+Airteagal 106 5.

Airteagal 106 5.

I gcás ina ndéanfaidh institiúid fálú ar neamhchosaintí leabhair neamhthrádála ar riosca ráta úis agus suíomh riosca ráta úis á úsáid atá cláraithe ina leabhar trádála, measfar gur fálú inmheánach é an suíomh sin maidir le riosca an ráta úis chun críoch riosca ráta úis a thagann as suíomhanna leabhair neamhthrádála a mheasúnú i gcomhréir le hAirteagail 84 agus 98 de Threoir 2013/36/AE i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh agus na cineálacha cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointí (a), (b) agus (c), á n-úsáid, sannadh an suíomh do phunann ar leithligh ó na suíomhanna leabhair trádála eile, arb é is straitéis ghnó di bainistiú agus maolú a dhéanamh ar an riosca margaidh a bhaineann le fáluithe inmheánacha ar neamhchosaint ar riosca ráta úis, agus an méid sin amháin;

(b) 

chun na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca margaidh a ríomh agus an cur chuige dá dtagraítear in Airteagal 325(1), pointe (b), á úsáid, sannadh an suíomh do dheasc thrádála arb é is straitéis ghnó di bainistiú agus maolú a dhéanamh ar an riosca margaidh a bhaineann le fáluithe inmheánacha ar neamhchosaint ar riosca ráta úis, agus an méid sin amháin;

(c) 

rinne an institiúid doiciméadú iomlán ar an gcaoi a maolóidh an suíomh an riosca ráta úis a bhaineann le suíomhanna leabhair neamhthrádála chun críocha na gceanglas a leagtar síos in Airteagail 84 agus 98 de Threoir 2013/36/AE.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.