+Airteagal 44 Deimhnithe
---+Airteagal 44 1.
---+Airteagal 44 2.
---+Airteagal 44 3.

Airteagal 44 Deimhnithe

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 44 1.
Maidir le deimhnithe arna n-eisiúint ag comhlachtaí faoina dtugtar fógra i gcomhréir le hIarscríbhinn VII, déanfar iad a tharraingt suas i dteanga is éasca do na húdaráis ábhartha sa Bhallstát ina bhfuil an comhlacht faoina dtugtar fógra bunaithe a thuiscint.
Airteagal 44 2.
Beidh na deimhnithe bailí ar feadh na tréimhse a léirítear orthu, tréimhse nach mairfidh níos faide ná 5 bliana i gcás na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear le hIarscríbhinn I, agus 4 bliana i gcás na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear le hIarscríbhinn III. Arna iarraidh sin don soláthraí, féadfar bailíocht an deimhnithe a shíneadh ar feadh tréimhsí breise, nach mbeidh aon cheann acu níos faide ná 5 bliana i gcás na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear faoi Iarscríbhinn I, agus 4 bliana i gcás na gcóras intleachta saorga a chumhdaítear faoi Iarscríbhinn III, bunaithe ar athmheasúnú i gcomhréir leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta is infheidhme. Beidh aon fhorlíonadh ar dheimhniú bailí ar choinníoll gur bailí don deimhniú a fhorlíonann sé.
Airteagal 44 3.
Má chinneann comhlacht faoina dtugtar fógra nach bhfuil na ceanglais a leagtar síos i Roinn 2 á gcomhlíonadh ag córas intleachta saorga a thuilleadh, déanfaidh sé an deimhniú a eisíodh a chur ar fionraí, a tharraingt siar nó cuirfidh sé srian air, agus prionsabal na comhréireachta á chur san áireamh, ach amháin má dhéantar comhlíonadh na gceanglas sin a áirithiú le gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a dhéanfaidh an soláthraí laistigh de sprioc-am a leagfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra síos. Tabharfaidh an comhlacht faoina dtugtar fógra na cúiseanna lena chinneadh.

Beidh nós imeachta achomhairc ar fáil i gcoinne chinntí na gcomhlachtaí faoina dtugtar fógra, lena n-áirítear achomhairc maidir le deimhnithe comhréireachta a eisítear.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 27.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1689
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.