+Airteagal 8 Fógra a thabhairt faoi oibríochtaí trasteorann agus an dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm
---+Airteagal 8 1
---+Airteagal 8 2
---+Airteagal 8 3
---+Airteagal 8 4
---+Airteagal 8 5
---+Airteagal 8 6
|
Airteagal 8 Fógra a thabhairt faoi oibríochtaí trasteorann agus an dlí náisiúnta a chur i bhfeidhm
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1
|
1. Eintitis faoi oibleagáid ar mian leo gníomhaíochtaí a dhéanamh laistigh de chríoch Ballstáit eile den chéad uair, tabharfaidh siad fógra do mhaoirseoirí a mBallstát baile faoi na gníomhaíochtaí atá beartaithe acu a dhéanamh sa Bhallstát eile sin. Cuirfear an fógra sin isteach a luaithe a dhéanfaidh an t-eintiteas faoi oibleagáid bearta chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh, agus, i gcás bunaíochtaí, tráth nach déanaí ná 3 mhí sula gcuirfear tús leis na gníomhaíochtaí sin. Tabharfaidh eintitis faoi oibleagáid fógra láithreach do mhaoirseoirí a mBallstát baile nuair a chuirfear tús leis na gníomhaíochtaí sin sa Bhallstát eile sin.
Ní bheidh feidhm ag an gcéad fhomhír maidir le heintitis faoi oibleagáid atá faoi réir nósanna imeachta sonracha um fhógra a thabhairt d’fheidhmiú na saoirse bunaíochta agus na saoirse chun seirbhísí a sholáthar faoi ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais ná ní bheidh feidhm aige maidir le cásanna ina bhfuil an t-eintiteas faoi oibleagáid faoi réir ceanglais shonracha údarúcháin chun oibriú i gcríoch an Bhallstáit eile sin.
|
|
Airteagal 8 2
|
2. Aon athrú atá beartaithe ar an bhfaisnéis a chuirtear in iúl faoi mhír 1, cuirfidh an t-eintiteas faoi oibleagáid é sin in iúl do mhaoirseoir an Bhallstáit baile 1 mhí amháin ar a laghad sula ndéanfar an t-athrú.
|
|
Airteagal 8 3
|
3. I gcás ina gceadaítear leis an Rialachán seo do na Ballstáit rialacha breise is infheidhme maidir leis na heintitis faoi oibleagáid a ghlacadh, comhlíonfaidh na heintitis faoi oibleagáid rialacha náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil siad bunaithe.
|
|
Airteagal 8 4
|
4. I gcás ina n-oibríonn na heintitis faoi oibleagáid bunaíochtaí i roinnt Ballstát, áiritheoidh siad go gcuirfidh gach bunaíocht rialacha na mBallstát ina bhfuil sí lonnaithe i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 8 5
|
5. I gcás ina n-oibríonn na heintitis faoi oibleagáid dá dtagraítear in Airteagal 38(1) de Threoir (AE) 2024/1640 i mBallstáit eile seachas an ceann ina bhfuil siad bunaithe trí ghníomhairí, dáileoirí, nó trí chineálacha eile bonneagair atá lonnaithe sna Ballstáit eile sin faoin tsaoirse chun seirbhísí a sholáthar, cuirfidh siad rialacha na mBallstát ina soláthraíonn siad seirbhísí i ndáil leis na gníomhaíochtaí sin i bhfeidhm, ach amháin má tá feidhm ag Airteagal 38(2) den Treoir sin, agus sa chás sin cuirfidh siad rialacha an Bhallstáit ina bhfuil a gceannoifig lonnaithe i bhfeidhm.
|
|
Airteagal 8 6
|
6. I gcás ina gceanglaítear ar na heintitis faoi oibleagáid pointe teagmhála lárnach a cheapadh de bhun Airteagal 41 de Threoir (AE) 2024/1640, áiritheoidh siad go mbeidh an pointe teagmhála lárnach in ann comhlíonadh an dlí is infheidhme a áirithiú thar ceann an eintitis faoi oibleagáid.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1624
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|