+Airteagal 75 Malartú faisnéise faoi chuimsiú comhpháirtíochtaí comhroinnte faisnéise
---+Airteagal 75 1
---+Airteagal 75 2
---+Airteagal 75 3
---+Airteagal 75 4
---+Airteagal 75 5
---+Airteagal 75 6
---+Airteagal 75 7
|
Airteagal 75 Malartú faisnéise faoi chuimsiú comhpháirtíochtaí comhroinnte faisnéise
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 75 1
|
1. Féadfaidh comhaltaí comhpháirtíochtaí comhroinnte faisnéise faisnéis a chomhroinnt le chéile i gcás ina bhfuil géarghá leis chun na hoibleagáidí faoi Chaibidil III agus Airteagal 69 a chomhlíonadh agus i gcomhréir le cearta bunúsacha agus coimircí nós imeachta breithiúnacha.
|
|
Airteagal 75 2
|
2. Eintitis faoi oibleagáid a bhfuil sé ar intinn acu a bheith rannpháirteach i gcomhpháirtíocht comhroinnte faisnéise, tabharfaidh siad fógra dá n-údaráis mhaoirseachta faoi seach, i gcás inarb ábhartha i gcomhairle le chéile agus leis na húdaráis atá i gceannas ar chomhlíonadh Rialachán (AE) 2016/679 a fhíorú, a fhíoróidh go bhfuil sásraí i bhfeidhm ag an gcomhpháirtíocht comhroinnte faisnéise chun comhlíonadh an Airteagail seo a áirithiú agus go ndearnadh an measúnú tionchair ar chosaint sonraí dá dtagraítear i mír 4, pointe (h). Déanfar an fíorú sula gcuirfear tús le gníomhaíochtaí na comhpháirtíochta comhroinnte faisnéise. I gcás inarb ábhartha, rachaidh na húdaráis mhaoirseachta i gcomhairle leis na FIUnna freisin.
Fágfar an fhreagracht as comhlíonadh na gceanglas faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta faoi na rannpháirtithe sa chomhpháirtíocht comhroinnte faisnéise.
|
|
Airteagal 75 3
|
3. Beidh an fhaisnéis a mhalartaítear faoi chuimsiú comhpháirtíocht comhroinnte faisnéise teoranta don mhéid seo a leanas:
|
(a)
|
faisnéis faoin gcustaiméir, lena n-áirítear aon fhaisnéis a gheofar le linn céannacht an chustaiméara a shainaithint agus a fhíorú agus, i gcás inarb iomchuí, úinéir tairbhiúil an chustaiméara;
|
|
(b)
|
faisnéis maidir le cuspóir agus cineál beartaithe na gaolmhaireachta gnó nó an idirbhirt ócáidigh idir an custaiméir agus an t-eintiteas faoi oibleagáid chomh maith, i gcás inarb infheidhme, le foinse rachmais agus foinse chistí an chustaiméara;
|
|
(c)
|
faisnéis faoi idirbhearta custaiméara;
|
|
(d)
|
faisnéis faoi thosca riosca níos airde agus níos ísle a bhaineann leis an gcustaiméir;
|
|
(e)
|
anailís an eintitis faoi oibleagáid ar na rioscaí a bhaineann leis an gcustaiméir de bhun Airteagal 20(2);
|
|
(f)
|
faisnéis atá i seilbh an eintitis faoi oibleagáid de bhun Airteagal 77(1);
|
|
(g)
|
faisnéis faoi amhrais de bhun Airteagal 69.
|
Ní mhalartófar an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír ach a mhéid is gá chun gníomhaíochtaí na comhpháirtíochta comhroinnte faisnéise a dhéanamh.
|
|
Airteagal 75 4
|
4. Beidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas maidir le comhroinnt faisnéise i gcomhthéacs comhpháirtíochta comhroinnte faisnéise:
|
(a)
|
taifeadfaidh eintitis faoi oibleagáid gach cás de chomhroinnt faisnéise faoi chuimsiú na comhpháirtíochta;
|
|
(b)
|
ní bhraithfidh eintitis faoi oibleagáid go hiomlán ar an bhfaisnéis a fhaightear i gcomhthéacs na comhpháirtíochta chun ceanglais an Rialacháin seo a chomhlíonadh;
|
|
(c)
|
ní thiocfaidh eintitis faoi oibleagáid ar chonclúidí ná ní ghlacfaidh siad cinntí a bhfuil tionchar acu ar an ngaolmhaireacht gnó leis an gcustaiméir nó ar idirbhearta ócáideacha a dhéantar don chustaiméir ar bhonn faisnéise a fhaightear ó rannpháirtithe eile sa chomhpháirtíocht comhroinnte faisnéise gan measúnú a bheith déanta acu ar an bhfaisnéis sin; aon fhaisnéis a fhaightear i gcomhthéacs na comhpháirtíochta agus a úsáidtear i measúnú a mbeidh cinneadh gaolmhaireacht gnó a dhiúltú nó a fhoirceannadh nó idirbheart ócáideach a dhéanamh mar thoradh uirthi, áireofar í sna taifid a choimeádtar de bhun Airteagal 21(3), agus beidh tagairt sa taifead sin gur tháinig an fhaisnéis ó chomhpháirtíocht comhroinnte faisnéise;
|
|
(d)
|
déanfaidh eintitis faoi oibleagáid a measúnú féin ar idirbhearta lena mbaineann custaiméirí chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a d’fhéadfadh a bheith bainteach le sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta nó a bhféadfadh fáltais ó ghníomhaíocht choiriúil a bheith i gceist leo;
|
|
(e)
|
déanfaidh eintitis faoi oibleagáid bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí a chur chun feidhme, lena n-áirítear bearta lena gceadaítear bréagainmniú, chun leibhéal slándála agus rúndachta a áirithiú atá comhréireach le cineál agus méid na faisnéise a mhalartaítear;
|
|
(f)
|
ní dhéanfar faisnéis a chomhroinnt ach amháin maidir le custaiméirí
|
(i)
|
a mbaineann a n-iompraíocht nó a ngníomhaíochtaí idirbheart le riosca go dtarlódh sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú sceimhlitheoireachta, arna shainaithint de bhun an mheasúnaithe riosca ar leibhéal an Aontais agus ar an measúnú riosca náisiúnta arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagail 7 agus 8 de Threoir (AE) 2024/1640;
|
|
(ii)
|
a thagann faoi aon cheann de na staideanna dá dtagraítear in Airteagail 29, 30, 31 agus 36 go 46 den Rialachán seo; nó
|
|
(iii)
|
ar gá do na heintitis faoi oibleagáid faisnéis bhreise a bhailiú ina leith chun a chinneadh an bhfuil baint acu le leibhéal níos airde riosca go dtarlódh sciúradh airgid, a chionta preideacáide nó maoiniú sceimhlitheoireachta;
|
|
|
(g)
|
ní fhéadfar faisnéis a ghintear trí úsáid a bhaint as intleacht shaorga, teicneolaíochtaí meaisínfhoghlama nó algartaim a chomhroinnt ach amháin i gcás ina raibh na próisis sin faoi réir formhaoirseacht dhaonna leormhaith;
|
|
(h)
|
déanfar measúnú tionchair ar chosaint sonraí dá dtagraítear in Airteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679 sula ndéanfar aon sonraí pearsanta a phróiseáil;
|
|
(i)
|
ní bhfaighidh, ní sholáthróidh agus ní mhalartóidh na húdaráis inniúla atá ina gcomhaltaí comhpháirtíochta comhroinnte faisnéise faisnéis ach a mhéid is gá sin chun a gcúraimí a dhéanamh faoi dhlí ábhartha an Aontais nó faoin dlí ábhartha náisiúnta;
|
|
(j)
|
i gcás ina mbeidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 2(1), pointe (44)(c), den Rialachán seo rannpháirteach i gcomhpháirtíocht comhroinnte faisnéise, ní bhfaighidh siad, ní sholáthróidh siad ná ní mhalartóidh siad ach sonraí pearsanta agus faisnéis oibríochtúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta lena dtrasuitear Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (44) agus leis na forálacha is infheidhme den dlí nós imeachta choiriúil náisiúnta, lena n-áirítear réamhúdarú breithiúnach nó aon choimirce nós imeachta náisiúnta eile de réir mar a cheanglaítear;
|
|
(k)
|
ní dhéanfar faisnéis faoi idirbhearta amhrasacha a mhalartú de bhun mhír 3, pointe (g), den Airteagal seo ach amháin i gcás inar chomhaontaigh an FIU ar cuireadh an tuairisc ar idirbhearta amhrasacha faoina bhráid de bhun Airteagal 69 nó Airteagal 70 leis an nochtadh sin.
|
|
|
Airteagal 75 5
|
5. Ní dhéanfar faisnéis a fhaightear i gcomhthéacs comhpháirtíochta comhroinnte faisnéise a tharchur a thuilleadh ach amháin sna cásanna seo a leanas:
|
(a)
|
go soláthraítear an fhaisnéis d’eintiteas eile faoi oibleagáid de bhun Airteagal 49(1);
|
|
(b)
|
go bhfuil an fhaisnéis le cur san áireamh i dtuarascáil arna cur faoi bhráid an FIU nó arna soláthar mar fhreagra ar iarraidh FIU de bhun Airteagal 69(1);
|
|
(c)
|
cuirtear an fhaisnéis ar fáil do AMLA de bhun Airteagal 93 de Rialachán (AE) 2024/1620;
|
|
(d)
|
go n-iarrann údaráis forfheidhmithe dlí nó údaráis bhreithiúnacha an fhaisnéis, faoi réir aon réamhúdaruithe nó aon ráthaíochtaí nós imeachta eile mar a cheanglaítear faoin dlí náisiúnta.
|
|
|
Airteagal 75 6
|
6. Eintitis faoi oibleagáid atá rannpháirteach i gcomhpháirtíochtaí comhroinnte faisnéise, saineoidh siad beartais agus nósanna imeachta chun faisnéis a chomhroinnt ina mbeartais agus ina nósanna imeachta inmheánacha arna mbunú de bhun Airteagal 9. Maidir leis na beartais agus na nósanna imeachta sin:
|
(a)
|
sonrófar iontu an measúnú a bheidh le déanamh chun méid na faisnéise a bheidh le comhroinnt a chinneadh, agus i gcás inarb ábhartha i ndáil le cineál na faisnéise nó na coimircí breithiúnacha is infheidhme, déanfar foráil iontu maidir le rochtain dhifreáilte nó theoranta ar fhaisnéis do chomhaltaí na comhpháirtíochta;
|
|
(b)
|
tabharfar tuairisc iontu ar róil agus ar fhreagrachtaí na bpáirtithe sa chomhpháirtíocht comhroinnte faisnéise;
|
|
(c)
|
sainaithneofar iontu na measúnuithe riosca a chuirfidh an t-eintiteas faoi oibleagáid san áireamh chun cásanna ardriosca a chinneadh inar féidir faisnéis a chomhroinnt.
|
Déanfar na beartais agus nósanna imeachta inmheánacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a tharraingt suas sula mbeifear rannpháirteach i gcomhpháirtíocht comhroinnte faisnéise.
|
|
Airteagal 75 7
|
7. I gcás ina measfaidh údaráis mhaoirseachta gur gá sin, déanfaidh eintitis faoi oibleagáid atá rannpháirteach i gcomhpháirtíocht comhroinnte faisnéise iniúchadh neamhspleách ar fheidhmiú na comhpháirtíochta sin a choimisiúnú agus comhroinnfidh siad na torthaí leis na húdaráis mhaoirseachta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 19.06.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1624
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|