+TITLE II MINORITY INTEREST AND ADDITIONAL TIER 1 AND TIER 2 INSTRUMENTS ISSUED BY SUBSIDIARIES
---+Airteagal 81 Leasanna mionlaigh atá cáilithe mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite
------+Airteagal 81 1.
------+Airteagal 81 2.
---+Airteagal 82 Caipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1, caipiteal Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus cistí dílse cáilitheacha
---+Airteagal 83 Caipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1 agus Caipiteal cáilitheach Leibhéal 2 arna eisiúint ag eintiteas sainchuspóireach
------+Airteagal 83 1.
------+Airteagal 83 2.
---+Airteagal 84 Leasanna mionlaigh atá ar áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite
------+Airteagal 84 1.
------+Airteagal 84 2.
------+Airteagal 84 3.
------+Airteagal 84 4.
------+Airteagal 84 5.
------+Airteagal 84 6.
---+Airteagal 85 Ionstraimí cáilitheacha Leibhéal 1 atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite
------+Airteagal 85 1.
------+Airteagal 85 2.
------+Airteagal 85 3.
---+Airteagal 86 Caipiteal cáilitheach Leibhéal 1 atá ar áireamh i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 comhdhlúite
---+Airteagal 87 Cistí dílse cáilitheacha atá ar áireamh i gcistí dílse comhdhlúite
------+Airteagal 87 1.
------+Airteagal 87 2.
------+Airteagal 87 3.
---+Airteagal 88 Ionstraimí cáilitheacha de chistí dílse atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 2 comhdhlúite
---+Airteagal 88a Ionstraimí dliteanas cáilitheacha incháilithe
---+Airteagal 88b Gnóthais i dtríú tíortha

TITLE II MINORITY INTEREST AND ADDITIONAL TIER 1 AND TIER 2 INSTRUMENTS ISSUED BY SUBSIDIARIES

TITLE II MINORITY INTEREST AND ADDITIONAL TIER 1 AND TIER 2 INSTRUMENTS ISSUED BY SUBSIDIARIES

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 81 Leasanna mionlaigh atá cáilithe mar Ghnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite -
Airteagal 82 Caipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1, caipiteal Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus cistí dílse cáilitheacha

Airteagal 82

Caipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1, caipiteal Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus cistí dílse cáilitheacha

Is é a bheidh i gcaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 1 agus Leibhéal 2 agus i gcistí dílse cáilitheacha, an leas mionlaigh, ionstraimí Leibhéal 1 Breise, Leibhéal 1 nó Leibhéal 2, de réir mar is infheidhme, móide na cuntais scairbhisigh ghaolmhara, de chuid fochuideachta, i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

▼M9

(a) 

is ceann díobh seo a leanas an fhochuideachta:

(i) 

institiúid;

(ii) 

gnóthas atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo agus Threoir 2013/36/AE, de bhua an dlí náisiúnta is infheidhme;

(iii) 

cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais measctha atá faoi réir cheanglais an Rialacháin seo ar bhonn fo-chomhdhlúite, nó cuideachta idirmheánach sealbhaíochta infheistíochta atá faoi réir ceanglais Rialachán (AE) 2019/2033 ar bhonn comhdhlúite;

(iv) 

gnólacht infheistíochta;

(v) 

cuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais i dtríú tír, ar choinníoll go bhfuil an chuideachta idirmheánach sealbhaíochta airgeadais sin faoi réir ceanglais stuamachta atá chomh dian céanna leis na ceanglais stuamachta a bhfuil institiúidí creidmheasa an tríú tír sin faoina réir agus i gcás inar ghlac an Coimisiún cinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 107(4), á chinneadh go bhfuil na ceanglais stuamachta sin coibhéiseach, ar a laghad, le ceanglais stuamachta an Rialacháin seo;

▼C7

(b) 

tá an fhochuideachta áirithe go hiomlán faoi raon feidhme an chomhdhlúthaithe de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon;

(c) 

is le daoine seachas na gnóthais a áirítear sa chomhdhlúthú de bhun Chaibidil 2 de Theideal II de Chuid a hAon na hítimí Gnáthchothromas Leibhéal 1, na hítimí Leibhéal 1 Breise agus na hítimí Leibhéal 2.

Airteagal 83 Caipiteal cáilitheach Breise Leibhéal 1 agus Caipiteal cáilitheach Leibhéal 2 arna eisiúint ag eintiteas sainchuspóireach -
Airteagal 84 Leasanna mionlaigh atá ar áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite -
Airteagal 85 Ionstraimí cáilitheacha Leibhéal 1 atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite -
Airteagal 86 Caipiteal cáilitheach Leibhéal 1 atá ar áireamh i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 comhdhlúite

Airteagal 86

Caipiteal cáilitheach Leibhéal 1 atá ar áireamh i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 comhdhlúite

Gan dochar d'Airteagal 84 (5) agus (6), déanfaidh institiúidí an méid de chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 a bheidh ag fochuideachta a áireofar i gCaipiteal Breise Leibhéal 1 comhdhlúite a chinneadh trí leasanna mionlaigh an ghnóthais sin atá ar áireamh i nGnáthchothromas Leibhéal 1 comhdhlúite a dhealú ó chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 an ghnóthais sin atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite.

Airteagal 87 Cistí dílse cáilitheacha atá ar áireamh i gcistí dílse comhdhlúite -
Airteagal 88 Ionstraimí cáilitheacha de chistí dílse atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 2 comhdhlúite

Airteagal 88

Ionstraimí cáilitheacha de chistí dílse atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 2 comhdhlúite

Gan dochar d'Airteagal 84 (5) agus (6), déanfaidh institiúidí an méid de chistí dílse cáilitheacha a bheidh ag fochuideachta a áireofar i gCaipiteal Leibhéal 2 comhdhlúite a chinneadh trí chaipiteal cáilitheach Leibhéal 1 an ghnóthais atá ar áireamh i gCaipiteal Leibhéal 1 comhdhlúite a dhealú ó chistí dílse cáilitheacha an ghnóthais sin atá ar áireamh i gcistí dílse comhdhlúite.

Airteagal 88a Ionstraimí dliteanas cáilitheacha incháilithe

Airteagal 88a

Ionstraimí dliteanas cáilitheacha incháilithe

Maidir le dliteanais a eiseoidh fochuideachta atá bunaithe san Aontas ar cuid den ghrúpa réitigh céanna í leis an eintiteas réitigh, beidh siad cáilithe a áireamh i measc ionstraimí dliteanas incháilithe chomhdhlúthaithe institiúide faoi réir Airteagal 92a ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

eiseofar iad i gcomhréir le pointe (a) d'Airteagal 45f(2) de Threoir 2014/59/AE;

(b) 

ceannóidh scairshealbhóir atá ann cheana iad nach cuid den ghrúpa réitigh céanna é chomh fada agus nach ndéanfar difear, le feidhmiú na gcumhachtaí díluachála nó comhshó i gcomhréir le hAirteagail 59 go 62 de Threoir 2014/59/AE, don rialú a dhéanfaidh an t-eintiteas réitigh ar an bhfochuideachta;

(c) 

ní mó iad ná méid a chinnfear tríd an méid dá dtagraítear i bpointe (i) a dhealú ón méid dá dtagraítear i bpointe (ii):

(i) 

suim na ndliteanas a eiseofar don eintiteas réitigh agus a cheannóidh an t-eintiteas réitigh sin go díreach nó go hindíreach trí eintitis eile sa ghrúpa réitigh céanna agus méid na gcistí dílse a eiseofar i gcomhréir le pointe (b) d'Airteagal 45f(2) de Threoir 2014/59/AE;

(ii) 

an méid is gá i gcomhréir le hAirteagal 45f(1) de Threoir 2014/59/AE

Airteagal 88b Gnóthais i dtríú tíortha

Airteagal 88b

Gnóthais i dtríú tíortha

Chun críocha an Teidil seo, tuigfear go n-áirítear leis na téarmaí “gnólacht infheistíochta” agus “institiúid” gnóthais atá bunaithe i dtríú tíortha, ar gnóthais iad a thiocfadh faoi shainmhíniú na dtéarmaí sin sa Rialachán seo dá mba san Aontas a bheidís bunaithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.