+Airteagal 227 2.

Airteagal 227 2.

Féadfaidh institiúidí coigeartú luaineachta 0 % a chur i bhfeidhm i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:

(a) 

Urrúis in airgead tirim nó urrúis fiachais arna n-eisiúint ag rialtas láir nó ag bainc cheannais incháilithe is ea an ►C9  neamhchosaint ◄ agus an chomhthaobhacht de réir bhrí Airteagal 197(1)(b) agus cáilíonn siad ►C9  d'ualach riosca ◄ 0 % faoi Chaibidil 2;

(b) 

tá an ►C9  neamhchosaint ◄ agus an chomhthaobhacht araon ainmnithe san airgeadra céanna;

(c) 

ní faide ná lá amháin aibíocht an idirbhirt nó tá an ►C9  neamhchosaint ◄ agus an chomhthaobhacht araon faoi réir marcáil laethúil ón margadh nó ataisceadh laethúil;

(d) 

ní faide ná ceithre lá gnó an tréimhse idir an mharcáil laethúil dheireanach ón margadh sular mhainnigh an contrapháirtí ataisceadh a déanamh agus leachtú na comhthaobhachta;

(e) 

socraítear an t-idirbheart i gcóras socraíochta atá cruthaithe don chineál sin idirbhirt;

(f) 

is é atá sa doiciméadacht ina gcuimsítear an comhaontú nó an t-idirbheart an doiciméadacht mhargaidh chaighdeánach le haghaidh idirbheart athcheannaigh nó idirbheart maidir le hurrúis a iasachtú nó a fháil ar iasacht laistigh de na hurrúis lena mbaineann;

(g) 

tá an t-idirbheart faoi rialú ag doiciméadacht ina sonraítear gur féidir an t-idirbheart a fhoirceannadh láithreach i gcás ina mainníonn an contrapháirtí oibleagáid a chomhlíonadh maidir le hairgead tirim nó urrúis nó corrlach a sheachadadh nó má mhainníonn sé ar shlí eile;

(h) 

measann na húdaráis inniúla gur príomhpháirtí sa mhargadh é an contrapháirtí.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.