+Airteagal 75b Gealltanais

Airteagal 75b Gealltanais

Airteagal 75b

Gealltanais

Más rud é, le linn imeachtaí faoi Airteagal 75a(2), go dtabharfaidh an t-oibreoir lena mbaineann gealltanais chun comhlíonadh fhorálacha ábhartha an Rialacháin seo a áirithiú, féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga, trí chinneadh, na gealltanais sin a chur de cheangal ar an oibreoir lena mbaineann agus a dhearbhú nach bhfuil aon fhorais eile ann le haghaidh gníomhaíochta. Féadfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga, ar iarraidh a fháil nó ar a tionscnamh féin, na himeachtaí a athoscailt i gcás:

(a) 

inar tháinig athrú ábhartha ar cheann ar bith de na fíorais ar bunaíodh an cinneadh orthu;

(b) 

ina ngníomhóidh an t-oibreoir ar bhealach atá ar neamhréir lena ghealltanais; nó

(c) 

ina raibh an cinneadh bunaithe ar fhaisnéis neamhiomlán, mhícheart nó mhíthreorach a sholáthair an t-oibreoir lena mbaineann.

I gcás ina measfaidh an Oifig um Intleacht Shaorga nach bhfuil na gealltanais a thairg an t-oibreoir lena mbaineann ábalta comhlíonadh éifeachtach le forálacha ábhartha an Rialacháin seo a áirithiú, diúltóidh sí do na gealltanais sin i gcinneadh réasúnaithe le linn na n-imeachtaí a bheith á dtabhairt chun críche.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 27.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R1689
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.