+Airteagal 215 2.

Airteagal 215 2.

I gcás ráthaíochtaí arna soláthar i gcomhthéacs comhscéimeanna ráthaíochta nó arna soláthar nó arna bhfrithráthú ag na heintitis a liostaítear in Airteagal 214(2), measfar go mbeidh na ceanglais i mír 1, pointe (a), den Airteagal seo agus in Airteagal 213(1), pointe (c)(iii), comhlíonta i gcás ina gcomhlíonfar ceachtar de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

de bhun mhainneachtain cháilitheach an oibleagáideora bunaidh nó an méid dlite gan a bheith íoctha aige, tá sé de cheart ag an institiúid iasachtaí íocaíocht shealadach a fháil go tráthúil ón ráthóir, ar íocaíocht í a chomhlíonann an dá choinníoll seo a leanas:

(i) 

léiríonn an íocaíocht shealadach meastachán stóinsithe ar an gcaillteanas, ar caillteanas é is dócha a thabhóidh an institiúid iasachtaí, lena n-áirítear caillteanais a thagann ó ús gan íoc agus cineálacha eile íocaíochta a bhfuil oibleagáid ar an iasachtaí iad a dhéanamh;

(ii) 

tá an íocaíocht shealadach comhréireach le cumhdach na ráthaíochta;

(b) 

is féidir leis an institiúid iasachtaí a léiriú chun sástachta an údaráis inniúil go dtugann éifeachtaí na ráthaíochta, a chumhdóidh caillteanais a thagann ó ús gan a bheith íoctha agus cineálacha íocaíochta eile a bhfuil oibleagáid ar an iasachtaí iad a dhéanamh freisin, go dtugann siad údar leis an láimhseáil sin; déanfar an t-údarú sin a dhoiciméadú i gceart agus beidh sé faoi réir faomhadh tiomnaithe inmheánach agus nósanna imeachta iniúchóireachta.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.