+Airteagal 164 6.
|
Airteagal 164 6.
Bunaithe ar na sonraí arna mbailiú faoi Airteagal 430a agus ar aon táscaire ábhartha eile, agus forbairtí réamhbhreathnaitheacha sna margaí réadmhaoine dochorraithe á gcur san áireamh, déanfaidh an t-údarás arna ainmniú i gcomhréir le mír 5 den Airteagal seo a mheas go tréimhsiúil nó, ar a laghad uair sa bhliain, an bhfuil na luachanna íosráta ionchuir LGD dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo iomchuí do neamhchosaintí miondíola arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe nó neamhchosaintí eile miondíola arna n-urrú le réadmhaoin chónaithe nó réadmhaoin dhochorraithe tráchtála atá suite i gcuid amháin nó níos mó de chríoch Bhallstát an údaráis sin. I gcás ina mbeidh an t-údarás a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 den tuairim, ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, nach leordhóthanach na luachanna íosráta ionchuir LGD dá dtagraítear i mír 4, agus ina measfaidh sé go bhféadfadh neamhleordhóthanacht na luachanna íosráta ionchuir LGD difear díobhálach a dhéanamh do chobhsaíocht airgeadais faoi láthair nó amach anseo ina Bhallstát, féadfaidh sé luachanna íosráta ionchuir LGD níos airde a shocrú i dtaca leis na neamhchosaintí sin atá lonnaithe i gcuid amháin nó níos mó de chríoch Bhallstát an údaráis sin. Féadfar na luachanna íosráta ionchuir LGD níos airde sin a chur i bhfeidhm freisin ar leibhéal ceann amháin nó níos mó de na deighleoga réadmhaoine den sórt sin. Tabharfaidh an t-údarás a ainmneofar i gcomhréir le mír 5 fógra do ÚBE agus do BERS roimh an gcinneadh dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a dhéanamh. Laistigh de mhí amháin tar éis an fógra sin a fháil, cuirfidh ÚBE agus BERS a dtuairimí in iúl don Bhallstát lena mbaineann. Foilseoidh ÚBE agus BERS na luachanna íosráta ionchuir LGD níos airde dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|