+Airteagal 4 Trédhearcacht tionchar inbhuanaitheachta diúltach ar leibhéal eintitis
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 4 6.
---+Airteagal 4 7.
|
Airteagal 4 Trédhearcacht tionchar inbhuanaitheachta diúltach ar leibhéal eintitis
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1.
|
Foilseoidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ar a láithreáin ghréasáin:
(a)
i gcás ina measann siad drochthionchair phríomha na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta, ráiteas maidir le beartais díchill chuí i ndáil leis na drochthionchair phríomha sin, agus aird chuí á tabhairt acu ar mhéid, cineál agus scála a ngníomhaíochtaí agus ar chineálacha na dtáirgí airgeadais a chuireann siad ar fáil; nó
(b)
i gcás nach measann siad drochthionchair na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta, cúiseanna soiléire maidir leis an bhfáth nach ndéanann siad amhlaidh, lena n‐áirítear, i gcás inarb ábhartha, faisnéis maidir le cé acu an bhfuil nó nach bhfuil sé beartaithe acu drochthionchair den chineál sin a mheas agus cathain a dhéanfaidh siad amhlaidh.
|
|
Airteagal 4 2.
|
Áireoidh na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais san fhaisnéis a chuirfear ar fáil i gcomhréir le pointe (a) de mhír 1 ar a laghad an méid a leanas:
(a)
faisnéis maidir lena mbeartais i ndáil le sainaithint drochthionchar agus táscairí príomha inbhuanaitheachta agus i ndáil lena gcur in ord tosaíochta;
(b)
tuairisc ar na drochthionchair phríomha inbhuanaitheachta agus ar aon ghníomhaíochtaí i ndáil leo a rinneadh nó, i gcás inarb ábhartha, atá beartaithe;
(c)
achoimrí gearra ar bheartais rannpháirtíochta i gcomhréir le hAirteagal 3g de Rialachán 2007/36/CE, i gcás inarb infheidhme;
(d)
tagairt don chomhlíonadh uathu le cóid fhreagracha iompair agus don chomhlíonadh uathu le caighdeáin maidir le dícheall cuí agus tuairisciú a aithnítear go hidirnáisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, don mhéid a bhfuil siad ailínithe le spriocanna Chomhaontú Pháras.
|
|
Airteagal 4 3.
|
De mhaolú ar mhír 1 ón 30 Meitheamh 2021, déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a sháraíonn ar a gclár comhardaithe an critéir i ndáil le meánlíon 500 fostaí le linn na bliana airgeadais ráiteas maidir le beartais díchill chuí i dtaca le drochthionchair phríomha na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta a fhoilsiú agus a chothabháil ar a láithreáin ghréasáin. Áireofar ar a laghad sa ráiteas sin an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2.
|
|
Airteagal 4 4.
|
De mhaolú ar mhír 1 den Airteagal seo, ón 30 Meitheamh 2021, déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ar máthairghnóthais atá ina bpáirt de ghrúpa mór iad dá dtagraítear in Airteagal 3(7) de Threoir 2013/34/AE a sháraíonn ar chlár comhardaithe an ghrúpa, ar bhonn comhdhlúithe, an critéir i ndáil le líon de 500 fostaí ar an meán le linn na bliana airgeadais ráiteas maidir le cleachtais díchill chuí i dtaca le drochthionchair phríomha na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta a fhoilsiú agus a chothabháil ar a láithreáin ghréasáin. Áireofar ar a laghad sa ráiteas sin an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2.
|
|
Airteagal 4 5.
|
Foilseoidh comhairleoirí airgeadais ar a láithreáin ghréasáin:
(a)
faisnéis maidir le cé acu a ndéanann siad nó nach ndéanann, agus aird chuí á tabhairt ar a méid, ar a gcineál agus ar scála a ngníomhaíochtaí agus ar na cineálacha táirgí airgeadais a dtugann siad comhairle ina leith, drochthionchair phríomha ar thosca inbhuanaitheachta a mheas ina gcuid comhairle infheistíochta nó comhairle árachais; nó
(b)
faisnéis maidir leis an bhfáth nach measann siad drochthionchair na gcinntí infheistíochta ar thosca inbhuanaitheachta ina gcomhairle infheistíochta nó ina gcomhairle árachais, agus, i gcás inarb ábhartha, faisnéis san áireamh maidir le cibé an bhfuil sé beartaithe acu drochthionchair den chineál sin a mheas agus cathain a dhéanfaidh siad amhlaidh.
|
|
Airteagal 4 6.
|
Faoin 30 Nollaig 2020, forbróidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 chun táscairí inbhuanaitheachta maidir le drochthionchair a bhaineann leis an aeráid agus drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol a shonrú, maidir le hábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo i dtaca le táscairí inbhuanaitheachta maidir le drochthionchair aeráide agus drochthionchair eile a bhaineann leis an gcomhshaol. Déanfaidh na ÚMEnna ionchur a lorg, i gcás inarb ábhartha, ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus ón Airmheán Comhpháirteach Taighde de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 4 7.
|
Faoin 30 Nollaig 2021, i dtaca le táscairí inbhuanaitheachta maidir le drochthionchair a bhaineann le réimse cúrsaí sóisialta agus fostaithe, urraim do chearta an duine, frithéilliú agus cúrsaí breabaireachta, forbróidh na ÚMEnna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála i gcomhréir le hAirteagal 10 go 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010 maidir le hábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise dá dtagraítear i míreanna 1 go 5 den Airteagal seo i dtaca le táscairí inbhuanaitheachta maidir le drochthionchair a bhaineann le réimse cúrsaí sóisialta agus fostaithe, urraim do chearta an duine, frithéilliú agus cúrsaí breabaireachta, Tarmligtear chuig an gCoimisiún an chumhacht chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010, (AE) Uimh. 1094/2010 agus (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019R2088
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|