+Airteagal 10 Measúnú riosca uileghnó
---+Airteagal 10 1
---+Airteagal 10 2
---+Airteagal 10 3
---+Airteagal 10 4
|
Airteagal 10 Measúnú riosca uileghnó
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1
|
1. Glacfaidh na heintitis faoi oibleagáid bearta iomchuí, atá comhréireach le cineál a ngnó, lena n-áirítear a rioscaí agus a chasta atá sé, agus a méid, chun rioscaí go dtarlódh sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a bhfuil siad neamhchosanta orthu a shainaithint agus a mheasúnú, chomh maith le rioscaí nach gcuirfí smachtbhannaí airgeadais spriocdhírithe chun feidhme nó go ndéanfaí iad a sheachaint, agus an méid seo a leanas á gcur san áireamh, ar a laghad:
|
(a)
|
na hathróga riosca a leagtar amach in Iarscríbhinn I agus na tosca riosca a leagtar amach in Iarscríbhinní II agus III;
|
|
(b)
|
torthaí an mheasúnaithe riosca fhornáisiúnta ar leibhéal an Aontais arna dhéanamh ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 7 de Threoir (AE) 2024/1640;
|
|
(c)
|
torthaí na measúnuithe riosca náisiúnta a dhéanann na Ballstáit de bhun Airteagal 8 de Threoir (AE) 2024/1640, chomh maith le haon mheasúnú riosca earnáilsonrach ábhartha a dhéanann na Ballstáit;
|
|
(d)
|
faisnéis ábhartha arna foilsiú ag socraitheoirí caighdeán idirnáisiúnta i réimse AML/CFT nó, ar leibhéal an Aontais, foilseacháin ábhartha ón gCoimisiún nó ó AMLA;
|
|
(e)
|
faisnéis a sholáthraíonn údaráis inniúla maidir le rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta;
|
|
(f)
|
faisnéis faoin mbonn custaiméirí.
|
Sula seolfar táirgí, seirbhísí nó cleachtais ghnó nua, lena n-áirítear úsáid bealaí seachadta nua agus teicneolaíochtaí nua nó teicneolaíochtaí atá ag forbairt, i gcomhar le táirgí agus seirbhísí nua nó táirgí agus seirbhísí atá ann cheana nó sula dtosófar ar sheirbhís nó táirge atá ann cheana a sholáthar do ghrúpa custaiméirí nua nó i limistéar geografach nua, déanfaidh na heintitis faoi oibleagáid na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta gaolmhara a shainaithint agus a mheasúnú agus déanfaidh siad bearta iomchuí chun na rioscaí sin a bhainistiú agus a mhaolú.
|
|
Airteagal 10 2
|
2. Déanfar an measúnú riosca uileghnó a tharraingíonn an t-eintiteas faoi oibleagáid suas de bhun mhír 1 a dhoiciméadú, a choinneáil cothrom le dáta agus a athbhreithniú go rialta, lena n-áirítear i gcás ina ndéanann aon teagmhas inmheánach nó seachtrach difear suntasach do na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a bhaineann le gníomhaíochtaí, táirgí, idirbhearta, bealaí seachadta, custaiméirí nó criosanna gníomhaíochtaí geografacha an eintitis faoi oibleagáid. Cuirfear ar fáil do mhaoirseoirí é arna iarraidh sin dóibh.
Déanfaidh an t-oifigeach um chomhlíonadh an measúnú riosca uileghnó a tharraingt suas agus formheasfaidh an comhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme bainistíochta é agus, i gcás inar ann don chomhlacht sin, cuirfidh sé in iúl don chomhlacht bainistíochta i gcáil a fheidhme maoirseachta é.
|
|
Airteagal 10 3
|
3. Cé is moite d’institiúidí creidmheasa, institiúidí airgeadais, soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin agus idirghabhálaithe sluachistiúcháin, féadfaidh maoirseoirí a chinneadh nach gceanglaítear measúnuithe riosca uileghnó doiciméadaithe aonair i gcás ina bhfuil na rioscaí sonracha a bhaineann leis an earnáil soiléir ar bhealach bunúsach agus i gcás ina dtuigtear iad.
|
|
Airteagal 10 4
|
4. Faoin 10 Iúil 2026, eiseoidh MLA treoirlínte maidir leis na híoscheanglais i gcomhair ábhar an mheasúnaithe riosca uileghnó a tharraingíonn an t-eintiteas faoi oibleagáid suas de bhun mhír 1, agus maidir leis na foinsí breise faisnéise a bheidh le cur san áireamh agus an measúnú riosca uileghnó á dhéanamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1624
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|