+Airteagal 160 Dóchúlacht mainneachtana (PD)
---+Airteagal 160 1.
---+Airteagal 160 1a.
---+Airteagal 160 2.
---+Airteagal 160 3.
---+Airteagal 160 4.
---+Airteagal 160 6.
---+Airteagal 160 7.

Airteagal 160 Dóchúlacht mainneachtana (PD)

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 160 1.
Maidir le neamhchosaintí a shanntar do na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (b), nó pointe (c)(i), (ii) nó (iii), chun neamhchosaintí a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna caillteanais ionchasaigh na neamhchosaintí sin a ríomh, agus chuige sin amháin, go háirithe chun críocha Airteagail 153 agus 157, agus Airteagal 158(1), (5) agus (10), ní bheidh luach PD a úsáidtear mar ionchur de na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus d’fhoirmlí maidir le caillteanas ionchasach níos lú ná an luach seo a leanas: 0,05  %.
Airteagal 160 1a.
Maidir le neamhchosaintí a shanntar do na haicmí neamhchosanta dá dtagraítear in Airteagal 147(2), pointe (aa)(i) nó (ii), chun méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna caillteanais ionchasaigh na neamhchosaintí sin a ríomh, agus chuige sin amháin, ní bheidh luach PD a úsáidtear le haghaidh gach neamhchosanta mar ionchur de na méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus d’fhoirmlí maidir le caillteanas ionchasach níos lú ná an luach seo a leanas: 0,03  %.
Airteagal 160 2.

I gcás earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe nach bhfuil institiúid in ann meastachán a dhéanamh ar PDanna ina leith nó i gcás nach gcomhlíonann meastacháin PD na hinstitiúide do na ceanglais atá leagtha amach i Roinn 6, cinnfear PDanna na ►C9  neamhchosaintí ◄ sin de réir na modhanna seo mar a leanas:

(a) 

i gcás éileamh sinsearach ar earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, is éard a bheidh in PD meastachán EL na hinstitiúide arna roinnt ar LGD do na hearraí infhaighte sin;

(b) 

i gcás fo-éileamh ar earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, is é meastachán EL na hinstitiúide a bheidh in PD;

(c) 

institiúid a mbeidh cead faighte aici ón údarás inniúil úsáid a bhaint as a meastacháin féin ar LGD le haghaidh ►C9  neamhchosaintí ◄ corparáideacha de bhun Airteagal 143 agus a fhéadfaidh a meastacháin EL le haghaidh earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe a mhiondealú ina PDanna agus ina LGDanna ar shlí a mheasfaidh an t-údarás inniúil a bheith iontaofa, féadfaidh sí úsáid a bhaint as an meastachán PD a thig ón miondealú seo.

Airteagal 160 3.
100 % an PD a bheidh ag oibleagáideoirí mainneachtana.
Airteagal 160 4.
Maidir le neamhchosaint atá cumhdaithe le cosaint creidmheasa neamhchistithe, féadfaidh institiúid a úsáideann a meastacháin LGD féin faoi Airteagal 143 le haghaidh na neamhchosanta atá cumhdaithe le cosaint creidmheasa neamhchistithe agus i gcás neamhchosaintí díreacha inchomparáide ar sholáthraí na cosanta, féadfaidh sí an chosaint creidmheasa neamhchistithe a aithint sa PD i gcomhréir le hAirteagal 183.
Airteagal 160 6.
I gcás riosca caolúcháin i leith earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, beidh PD cothrom le meastacháin caillteanais ionchasaigh na hinstitiúide ar an riosca caolúcháin. Institiúid a mbeidh cead faighte aici ón údarás inniúil de bhun Airteagal 143 úsáid a bhaint as a meastacháin LGD féin le haghaidh neamhchosaintí ar chorparáidí agus ar féidir léi a meastacháin ar chaillteanas ionchasach le haghaidh riosca caolúcháin earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe a mhiondealú ina PDanna agus ina LGDanna ar shlí a measfaidh an t-údarás inniúil a bheith iontaofa, féadfaidh sí úsáid a bhaint as na meastacháin PD a tháinig ón miondealú sin. Féadfaidh institiúidí cosaint creidmheasa neamhchistithe a aithint in PD i gcomhréir le Caibidil 4.
Airteagal 160 7.
Aon institiúid a mbeidh cead faighte aici ón údarás inniúil de bhun Airteagal 143 a meastacháin LGD féin a úsáid le haghaidh riosca caolúcháin i leith earraí infhaighte corparáideacha ceannaithe, féadfaidh sí cosaint creidmheasa neamhchistithe a aithint trí bhíthin PDanna a choigeartú faoi réir Airteagal 161(3).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.