+Airteagal 288 Athbhreithniú ar chóras bainistíochta CCR

Airteagal 288 Athbhreithniú ar chóras bainistíochta CCR

Airteagal 288

Athbhreithniú ar chóras bainistíochta CCR

Déanfaidh institiúid athbhreithniú neamhspleách rialta ar a córas bainistíochta CCR trína próiseas iniúchta inmheánaigh. Áireofar leis an athbhreithniú sin gníomhaíochtaí na n-aonad bainistíochta rialaithe agus comhthaobhachta araon a cheanglaítear le hAirteagal 287 agus tabharfar aghaidh ar na nithe seo a leanas go sainiúil, ar a laghad:

(a) 

leordhóthanacht dhoiciméadú an chórais agus an phróisis bhainistíochta CCR a cheanglaítear le hAirteagal 286;

(b) 

eagrúchán an aonaid rialaithe CCR a cheanglaítear le hAirteagal 287(1)(a);

(c) 

eagrúchán an aonaid bhainistíochta comhthaobhachta a cheanglaítear le hAirteagal 287(1)(b);

(d) 

comhtháthú na mbeart CCR le bainistíocht laethúil ►C9  riosca ◄ ;

(e) 

an próiseas faofa maidir le samhlacha praghsála ►C9  riosca ◄ agus córais luachála arna n-úsáid ag pearsanra na hoifige tosaigh agus na cúloifige;

(f) 

bailíochtú aon athraithe shuntasaigh ar an bpróiseas tomhais CCR;

(g) 

raon feidhme an CCR arna ghabháil ag an tsamhail tomhais ►C9  riosca ◄ ;

(h) 

sláine an chórais faisnéise bainistíochta;

(i) 

beachtas agus iomláine na sonraí CCR;

(j) 

léiriú beacht na dtéarmaí dlíthiúla i gcomhaontuithe comhthaobhachta agus glanluachála go tomhais luachanna ►C9  neamhchosaintí ◄ ;

(k) 

fíorú ar chomhsheasmhacht, ar thráthúlacht agus ar iontaofacht na bhfoinsí sonraí a úsáidtear chun samhlacha a rith, lena n-áirítear neamhspleáchas foinsí sonraí den sórt sin;

(l) 

beachtas agus oiriúnacht na dtoimhdí luaineachta agus comhghaolúcháin;

(m) 

beachtas na ríomhanna luachála agus claochlaithe ►C9  riosca ◄ ;

(n) 

fíorú ar bheachtas na samhla trí chúltástáil a dhéanamh go minic mar a leagtar amach i bpointí (b) go (e) d'Airteagal 293(1);

(o) 

comhlíonadh na gceanglas rialála ábhartha ag an aonad rialaithe agus aonad bainistíochta comhthaobhachta CCR.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.