+Airteagal 28 Dearbhú comhréireachta de chuid AE
---+Airteagal 28 1.
---+Airteagal 28 2.
---+Airteagal 28 3.
---+Airteagal 28 4.
---+Airteagal 28 5.
|
Airteagal 28 Dearbhú comhréireachta de chuid AE
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 28 1.
|
Déanfaidh na monaróirí dearbhú comhréireachta AE a dhréachtú i gcomhréir le hAirteagal 13(12) agus luafar ann gur léiríodh gur comhlíonadh na ceanglais chibearshlándála fhíor-riachtanacha is infheidhme a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
|
|
Airteagal 28 2.
|
Is é struchtúr na samhla a leagtar amach in Iarscríbhinn V a bheidh ag dearbhú comhréireachta AE agus áireofar ann na gnéithe a shonraítear sna nósanna imeachta ábhartha um measúnú comhréireachta a leagtar amach in Iarscríbhinn VIII. Déanfar dearbhú den chineál sin a thabhairt cothrom le dáta de réir mar is iomchuí. Cuirfear ar fáil é sna teangacha a cheanglaíonn an Ballstát ina gcuirtear an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh nó ina gcuirtear ar fáil ar an margadh é. Is é struchtúr na samhla a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a bheidh ag an leagan simplithe de dhearbhú comhréireachta AE dá dtagraítear in Airteagal 13(20). Cuirfear ar fáil é sna teangacha a cheanglaíonn an Ballstát ina gcuirtear an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha ar an margadh nó ina gcuirtear ar fáil ar an margadh é.
|
|
Airteagal 28 3.
|
I gcás ina bhfuil táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha faoi réir níos mó ná gníomh dlí amháin de chuid an Aontais lena gceanglaítear dearbhú comhréireachta de chuid AE, déanfar dearbhú comhréireachta aonair de chuid AE a dhréachtú i leith gach gnímh dlí de chuid an Aontais den chineál sin. Beidh sainaithint na ngníomhartha dlí de chuid an Aontais lena mbaineann sa dearbhú, lena n-áirítear a dtagairtí foilseacháin.
|
|
Airteagal 28 4.
|
Trí dhearbhú comhréireachta AE a dhréachtú, gabhfaidh an monaróir freagracht air féin as comhlíontacht an táirge ag a bhfuil eilimintí digiteacha.
|
|
Airteagal 28 5.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 61 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí eilimintí a chur le hábhar íosta dhearbhú comhréireachta AE a leagtar amach in Iarscríbhinn V chun forbairtí teicneolaíochta a chur i gcuntas.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2847
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|