+Airteagal 3 Ceanglais ghinearálta maidir le teimpléid an chláir faisnéise
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.
---+Airteagal 3 4.
---+Airteagal 3 5.
---+Airteagal 3 6.

Airteagal 3 Ceanglais ghinearálta maidir le teimpléid an chláir faisnéise

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 3 1.
Úsáidfidh eintitis airgeadais na teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn I go IV chun an clár faisnéise a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 28(3) de Rialachán (AE) 2022/2554, ar an leibhéal eintitis, nó ar an leibhéal fo-chomhdhlúite agus comhdhlúite.
Airteagal 3 2.

Áiritheoidh eintitis airgeadais go n-áireofar sna teimpléid dá dtagraítear i mír 1 gach ceann de na nithe seo a leanas:

(a) 

an fhaisnéis ábhartha i ndáil leis na seirbhísí TFC uile a sholáthraíonn soláthraithe TFC tríú páirtí díreacha;

(b) 

faisnéis faoi na fochonraitheoirí uile atá mar bhonn taca éifeachtach le seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha nó le codanna ábhartha díobh.

Airteagal 3 3.
Áiritheoidh eintitis airgeadais go mbeidh an fhaisnéis atá sna teimpléid dá dtagraítear i mír 1 cruinn agus comhsheasmhach. Déanfaidh eintitis airgeadais athbhreithniú rialta ar an bhfaisnéis atá sna teimpléid agus ceartóidh siad go pras aon earráid nó neamhréireacht a aimsítear.

I gcás grúpaí, áiritheoidh eintitis airgeadais atá freagrach as an gclár faisnéise a choinneáil ar bun agus a thabhairt cothrom le dáta ar an leibhéal fo-chomhdhlúite agus comhdhlúite go bhfuil an fhaisnéis maidir le leibhéal an eintitis sa chomhdhlúthú ceart agus comhsheasmhach leis an bhfaisnéis ar an leibhéal fo-chomhdhlúite agus comhdhlúite.

Airteagal 3 4.

Áiritheoidh eintitis airgeadais go gcloífidh an fhaisnéis atá sna teimpléid dá dtagraítear i mír 1 leis na prionsabail seo a leanas maidir le cáilíocht sonraí:

(a) 

cruinneas;

(b) 

iomláine;

(c) 

comhsheasmhacht;

(d) 

sláine;

(e) 

aonfhoirmeacht;

(f) 

bailíocht.

Airteagal 3 5.
Bainfidh eintitis airgeadais úsáid as aitheantóir eintitis dhlítheanaigh bailí agus gníomhach (LEI) nó as an Aitheantóir Uathúil Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2017/1132 (‘EUID’), agus, i gcás ina mbeidh fáil orthu, an dá aitheantóir sin, chun a soláthraithe seirbhísí TFC tríú páirtí uile ar daoine dlítheanacha iad a shainaithint, cé is moite de dhaoine aonair atá ag gníomhú i gcáil gnó.
Airteagal 3 6.
I gcás ina mbeidh seirbhís TFC arna soláthar ag soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí díreach ag tacú le feidhm chriticiúil nó thábhachtach de chuid na n-eintiteas airgeadais, áiritheoidh eintitis airgeadais, tríd an soláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí díreach, go n-úsáidfidh fochonraitheoirí uile an tsoláthraí seirbhísí TFC tríú páirtí dhírigh a áirítear sa chlár faisnéise i gcomhréir le mír 2, pointe (b), agus atá ina mbonn taca le seirbhísí TFC lena dtacaítear le feidhmeanna criticiúla nó tábhachtacha, LEI bailí agus gníomhach nó go soláthróidh siad a EUID, agus i gcás ina mbeidh fáil orthu, an dá aitheantóir sin, ach amháin más daoine aonair iad na fochonraitheoirí sin atá ag gníomhú i gcáil gnó.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas

Saincheisteanna nasctha

  • Builddate: 02.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32024R2956
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.