar a gcostais agus ar a gcaillteanais bhliantúla chomhiomlánaithe le haghaidh na bliana tagartha a chur faoi bhráid an údaráis inniúil. Maidir le gach mír faoi mhíreanna 6 agus 9 a áirítear sa mheastachán ar an mbliain tagartha, ba cheart d’eintitis airgeadais na cóid tagartha teagmhais chéanna a sholáthraíonn an t-eintiteas airgeadais a úsáid agus a úsáidtear sa tuarascáil deiridh i gcomhréir le hAirteagal 19(4)(c) de Rialachán (AE) 2022/2554.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- EBA -
EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.
DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.
|