+Airteagal 270 Suíomhanna sinsearacha in urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe
---+Airteagal 270 1.
---+Airteagal 270 2.
---+Airteagal 270 3.
---+Airteagal 270 4.

Airteagal 270 Suíomhanna sinsearacha in urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 270 1.

Na méideanna risíochta a ualaítear de réir priacal de shuíomh urrúsúcháin in urrúsú STS laistigh den chlár comhardaithe dá dtagraítear in Airteagal 26a(1) de Rialachán (AE) 2017/2402, féadfaidh institiúid tionscnóra na méideanna sin a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 260, 262 nó 264 den Rialachán seo, de réir mar is infheidhme, i gcás ina gcomhlíonann an suíomh sin an dá choinníoll seo a leanas:

(a) 

go gcomhlíontar leis an urrúsú na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 243(2);

(b) 

go gcáilíonn an suíomh mar an suíomh urrúsúcháin sinsearach.

Airteagal 270 2.

Déanfaidh ÚBE faireachán ar chur i bhfeidhm mhír 1, go háirithe i ndáil leis an méid seo a leanas:

(a) 

méid margaidh agus sciar margaidh urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe a gcuireann an institiúid tionscnóra mír 1 i bhfeidhm ina leith ar fud aicmí éagsúla sócmhainní;

(b) 

leithdháileadh breathnaithe na gcaillteanas ar an tráinse sinsearach agus ar thráinsí eile d’urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe, i gcás ina gcuireann an institiúid tionscnóra mír 1 i bhfeidhm i leith an tsuímh shinsearaigh atá ann in urrúsuithe den sórt sin;

(c) 

tionchar chur i bhfeidhm mhír 1 ar luamhánú na n-institiúidí;

(d) 

tionchar na húsáide a bhaintear as urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe, ar urrúsuithe iad a gcuireann an institiúid tionscnóra mír 1 i bhfeidhm ina leith maidir le hionstraimí caipitil a bheith á n-eisiúint ag na hinstitiúidí tionscnóra faoi seach.

Airteagal 270 3.
Cuirfidh ÚBE tuarascáil ar na torthaí faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Aibreán 2023.
Airteagal 270 4.
Faoin 10 Deireadh Fómhair 2023, déanfaidh an Coimisiún, ar bhonn na tuarascála dá dtagraítear i mír 3, tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar chur i bhfeidhm an Airteagail seo, ina dtabharfar aird ar leith ar an bpriacal luamhánaithe iomarcaigh a thagann as úsáid a bhaint as urrúsuithe STS laistigh den chlár comhardaithe atá incháilithe le haghaidh na láimhseála i gcomhréir le mír 1 agus ionstraimí caipitil a bheith á n-eisiúint ag na hinstitiúidí tionscnóra tríd an úsáid sin, agus ar an ionadú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an eisiúint sin. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.