+Airteagal 291 5.

Airteagal 291 5.

Déanfaidh institiúidí a gceanglas cistí dílse a ríomh le haghaidh CCR maidir le hidirbhearta i gcás ina ndearnadh ►C9  sainriosca ◄ comhghaolmhaireachta a aithint agus i gcás ina bhfuil baint dhlíthiúil idir an contrapháirtí agus eisitheoir bhunionstraim an díorthaigh bhunúsaí thar an gcuntar nó bhunionstraim na n-idirbheart dá dtagraítear i bpointe (b), i bpointe (c) agus i bpointe (d) d'Airteagal 273(2), i gcomhréir leis na prionsabail seo a leanas:

(a) 

tá ►C9  sainriosca ◄ comhghaolmhaireachta ann ach ní dhéanfar na hionstraimí a áireamh sa tacar glanluachála céanna ina bhfuil idirbhearta eile leis an gcontrapháirtí, agus láimhseálfar gach ceann acu mar thacar glanluachála ar leith;

(b) 

laistigh de thacar glanluachála ar leith den sórt sin, maidir le babhtálacha mainneachtana creidmheasa aonainm, is ionann luach na ►C9  neamhchosanta ◄ agus an caillteanas ionchasach iomlán i luach an luacha chóir atá fágtha de na bunionstraimí bunaithe ar an toimhde go bhfuil an t-eisitheoir foluiteach faoi leachtú;

(c) 

beidh an LGD d'institiúid a úsáideann an cur chuige a leagtar amach i gCaibidil 3 cothrom le 100 % le haghaidh idirbheart babhtála den sórt sin;

(d) 

nó institiúid a úsáideann an cur chuige a leagtar amach i gCaibidil 2, beidh an ►C9  t-ualach riosca ◄ infheidhme coibhéiseach leis sin a bhaineann le hidirbheart neamhurraithe;

(e) 

maidir le gach idirbheart eile lena ndéantar aon ainm a thagairt i dtacar glanluachála ar leith den sórt sin, beidh ríomh luach na ►C9  neamhchosanta ◄ comhsheasmhach leis an toimhde go mainneofar na bunoibleagáidí sin gan choinne i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir ceangailte go dlíthiúil leis an gcontrapháirtí. Maidir le hidirbhearta lena ndéantar bascaed ainmneacha nó innéacs a thagairt, cuirfear i bhfeidhm mainneachtain na mbunoibleagáidí faoi seach, i gcás ina bhfuil an t-eisitheoir ceangailte go dlíthiúil leis an gcontrapháirtí, más ábhartha;

▼M17

(f) 

sa mhéid go n-úsáideann an ríomh um riosca margaidh leis sin le haghaidh ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca mainneachtana mar a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil 1d, Roinn 4 nó 5, nó le haghaidh riosca mainneachtana trí úsáid a bhaint as samhail inmheánach i gcomhair riosca mainneachtana mar a leagtar amach i dTeideal IV, Caibidil 1b, Roinn 3, ina bhfuil toimhde LGD cheana féin, is é 100 % an LGD a úsáidfear san fhoirmle.

▼B

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.