+Airteagal 28 Oibleagáidí trédhearcachta conarthacha maidir le rochtain idirnáisiúnta agus aistriú
---+Airteagal 28 1
---+Airteagal 28 2

Airteagal 28 Oibleagáidí trédhearcachta conarthacha maidir le rochtain idirnáisiúnta agus aistriú

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 28 1

1.   Cuirfidh soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí an fhaisnéis seo a leanas ar fáil ar a suíomhanna gréasáin, agus coinneoidh siad an fhaisnéis sin cothrom le dáta:

(a)

an dlínse a bhfuil an bonneagar TFC a imscartar chun sonraí a seirbhísí aonair a phróiseáil faoina réir;

(b)

cur síos ginearálta ar na bearta teicniúla, eagraíochtúla agus bearta conarthacha arna nglacadh ag an soláthraí na seirbhísí próiseála sonraí chun cosc a chur ar rochtain rialtais idirnáisiúnta ar shonraí neamhphearsanta atá á sealbhú san Aontas nó ar aistriú na sonraí sin i gcás ina mbeadh rochtain nó aistriú den sórt sin ar neamhréir le dlí an Aontais nó le dlí náisiúnta an Bhallstáit ábhartha.

Airteagal 28 2

2.   Déanfar na suíomhanna gréasáin dá dtagraítear i mír 1 a liostú i gconarthaí le haghaidh na seirbhísí próiseála sonraí uile a thairgeann soláthraithe seirbhísí próiseála sonraí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.12.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2854
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.