+Airteagal 229 Prionsabail luachála le haghaidh comhthaobhacht incháilithe seachas comhthaobhacht airgeadais
---+Airteagal 229 1.
---+Airteagal 229 2.
---+Airteagal 229 3.
---+Airteagal 229 4.

Airteagal 229 Prionsabail luachála le haghaidh comhthaobhacht incháilithe seachas comhthaobhacht airgeadais

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 229 1.

Comhlíonfar gach ceann de na ceanglais seo a leanas agus réadmhaoin dhochorraithe á luacháil:

(a) 

déanann luachálaí neamhspleách ag a bhfuil na cáilíochtaí, an cumas agus an taithí is gá chun luacháil a dhéanamh meastóireacht ar an luach go neamhspleách ar phróiseas fála morgáiste, próiseála iasachtaí agus cinnteoireachta iasachtaí na hinstitiúide;

(b) 

déantar meastóireacht ar an luach trí úsáid a bhaint as critéir luachála choimeádacha stuama a chomhlíonann gach ceann de na ceanglais seo a leanas:

(i) 

ní chuirtear ionchais maidir le méaduithe ar phraghsanna san áireamh sa luach;

(ii) 

coigeartaítear an luach lena chur san áireamh ann go bhféadfadh an margadhluach reatha a bheith i bhfad os cionn an luacha ab inbhuanaithe thar shaolré na hiasachta;

(c) 

déantar an luach a dhoiciméadú ar bhealach trédhearcach agus soiléir;

(d) 

níl an luach níos airde ná margadhluach ar an réadmhaoin dhochorraithe i gcás ina bhféadtar an margadhluach sin a chinneadh;

(e) 

i gcás ina ndéantar athluacháil ar an réadmhaoin, ní théann an luach réadmhaoine os cionn an mheánluacha arna thomhas don réadmhaoin sin, nó do réadmhaoin inchomparáide, le 6 bliana anuas i gcás réadmhaoin chónaithe nó le 8 mbliana i gcás réadmhaoin dhochorraithe tráchtála ná os cionn an luacha tráth an tionscnaimh, cibé acu is airde.

Chun an meánluach a ríomh, tógfaidh institiúidí meán na luachanna réadmhaoine a breathnaíodh ag eatraimh chomhionanna agus áireofar trí phointe sonraí ar a laghad sa tréimhse thagartha.

Chun an meánluach a ríomh, féadfaidh institiúidí na torthaí ón bhfaireachán ar luachanna réadmhaoine a úsáid i gcomhréir le hAirteagal 208(3). Féadfar gur mó an luach réadmhaoine ná an meánluach sin nó an luach tráth an tionscnaimh, de réir mar is infheidhme, i gcás ina ndéantar modhnuithe ar an réadmhaoin a mhéadaíonn a luach go soiléir, mar shampla feabhas a chur ar an bhfeidhmíocht fuinnimh nó feabhas a chur ar sheasmhacht agus cosaint an fhoirgnimh agus an aonaid tithíochta agus iad a chur in oiriúint do rioscaí fisiciúla an fhoirgnimh nó an aonaid tithíochta. Ní dhéanfar athluacháil aníos ar an luach réadmhaoine mura bhfuil sonraí leordhóthanacha ag na hinstitiúidí chun an meánluach a ríomh ach amháin má tá an méadú ar an luach bunaithe ar mhodhnuithe lena méadaítear an luach go cinnte.

Cuirfear san áireamh i luacháil na réadmhaoine dochorraithe aon éilimh a rinneadh roimhe sin ar an réadmhaoin, mura gcuirtear éileamh a rinneadh roimhe ré san áireamh i ríomh ollmhéid na neamhchosanta de bhun Airteagal 124(6), pointe (c), nó mar laghdú 55 % den luach réadmhaoine de bhun Airteagal 125(1) nó Airteagal 126(1), agus léireofar, i gcás inarb infheidhme, torthaí an fhaireacháin a cheanglaítear faoi Airteagal 208(3).

Airteagal 229 2.
I gcás earraí infhaighte, beidh luach na n-earraí infhaighte cothrom leis an méid is infhaighte.
Airteagal 229 3.
Déanfaidh institiúidí comhthaobhacht fhisiceach seachas maoin dhochorraithe a luacháil ar a margadhluach. Chun críocha an Airteagail seo, is ionann an margadhluach agus an méid measta ar a ndéanfaí an mhaoin a mhalartú dáta na luachála idir ceannaitheoir toilteanach agus díoltóir toilteanach in idirbheart ar neamhthuilleamaí.
Airteagal 229 4.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun na critéir agus na tosca a shonrú a bheidh le cur san áireamh chun measúnú a dhéanamh ar an téarma “réadmhaoin inchomparáide”, dá dtagraítear i mír 1, pointe (e).

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Iúil 2027.

Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.