+Airteagal 236a Méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh faoin gcur chuige ionadaíochta i gcás ina láimhseáiltear an neamhchosaint ráthaithe faoi Chur Chuige IRB trína meastacháin féin ar LGD a úsáid agus ina láimhseáiltear an neamhchosaint dhíreach inchomparáide ar sholáthraí na cosanta faoi Chur Chuige IRB
---+Airteagal 236a 1.
---+Airteagal 236a 2.
---+Airteagal 236a 3.
---+Airteagal 236a 4.
---+Airteagal 236a 5.

Airteagal 236a Méideanna neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh faoin gcur chuige ionadaíochta i gcás ina láimhseáiltear an neamhchosaint ráthaithe faoi Chur Chuige IRB trína meastacháin féin ar LGD a úsáid agus ina láimhseáiltear an neamhchosaint dhíreach inchomparáide ar sholáthraí na cosanta faoi Chur Chuige IRB

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 236a 1.
I gcás aon neamhchosanta lena ngabhann cosaint creidmheasa neamhchistithe a gcuireann institiúid Cur Chuige IRB a leagtar amach i gCaibidil 3 i bhfeidhm ina leith trína meastacháin féin ar LGD a úsáid agus i gcás ina bhfuil neamhchosaintí díreacha inchomparáide ar an soláthraí cosanta arna láimhseáil faoi Chur Chuige IRB a leagtar amach i gCaibidil 3, ach, gan a meastacháin féin ar LGD a úsáid, cinnfidh an institiúid cuid chumhdaithe na neamhchosanta mar an luach is ísle de luach na neamhchosanta (E) agus luach coigeartaithe na cosanta creidmheasa neamhchistithe (GA), arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 235a(1). Ríomhfaidh an institiúid méid na neamhchosanta a ualaítear ó thaobh riosca agus méid an chaillteanais ionchasaigh i gcás na coda cumhdaithe de luach na neamhchosanta trí úsáid a bhaint as an PD, an LGD agus an fheidhm chéanna ualaithe riosca agus na cinn a úsáidtear i gcás aon neamhchosanta dírí inchomparáide ar an soláthraí cosanta, agus féadfaidh siad, i gcás inarb infheidhme, an aibíocht (M) a bhaineann leis an neamhchosaint fholuiteach a úsáid, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 162.
Airteagal 236a 2.
I gcás institiúidí a chuireann Cur Chuige IRB a leagtar amach i gCaibidil 3 i bhfeidhm, ach gan a meastacháin féin ar LGD a úsáid le haghaidh neamhchosaintí díreacha inchomparáide ar an soláthraí cosanta, cinnfidh siad an LGD i gcomhréir le hAirteagal 161(1). I gcás neamhchosaintí fo-ordaithe agus cosaint creidmheasa neamhchistithe neamh-fho-ordaithe, is é a bheidh san LGD atá le cur i bhfeidhm ag institiúidí maidir leis an gcuid chumhdaithe de luach na neamhchosanta an LGD atá bainteach le héilimh shinsearacha agus féadfaidh na hinstitiúidí cuntas a thabhairt ar aon chosaint creidmheasa chistithe lena n-urraítear an chosaint creidmheasa neamhchistithe i gcomhréir leis an gCaibidil seo.
Airteagal 236a 3.
I gcás institiúidí a chuireann Cur Chuige IRB a leagtar amach i gCaibidil 3 i bhfeidhm trína meastacháin féin ar LGD a úsáid le haghaidh neamhchosaintí díreacha inchomparáide ar an soláthraí cosanta, ríomhfaidh siad an t-ualú riosca agus an caillteanas ionchasach is infheidhme maidir leis an gcuid chumhdaithe den neamhchosaint fholuiteach trí úsáid a bhaint as an PD, an LGD agus an fheidhm chéanna ualaithe riosca agus na cinn a úsáidtear i gcás aon neamhchosanta dírí inchomparáide ar an soláthraí cosanta, agus úsáidfidh siad, i gcás inarb infheidhme, an aibíocht (M) a bhaineann leis an neamhchosaint fholuiteach a úsáid, arna ríomh, i gcomhréir le hAirteagal 162.
Airteagal 236a 4.
Institiúidí a chuireann Cur Chuige IRB i bhfeidhm maidir le neamhchosaintí díreacha inchomparáide ar an soláthraí cosanta a úsáideann an modh dá bhforáiltear in Airteagal 153(5), úsáidfidh siad an t-ualú riosca agus an caillteanas ionchasach is infheidhme maidir leis an gcuid chumhdaithe den neamhchosaint a chomhfhreagraíonn do na cinn dá bhforáiltear in Airteagail 153(5) agus 158(6).
Airteagal 236a 5.
I gcás aon chuid neamhchumhdaithe de luach na neamhchosanta (E), úsáidfidh institiúidí an t-ualú riosca agus an caillteanas ionchasach a chomhfhreagraíonn don neamhchosaint fholuiteach. I gcás an ríomha a leagtar amach in Airteagal 159, déanfaidh institiúidí coigeartuithe ginearálta nó sonracha ar bith i leith riosca creidmheasa nó coigeartuithe luacha breise ar bith arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 34 a bhaineann le gnó leabhair neamhthrádála na hinstitiúide nó le laghduithe eile ar chistí dílse a bhaineann leis an neamhchosaint seachas na hasbhaintí a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 36(1), pointe (m), a shannadh don chuid neamhchumhdaithe de luach na neamhchosanta.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.