+Airteagal 247 Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh
---+Airteagal 247 1.
---+Airteagal 247 2.
---+Airteagal 247 3.
---+Airteagal 247 4.
---+Airteagal 247 5.
---+Airteagal 247 6.
|
Airteagal 247 Méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 247 1.
|
I gcás inar aistrigh institiúid tionscnóra priacal creidmheasa suntasach a bhaineann le risíochtaí foluiteacha an urrúsaithe i gcomhréir le Roinn 2, féadfaidh an institiúid sin:
(a)
i gcás urrúsú traidisiúnta, na risíochtaí foluiteacha a eisiamh le linn di méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail, agus mar is ábhartha, méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh;
(b)
i gcás urrúsú sintéiseach, méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail agus, más ábhartha, méideanna an chaillteanais ionchasaigh a ríomh, i leith na risíochtaí foluiteacha i gcomhréir le hAirteagal 251 agus le hAirteagal 252.
|
|
Airteagal 247 2.
|
I gcás inar chinn an institiúid tionscnóra mír 1 a chur i bhfeidhm, ríomhfaidh sí na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a leagtar síos sa Chaibidil seo i leith na suíomhanna a d’fhéadfadh sí a shealbhú laistigh den urrúsú sin. I gcás nár aistrigh an institiúid tionscnóra priacal creidmheasa suntasach nó gur chinn sí gan mír 1 a chur i bhfeidhm, ní chuirfear de cheangal uirthi méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh i leith aon suíomh a d’fhéadfadh a bheith aici laistigh den urrúsú ach leanfaidh sí de na risíochtaí foluiteacha agus, i gcás inarb abhartha, méideanna an chaillteananais ionchasaigh, a áireamh le linn di méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail a ríomh amhail is nár urrúsaíodh riamh iad.
|
|
Airteagal 247 3.
|
I gcás ina bhfuil risíocht ann ar shuíomhanna i dtráinsí éagsúla laistigh d’urrúsú, measfar gur suíomh urrúsúcháin ar leith í an risíocht ar gach aon tráinse. Measfar go mbeidh suíomhanna san urrúsú á sealbhú ag soláthraithe na cosanta creidmheasa do shuíomhanna urrúsúcháin. Áireofar sna suíomhanna urrúsúcháin risíochtaí ar urrúsú a thagann as conarthaí díorthach ráta úis nó airgeadra atá déanta ag an institiúid tráth an idirbhirt.
|
|
Airteagal 247 4.
|
Mura n-asbhaintear suíomh urrúsúcháin as ítimí Ghnáthchothromas Leibhéal 1 de bhun phointe (k) d’Airteagal 36(1), áireofar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail in iomlán na méideanna risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail de chuid na hinstitiúide chun críocha Airteagal 92(3).
|
|
Airteagal 247 5.
|
Déanfar an méid risíochta atá ualaithe ó thaobh priacail suímh urrúsúcháin a ríomh trí luach risíochta an tsuímh, luach a ríomhtar mar a leagtar amach in Airteagal 248, a iolrú faoin ualú iomlán priacail ábhartha.
|
|
Airteagal 247 6.
|
Socrófar an t-ualú iomlán priacail mar shuim an ualaithe priacail a leagtar amach sa Chaibidil seo agus aon ualaithe priacail breise i gcomhréir le hAirteagal 270a.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|