+Prionsabail agus breithnithe modheolaíochta
---+30. Ag brath ar shofaisticiúlacht an chur chuige, d’fhéadfadh cásanna a bheith i bhfoirm insintí …
---+31. Féadfaidh údaráis inniúla a chinneadh na cásanna céanna a chur i bhfeidhm maidir le gach …
---+32. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar fhiúntas cur chuige ó bharr anuas i …
---+33. Agus cur chuige ó bhun aníos á úsáid acu, ba cheart d’údaráis inniúla creataí modheolaíochta …
---+34. D’fhéadfaí smaoineamh ar chur chuige hibrideach a ghlacadh, d’fhonn láidreachtaí an dá …
---+35. Agus cinneadh á dhéanamh acu maidir leis an leibhéal gráinneachta, ba cheart do na húdaráis …
---+36. Ar a laghad, ba cheart do na húdaráis inniúla na gnéithe gráinneachta seo a leanas a mheas: a. …
---+37. Ba cheart d’údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir leis an leibhéal iomchuí gráinneachta …
---+38. Chun anailís a dhéanamh ar chistí, féadfaidh údaráis inniúla breithniú a dhéanamh, nuair is …
---+39. Maidir le tástálacha struis CSR, ba cheart d’údaráis inniúla tosú trí chur chuige an chláir …
---+40. Maidir le cleachtaí a bhfuil tréimhsí ama meántéarmacha agus fadtéarmacha acu, d’fhéadfaí cur …
---+41. I bhfianaise na héiginnteachta a bhaineann le conairí aistrithe, forbairtí beartais agus …
---+42. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht bhainistíochta a aithníonn eintitis …
---+43. Ba cheart do na húdaráis inniúla sampla iomchuí na n ‑ eintiteas airgeadais a shainiú chun …
---+44. Ba cheart d’údaráis inniúla breithniú a dhéanamh freisin ar chleachtaí spriocdhírithe a …
---+45. Ba cheart do na húdaráis inniúla prionsabail na comhréireachta a chur i bhfeidhm, lena …
---+46. I bhfianaise na luathchéime d’fhorbairt shamhaltú tástála struis CSR agus na hinfhaighteacht …
---+47. Ba cheart d’údaráis inniúla a aithint go bhfuil teorainneacha bunúsacha ag baint le gach …
---+48. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go ndéantar acmhainní daonna agus ábhartha …
---+49. Ba cheart cumais bhainistíochta agus bailithe sonraí a bheith ag na húdaráis inniúla lena …
---+50. Ba cheart do na húdaráis inniúla amlínte iomchuí a leagan síos chun tástálacha struis CSR agus …
---+51. Ba cheart an próiseas a struchtúrú d’fhonn anailís éifeachtúil, cumarsáid chomhsheasmhach …
---+52. I gcás cleachtaí ó bharr anuas, ba cheart do na húdaráis inniúla brath, a mhéid is féidir, ar …
---+53. I gcás inarb ann do bhearnaí sonraí, ba cheart do na húdaráis inniúla úsáid ionadaí réasúnta …
---+54. Ba cheart dianphróiseas dearbhaithe cáilíochta a chur chun feidhme chun cruinneas …
---+55. Ba cheart d’údaráis inniúla idirphlé éifeachtach agus struchtúrtha a choinneáil ar bun le …
---+56. I gcás inarb ábhartha agus inar féidir, ba cheart d’údaráis inniúla comhordú a dhéanamh ar fud …

Prionsabail agus breithnithe modheolaíochta

Prionsabail agus breithnithe modheolaíochta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
30. Ag brath ar shofaisticiúlacht an chur chuige, d’fhéadfadh cásanna a bheith i bhfoirm insintí …

Ag brath ar shofaisticiúlacht an chur chuige, d’fhéadfadh cásanna a bheith i bhfoirm insintí simplí nó réamh-mheastacháin chainníochtúla níos mionsonraithe.

31. Féadfaidh údaráis inniúla a chinneadh na cásanna céanna a chur i bhfeidhm maidir le gach …

Féadfaidh údaráis inniúla a chinneadh na cásanna céanna a chur i bhfeidhm maidir le gach eintiteas airgeadais le haghaidh inchomparáideachta nó cásanna a chur in oiriúint do chatagóirí sonracha eintiteas airgeadais, agus a bpróifílí riosca agus a samhlacha gnó á gcur san áireamh.

Cur chuige ó bharr anuas i gcomparáid le cur chuige ó bhun aníos

32. Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar fhiúntas cur chuige ó bharr anuas i …

Ba cheart d’údaráis inniúla measúnú a dhéanamh ar fhiúntas cur chuige ó bharr anuas i gcomparáid le cur chuige ó bhun aníos, agus an modh is oiriúnaí á roghnú acu bunaithe ar na cuspóirí sonracha, ar aibíocht eintiteas airgeadais i dtástáil struis CSR, agus ar chineál na neamhchosaintí a chumhdaítear leis an measúnú, agus na breithnithe seo a leanas á gcur san áireamh:

  • ▪ Le cur chuige ó bharr anuas, ina ndéanann údaráis inniúla tionchair na gcásanna tástála struis a ríomh go lárnach, áirithítear leibhéal áirithe inchomparáideachta ar fud na n ‑ eintiteas airgeadais agus cuirtear smacht níos láidre ar an bpróiseas agus ar an modheolaíocht ar fáil d’údaráis inniúla, rud lena laghdaítear an t ‑ ualach ar an tionscal.
  • ▪ Le cur chuige ó bhun aníos, ina ríomhtar eintitis airgeadais tionchar na gcásanna tástála struis iad féin, cuirtear leibhéal níos airde gráinneachta ar fáil, rud a fhágann gur féidir eilimintí neamhghnácha a bhaineann go sonrach le roinnt punanna, contrapháirtithe agus neamhchosaintí a ghabháil. Cothaíonn sé freisin rannpháirtíocht níos mó sa phróiseas tástála struis agus cuidíonn sé le fothú acmhainní na n ‑ eintiteas airgeadais a fheabhsú.
33. Agus cur chuige ó bhun aníos á úsáid acu, ba cheart d’údaráis inniúla creataí modheolaíochta …

Agus cur chuige ó bhun aníos á úsáid acu, ba cheart d’údaráis inniúla creataí modheolaíochta soiléire a bhunú chun comhsheasmhacht agus cothrom iomaíochta a áirithiú ar fud na n ‑ eintiteas airgeadais, lena n ‑ áirítear breithnithe comhréireachta maidir leis na hionchais i dtaca le sofaisticiúlacht a ríomha tionchair.

34. D’fhéadfaí smaoineamh ar chur chuige hibrideach a ghlacadh, d’fhonn láidreachtaí an dá …

D’fhéadfaí smaoineamh ar chur chuige hibrideach a ghlacadh, d’fhonn láidreachtaí an dá mhodheolaíocht a ghiaráil. Féadfaidh na húdaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcur chuige iomchuí bunaithe ar infhaighteacht sonraí agus ar úinéireacht na samhla, ag cur san áireamh go bhféadfadh gá a bheith le sonraí agus samhaltú níos mionsonraithe i bpunanna nó i ngníomhaíochtaí sonracha, amhail riosca frithgheallta, mar shampla, ná mar is féidir i gcás cur chuige ó bharr anuas. Leibhéal gráinneachta

35. Agus cinneadh á dhéanamh acu maidir leis an leibhéal gráinneachta, ba cheart do na húdaráis …

Agus cinneadh á dhéanamh acu maidir leis an leibhéal gráinneachta, ba cheart do na húdaráis inniúla cothromaíocht iomchuí a bhaint amach idir simplíocht agus beachtas, agus infhaighteacht sonraí, cáilíocht agus aibíocht mhodheolaíochta á gcur san áireamh. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le sonraí ní ba mhionsonraithe chun, mar shampla, tionchair riosca aistrithe ar leibhéal na gníomhaíochta nó an eintitis nó tionchair réigiúnacha/áitiúla rioscaí fisiceacha a ghabháil go hiomchuí.

36. Ar a laghad, ba cheart do na húdaráis inniúla na gnéithe gráinneachta seo a leanas a mheas: a. …

Ar a laghad, ba cheart do na húdaráis inniúla na gnéithe gráinneachta seo a leanas a mheas:

  • a. Leibhéal punainne: Difreáil de réir cineál sócmhainní (e.g. iasachtaí corparáideacha, morgáistí, neamhchosaintí ceannasacha, sealúchais cothromais agus bannaí corparáideacha).
  • b. Leibhéal earnála: Aicmiú bunaithe ar earnáil tionscail (e.g. tionscail ardcharbóin, fuinneamh, réadmhaoin, talmhaíocht). I gcás earnálacha sonracha, féadfar iniúchadh a dhéanamh ar ghráinneacht níos airde (e.g. cumhacht leictreach, earnáil a mbíonn tionchar ag teicneolaíocht cheannródaíoch uirthi, tionscail atá bunaithe ar bhreoslaí iontaise). I gcás réadmhaoine, féadfar idirdhealú a fhiosrú idir neamhchosaintí ar eastát réadach tráchtála agus cónaithe.
  • c. Leibhéal geografach: Idirdhealú de réir réigiúin (e.g. leibhéal NUTS 3 [aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh]) chun measúnú a dhéanamh ar neamhchosaint ar rioscaí CSR a bhaineann go sonrach le suíomh, go háirithe rioscaí fisiceacha.
  • d. Leibhéal an chontrapháirtí: Gráinneacht de réir oibleagáideoir aonair nó grúpaí oibleagáideoirí i gcás inarb ann do rioscaí comhchruinnithe suntasacha.
  • e. Catagóir riosca: Rioscaí fisiceacha (guaiseacha aeráide géara agus ainsealacha), rioscaí aistrithe (athruithe beartais, teicneolaíochta agus margaidh), agus tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais eile (e.g. cailliúint bithéagsúlachta, truailliú, rioscaí sóisialta agus rialachais) a shainaithint ar leithligh.
37. Ba cheart d’údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir leis an leibhéal iomchuí gráinneachta …

Ba cheart d’údaráis inniúla cinneadh a dhéanamh maidir leis an leibhéal iomchuí gráinneachta sonraí ag brath ar an gcineál sócmhainne/punainne agus ar chuspóir an chleachtaidh. Mar shampla, i gcás neamhchosaintí ceannasacha d’fhéadfadh leibhéal tíre a bhei th leordhóthanach, agus i gcás punanna iasachtaithe nó frithgheallta, ba cheart iniúchadh a dhéanamh ar ghráinneacht réigiúnach suas le sonraí geoshuímh ar a laghad chun measúnú a dhéanamh ar riosca fisiciúil.

38. Chun anailís a dhéanamh ar chistí, féadfaidh údaráis inniúla breithniú a dhéanamh, nuair is …

Chun anailís a dhéanamh ar chistí, féadfaidh údaráis inniúla breithniú a dhéanamh, nuair is féidir agus nuair atá sé comhsheasmhach leis an rialachán earnála is infheidhme, ach cur chuige na trédhearcachta a ghlacadh maidir le sealúchais cistí.

Toimhdí maidir leis an gclár comhardaithe

39. Maidir le tástálacha struis CSR, ba cheart d’údaráis inniúla tosú trí chur chuige an chláir …

Maidir le tástálacha struis CSR, ba cheart d’údaráis inniúla tosú trí chur chuige an chláir comhardaithe stataigh a ghlacadh, ar cur chuige é a chuirtear i bhfeidhm go coitianta i dtástálacha struis traidisiúnta. Mar sin féin, féadfaidh siad tionchair struchtúracha phlean aistrithe na n ‑ eintiteas airgeadais a mheas, i gcás inarb indéanta agus inarb infheidhme, ag brath ar an tréimhse ama.

40. Maidir le cleachtaí a bhfuil tréimhsí ama meántéarmacha agus fadtéarmacha acu, d’fhéadfaí cur …

Maidir le cleachtaí a bhfuil tréimhsí ama meántéarmacha agus fadtéarmacha acu, d’fhéadfaí cur chuige dinimiciúil i leith an chláir comhardaithe (le srianta nó gan iad) a ghlacadh chun réadúlacht ní b’fhearr a áirithiú, a d’fhéadfadh díriú ar phríomhmhírean na an chláir comhardaithe, lena léirítear athruithe ar chomhdhéanamh punainne (neamhchosaintí atá ag teacht chun cinn, ath-leithdháileadh sócmhainní agus gníomhaíochtaí maolaithe riosca mar fhreagairt ar shuaití a bhaineann le CSR).

41. I bhfianaise na héiginnteachta a bhaineann le conairí aistrithe, forbairtí beartais agus …

I bhfianaise na héiginnteachta a bhaineann le conairí aistrithe, forbairtí beartais agus freagairtí margaidh, ba cheart do na húdaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar cheangal a chur ar eintitis airgeadais údar a thabhairt lena bhfreagairtí pleanáilte, lena n ‑ áiritheofar go mbeidh coigeartuithe ar an gclár comhardaithe – amhail athdháileadh punainne, athruithe ar bheartais iasachtaithe nó frithgheallta, nó athruithe ar struchtúir chistiúcháin – réadúil agus comhsheasmhach lena straitéisí aistrithe a nochtar go poiblí.

42. Ba cheart measúnú a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht bhainistíochta a aithníonn eintitis …

Ba cheart measúnú a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht bhainistíochta a aithníonn eintitis airgeadais bunaithe ar a n ‑ indéantacht, ar a dtráthúlacht agus ar na hiarmhairtí neamhbheartaithe a d’fhéadfadh a bheith ann, agus spleáchas iomarcach ar thoimhdí dóchasa cha á sheachaint. Ba cheart do na húdaráis inniúla a áirithiú go gcuirfear feabhas ar réalachas agus ar chineál réamhbhreathnaitheach na dtástálacha struis CSR le cur chuige dinimiciúil i leith an chláir comhardaithe le srianta ach pleananna inchreidte agus freagairtí bainistíochta a ionchorprú, agus coimircí íosta á gcoinneáil i gcoinne solúbthacht iomarcach i dtoimhdí agus inchomparáideacht i dtaobh thorthaí na dtástálacha struis á bhfeabhsú ag an am céanna.

Sampla d’eintitis airgeadais

43. Ba cheart do na húdaráis inniúla sampla iomchuí na n ‑ eintiteas airgeadais a shainiú chun …

Ba cheart do na húdaráis inniúla sampla iomchuí na n ‑ eintiteas airgeadais a shainiú chun páirt a ghlacadh i dtástáil struis CSR agus/nó in anailís ar chásanna CSR, lena n ‑ áiritheofar cumhdach leordhóthanach earnála/margaidh, agus na cuspóirí sonraithe agus, i gcás measúnuithe téamacha, fócas an chleachtaidh á gcur san áireamh. Ba cheart dearadh na tástála struis a oiriúnú, i gcás inar gá, chun saintréithe na gcatagóirí éagsúla d’eintitis airgeadais a léiriú.

44. Ba cheart d’údaráis inniúla breithniú a dhéanamh freisin ar chleachtaí spriocdhírithe a …

Ba cheart d’údaráis inniúla breithniú a dhéanamh freisin ar chleachtaí spriocdhírithe a dhéanamh ar fhothacair shonracha eintiteas d’fhonn aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí ar leith nó ar threochtaí riosca CSR atá ag teacht chun cinn.

Comhréireacht

45. Ba cheart do na húdaráis inniúla prionsabail na comhréireachta a chur i bhfeidhm, lena …

Ba cheart do na húdaráis inniúla prionsabail na comhréireachta a chur i bhfeidhm, lena gceadaítear simplithe modheolaíochta i dtaca le méid, cineál agus castacht ghníomhaíochtaí na n ‑ eintiteas airgeadais, chomh maith le hábharthacht na rioscaí. Ba cheart prionsabal na comhréireachta a leathnú chuig ceanglais tuairiscithe, dearadh cásanna agus ionchais samhaltaithe, lena n ‑ áiritheofar cothromaíocht leordhóthanach idir stóinseacht anailíseach agus indéantacht phraiticiúil.

46. I bhfianaise na luathchéime d’fhorbairt shamhaltú tástála struis CSR agus na hinfhaighteacht …

I bhfianaise na luathchéime d’fhorbairt shamhaltú tástála struis CSR agus na hinfhaighteacht sonraí, féadfaidh na húdaráis inniúla breithniú a dhéanamh ar raon feidhme na hanailíse a theorannú, cothromaíocht leordhóthanach costais is tairbhe a áirithiú d’údaráis inniúla agus do na heintitis airgeadais araon.

Teorainneacha na samhla

47. Ba cheart d’údaráis inniúla a aithint go bhfuil teorainneacha bunúsacha ag baint le gach …

Ba cheart d’údaráis inniúla a aithint go bhfuil teorainneacha bunúsacha ag baint le gach samhail, agus tá feidhm aige sin go háirithe maidir le samhlacha CSR atá ag teacht chun cinn. I gcás tástáil struis ó bhun aníos, chun na teorainneacha sin a mhaolú, agus chun stóinseacht agus inchreidteacht thástáil struis agus anailís athléimneachta CSR a fheabhsú, ba cheart anailís chomhlántach a úsáid chun torthaí a chros-bhailíochtú agus a n ‑ inchreidteacht a áirithiú, teicnící tagarmharcála a úsáid, agus torthaí a chros-bhailíochtú le modheolaíochtaí malartacha.

48. Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go ndéantar acmhainní daonna agus ábhartha …

Ba cheart d’údaráis inniúla a áirithiú go ndéantar acmhainní daonna agus ábhartha leordhóthanacha a shannadh don phróiseas. Áirítear leis sin rannpháirtíocht bhuan nó ad hoc foirne a bhfuil saineolas acu ar mheasúnú riosca CSR, ar mhodheolaíochtaí tástála struis, agus ar mhaoirseacht airgeadais.

49. Ba cheart cumais bhainistíochta agus bailithe sonraí a bheith ag na húdaráis inniúla lena …

Ba cheart cumais bhainistíochta agus bailithe sonraí a bheith ag na húdaráis inniúla lena dtacaítear le rochtain ar shonraí ardcháilíochta CSR. Ba cheart dóibh freisin bonneagar TF a fhorbairt agus a chothabháil lenar féidir sonraí a bhailiú go héifeachtúil, cás leordhóthanach a chinneadh, agus anailís a dhéanamh ar thorthaí.

Amlínte don chleachtadh

50. Ba cheart do na húdaráis inniúla amlínte iomchuí a leagan síos chun tástálacha struis CSR agus …

Ba cheart do na húdaráis inniúla amlínte iomchuí a leagan síos chun tástálacha struis CSR agus anailísí ar chásanna a dhéanamh, agus cothromaíocht á baint amach idir an gá atá le hiomláine agus cruinneas agus ceanglais an phróisis cinnteoireachta. Ba cheart am leordhóthanach um ullmhúchán a thabhairt d’eintitis airgeadais chun faisnéis ábhartha a thiomsú agus a measúnuithe a dhéanamh agus, ag an am céanna, é a chur ar a gcumas d’údaráis inniúla athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh agus tuairisciú cruinn a áirithiú.

51. Ba cheart an próiseas a struchtúrú d’fhonn anailís éifeachtúil, cumarsáid chomhsheasmhach …

Ba cheart an próiseas a struchtúrú d’fhonn anailís éifeachtúil, cumarsáid chomhsheasmhach torthaí agus comhtháthú sa chreat maoirseachta níos leithne a éascú.

Bailiú sonraí

52. I gcás cleachtaí ó bharr anuas, ba cheart do na húdaráis inniúla brath, a mhéid is féidir, ar …

I gcás cleachtaí ó bharr anuas, ba cheart do na húdaráis inniúla brath, a mhéid is féidir, ar thuairisciú rialála agus creataí nochta atá ann cheana agus acmhainní seachtracha a ghiaráil i gcás inarb ábhartha. Féadfaidh siad bailiúcháin sonraí ad hoc a mheas mar fhoinse riachtanach chomhlántach faisnéise. Ba cheart an fhaisnéis a bhailítear a bheith teoranta don fhaisnéis a úsáidtear le haghaidh na n ‑ anailísí agus an bhailíochtaithe.

53. I gcás inarb ann do bhearnaí sonraí, ba cheart do na húdaráis inniúla úsáid ionadaí réasúnta …

I gcás inarb ann do bhearnaí sonraí, ba cheart do na húdaráis inniúla úsáid ionadaí réasúnta, meastachán réasúnta agus breithiúnas saineolach a chur chun cinn, agus eintitis airgeadais á spreagadh ag an am céanna chun feabhas a chur ar chumais sonraí inmheánacha le himeacht ama.

Próiseas dearbhaithe cáilíochta

54. Ba cheart dianphróiseas dearbhaithe cáilíochta a chur chun feidhme chun cruinneas …

Ba cheart dianphróiseas dearbhaithe cáilíochta a chur chun feidhme chun cruinneas, comhsheasmhacht agus iontaofacht thorthaí na tástála struis a fhíorú. Ba cheart do na húdaráis inniúla sásraí athbhreithnithe a bhunú (e.g. tagarmharcáil nó athbhreithnithe piaraí) chun measúnú a dhéanamh ar cháilíocht sonraí, ar stóinseacht modheolaíochta, agus, i gcás inarb iomchuí, ar leordhóthanacht cáis. I gcás inar gá, ba cheart breithiúnas saineolaithe a bheith ina chomhlánú ar thorthaí cainníochtúla d’fhonn teorainnea cha samhla a mhaolú.

Idirphlé éifeachtach le heintitis airgeadais

55. Ba cheart d’údaráis inniúla idirphlé éifeachtach agus struchtúrtha a choinneáil ar bun le …

Ba cheart d’údaráis inniúla idirphlé éifeachtach agus struchtúrtha a choinneáil ar bun le heintitis airgeadais le linn an phróisis tástála struis. Áirítear leis sin treoraíocht shoiléir a sholáthar maidir le hionchais, rannpháirtíocht ag príomhchéimeanna a éascú, agus a áirithiú go mbeidh an deis ag eintitis airgeadais gnéithe modheolaíochta a shoiléiriú. Le hidirghníomhaíocht thráthrialta, cuirfear feabhas ar inchreidteacht an chleachtaidh agus ar chumas eintiteas airgeadais breithnithe riosca CSR a ionchorprú ina gcreataí bainistíochta riosca féin.

Comhordú trasteorann agus comhordú ar fud an chórais

56. I gcás inarb ábhartha agus inar féidir, ba cheart d’údaráis inniúla comhordú a dhéanamh ar fud …

I gcás inarb ábhartha agus inar féidir, ba cheart d’údaráis inniúla comhordú a dhéanamh ar fud dlínsí chun cur chuige comhchuibhithe a cheadú maidir le tástáil struis CSR do ghrúpaí airgeadais trasteorann. Áirítear leis sin comhoibriú le húdaráis mhaoirseachta eile chun modheolaíochtaí a ailíniú, dea-chleachtais a roinnt, agus ilroinnt rialála a sheachaint.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • EBA -

    EN: Guidelines and other publications of the European Banking Authority (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Reproduction is authorised provided the source is acknowledged (EBA legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the versions published by the EBA are authoritative.

    DE: Leitlinien und weitere Veröffentlichungen der Europäischen Bankenaufsichtsbehörde (EBA), https://www.eba.europa.eu/. © European Banking Authority. Wiedergabe mit Quellenangabe gestattet (Rechtlicher Hinweis der EBA). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Maßgeblich sind allein die von der EBA veröffentlichten Fassungen.