+Airteagal 132 3.

Airteagal 132 3.

Féadfaidh institiúidí méid ►C12  neamhchosaintí ◄ ►C12  neamhchosaint ◄ GC atá ualaithe ó thaobh ►C12  riosca ◄ a chinneadh i gcomhréir leis na cineálacha cur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a i gcás ina gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a) 

is ceann díobh seo a leanas an GC sin:

(i) 

gnóthas le haghaidh comhinfheistíochta in urrúis inaistrithe (GCUI) atá faoi rialú ag Treoir 2009/65/CE;

(ii) 

ciste infheistíochta malartach (CIM) faoi bhainistiú bainisteoirí cistí infheistíochta malartacha de chuid an Aontais Eorpaigh (BCIM AE) atá cláraithe faoi Airteagal 3(3) de Threoir 2011/61/AE;

(iii) 

CIM faoi bhainistiú BCIM AE atá údaraithe faoi Airteagal 6 de Threoir 2011/61/AE;

(iv) 

CIM faoi bhainistiú BCIM neamh-AE atá údaraithe faoi Airteagal 37 de Threoir 2011/61/AE;

(v) 

CIM neamh-AE faoi bhainistiú BCIM neamh-AE atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 42 de Threoir 2011/61/AE;

(vi) 

CIM neamh-AE nach margaítear san Aontas faoi bhainistiú BCIM neamh-AE atá bunaithe i dtríú tír a chumhdaítear faoi ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 67(6) de Threoir 2011/61/AE;

(b) 

áirítear an méid seo a leanas i réamheolaire an GC sin nó ina choibhéis de dhoiciméad:

(i) 

na catagóirí sócmhainní a bhfuil údarú ag an GC sin infheistiú iontu;

(ii) 

na teorainneacha coibhneasta agus na modheolaíochtaí chun iad a ríomh, más rud é go bhfuil feidhm ag teorainneacha infheistíochta;

(c) 

tá nósanna tuairiscithe an GC nó chuideachta bainistíochta an GC sin don institiúid i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas:

(i) 

déanfar ►C12  neamhchosaint ◄ an GC sin a thuairisciú chomh minic céanna, ar a laghad, le ►C12  neamhchosaint ◄ na hinstitiúide;

(ii) 

is leor gráinneacht na faisnéise airgeadais le gur féidir leis an institiúid méid ►C12  neamhchosainta ◄ an GC sin atá ualaithe ó thaobh ►C12  riosca ◄ a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige a roghnóidh an institiúid;

(iii) 

déanfaidh tríú páirtí neamhspleách faisnéis faoi na ►C12  neamhchosaint ◄ foluiteacha a fhíorú i gcás ina gcuirfidh an institiúid cur chuige na trédhearcachta i bhfeidhm.

De mhaolú ar phointe (a) den chéad fhomhír den mhír seo, féadfaidh bainc forbartha iltaobhacha agus bainc forbartha déthaobhacha agus institiúidí eile a chomhinfheistíonn i GC le bainc forbartha iltaobhacha nó déthaobhacha méid ►C12  neamhchosaint ◄ ►C12  neamhchosaintí ◄ GC atá ualaithe ó thaobh ►C12  riosca ◄ a chinneadh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach in Airteagal 132a, ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar amach i bpointí (b) agus (c) den chéad fhomhír den mhír seo agus de réir teorannacha i sainordú infheistíochta GC nach féidir leis an GC sin infheistiú a dhéanamh in aon chineál sócmhainní eile seachas sócmhainní a chuireann forbairt inbhuanaithe chun cinn i dtíortha atá i mbéal forbartha.

Tabharfaidh institiúidí fógra dá n-údarás inniúil faoi na GCanna sin a gcuireann siad na coinníollacha dá dtagraítear sa dara fomhír i bhfeidhm orthu.

De mhaolú ar phointe (c)(i) den chéad fhomhír, i gcás ina gcinnfidh an institiúid méid ►C12  neamhchosainta ◄ ►C12  neamhchosaint ◄ GC atá ualaithe ó thaobh ►C12  riosca ◄ i gcomhréir leis an gcur chuige sainordú-bhunaithe, féadfar tuairisciú an GC sin nó chuideachta bainistíochta an GC sin don institiúid a theorannú do shainordú infheistíochta an GC sin agus d'aon athruithe ina leith agus ní fhéadfar an tuairisciú a dhéanamh ach amháin i gcás ina dtabhóidh an institiúid an ►C12  neamhchosaint ◄ t don GC sin den chéad uair agus nuair a bheidh athrú ar shainordú infheistíochta an GC sin.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.