+Airteagal 314 7.

Airteagal 314 7.

Ní úsáidfidh institiúidí aon cheann de na gnéithe seo a leanas le linn dóibh a dtáscaire gnó a ríomh:

(a) 

ioncam agus speansais ó ghnólacht árachais nó athárachais;

(b) 

préimheanna arna n-íoc agus íocaíochtaí arna bhfáil ó pholasaithe árachais nó athárachais arna gceannach;

(c) 

speansais riaracháin, lena n-áirítear speansais foirne, táillí seachfhoinsithe arna n-íoc as seirbhísí a soláthraíodh nach seirbhísí airgeadais iad, agus speansais eile riaracháin;

(d) 

gnóthú speansas riaracháin lena n-áirítear gnóthú íocaíochtaí thar ceann custaiméirí;

(e) 

speansais áitribh agus sócmhainní seasta, ach amháin i gcás inar toradh iad na speansais sin ar theagmhais riosca oibriúcháin;

(f) 

dímheas sócmhainní inláimhsithe agus amúchadh sócmhainní doláimhsithe, seachas an dímheas a bhaineann le sócmhainní léasaithe oibriúcháin, a áireofar i speansais léasa airgeadais agus oibriúcháin;

(g) 

soláthairtí agus cealú soláthairtí, seachas i gcás ina mbaineann na soláthairtí sin le teagmhais riosca oibriúcháin;

(h) 

speansais i ngeall ar scairchaipiteal atá inaisíoctha ar éileamh;

(i) 

lagú agus cealú laguithe;

(j) 

athruithe ar cháilmheas arna n-aithint i mbrabús nó i gcaillteanas;

(k) 

cáin chorparáide.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.