+Airteagal 60 Scuab-imscrúduithe
---+Airteagal 60 1.
---+Airteagal 60 2.
---+Airteagal 60 3.
---+Airteagal 60 4.
---+Airteagal 60 5.
|
Airteagal 60 Scuab-imscrúduithe
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 60 1.
|
Déanfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh gníomhaíochtaí comhordaithe rialaithe go comhuaineach (scuab-imscrúduithe) ar tháirgí sonracha ag a bhfuil eilimintí digiteacha nó catagóirí díobh chun comhlíonadh an Rialacháin seo a sheiceáil nó chun sáruithe ar an Rialachán seo a bhrath. Féadfar a áireamh ar na scuab-imscrúduithe sin cigireachtaí ar tháirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a fhaightear faoi chéannacht cheilte.
|
|
Airteagal 60 2.
|
Murar chomhaontaigh na húdaráis um fhaireachas margaidh lena mbaineann a mhalairt, is é an Coimisiún a chomhordóidh na scuab-imscrúduithe. Déanfaidh comhordaitheoir an scuab-imscrúdaithe, i gcás inarb iomchuí, na torthaí comhiomlánaithe a chur ar fáil don phobal.
|
|
Airteagal 60 3.
|
I gcás ina sainaithneoidh ENISA, agus a chúraimí á gcomhlíonadh aige, lena n-áirítear bunaithe ar na fógraí a fuarthas de bhun Airteagal 14(1) agus (3), catagóirí táirgí ag a bhfuil eilimintí digiteacha a bhféadfar scuab-imscrúduithe a eagrú ina leith, cuirfidh sé togra le haghaidh scuab-imscrúdú faoi bhráid an chomhordaitheora dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo lena bhreithniú ag na húdaráis um fhaireachas margaidh.
|
|
Airteagal 60 4.
|
Agus scuab-imscrúduithe ar siúl acu, féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh lena mbaineann úsáid a bhaint as na cumhachtaí imscrúdúcháin a leagtar amach in Airteagail 52 go 58 agus as aon chumhacht eile a thugtar dóibh faoin dlí náisiúnta.
|
|
Airteagal 60 5.
|
Féadfaidh na húdaráis um fhaireachas margaidh a iarraidh ar oifigigh de chuid an Choimisiúin, agus ar dhaoine eile in éineacht leo atá údaraithe ag an gCoimisiún, páirt a ghlacadh i scuab-imscrúduithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.11.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2847
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|