+Airteagal 325az Cur chuige na samhla inmheánaí malartaí agus cead samhlacha inmheánacha malartacha a úsáid
---+Airteagal 325az 1.
---+Airteagal 325az 2.
---+Airteagal 325az 3.
---+Airteagal 325az 4.
---+Airteagal 325az 5.
---+Airteagal 325az 6.
---+Airteagal 325az 7.
---+Airteagal 325az 8.
---+Airteagal 325az 9.
---+Airteagal 325az 10.
|
Airteagal 325az Cur chuige na samhla inmheánaí malartaí agus cead samhlacha inmheánacha malartacha a úsáid
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 325az 1.
|
Féadfaidh institiúid an cur chuige malartach samhla inmheánaí a úsáid chun a ceanglais cistí dílse a ríomh le haghaidh riosca margaidh, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh an institiúid na ceanglais uile a leagtar síos sa Chaibidil seo.
|
|
Airteagal 325az 2.
|
Tar éis dóibh a fhíorú gur chomhlíon na hinstitiúidí na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 325bh, 325bi agus 325bj, ceadóidh údaráis inniúla d'institiúidí a gceanglais cistí dílse féin do phunann na suíomhanna go léir arna sannadh do dheasca trádála a ríomh trí úsáid a bhaint as a samhlacha inmheánacha i gcomhréir le hAirteagal 325ba, ar choinníoll go gcomhlíonfar na ceanglais uile seo a leanas:
(a)
bunaíodh na deasca trádála i gcomhréir le hAirteagal 104b;
(b)
tá sé mínithe ag an institiúid don údarás inniúil cad chuige ar chuimsigh sí deasca trádála i raon feidhme chur chuige na samhla inmheánaí malartaí;
▼M17
(c)
tá na ceanglais chúltástála dá dtagraítear in Airteagal 325bf(3) á gcomhlíonadh ag na deasca trádála;
(d)
tá na ceanglais sannta brabúis agus caillteanais (“sannadh B&C”) dá dtagraítear in Airteagal 325bg á gcomhlíonadh ag na deasca trádála;
▼M8
(e)
maidir le deasca trádála ar sannadh ceann amháin de na suíomhanna leabhair trádála dá dtagraítear in Airteagal 325bl, comhlíonann na deasca trádála na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 325bm maidir leis an tsamhail phriacail mainneachtana inmheánach;
(f)
níor sannadh aon suíomhanna urrúsúcháin ná aon suíomhanna ath-urrúsúcháin do na deasca trádála;
▼M17
(g)
níl aon suíomh i ngnóthais chomhinfheistíochta a chomhlíonann an coinníoll a leagtar amach in Airteagal 104(8), pointe (b), sannta do na deasca trádála.
▼M8
Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, ní bheidh sé ina dhreasacht gan deasca trádála a chuimsiú i raon feidhme chur chuige na samhla inmheánaí malartaí go mbeadh an ceanglas cistí dílse arna ríomh faoin gcur chuige malartach caighdeánaithe a leagtar amach i bpointe (a) d'Airteagal 325(3) níos ísle ná an ceanglas cistí dílse arna ríomh faoi chur chuige na samhla inmheánaí malartaí;
|
|
Airteagal 325az 3.
|
Institiúidí ar deonaíodh cead dóibh chun an cur chuige malartach samhla inmheánaí a úsáid, déanfaidh siad an ceanglas tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 325(3) a chomhlíonadh freisin.
|
|
Airteagal 325az 4.
|
Tabharfaidh institiúid dar tugadh an cead dá dtagraítear i mír 2 a fógra gan mhoill dá húdaráis inniúla i gcás nach gcomhlíonfaidh ceann dá deasca trádála a thuilleadh ceann amháin, ar a laghad, de na ceanglais a leagtar amach sa mhír sin. Ní cheadófar a thuilleadh don institiúid an Caibidil sin a chur i bhfeidhm maidir le haon cheann de na suíomhanna a shanntar don deasc trádála sin agus déanfaidh sí na ceanglais cistí dílse i gcomhair
►C12
riosca ◄ margaidh a ríomh i gcomhréir leis an gcur chuige a leagtar amach i gCaibidil 1a maidir leis na suíomhanna uile a shanntar don deasc trádála sin ón dáta tuairiscithe is luaithe agus go dtí go léireoidh an institiúid do na húdaráis inniúla go bhfuil na ceanglais go léir a leagtar amach i mír 2 á gcomhlíonadh ag an deasc trádála.
|
|
Airteagal 325az 5.
|
De mhaolú ar mhír 4, in imthosca neamhghnácha, féadfaidh údaráis inniúla cead a thabhairt d'institiúid leanúint dá samhlacha inmheánacha malartacha a úsáid chun críche ceanglais cistí dílse i gcomhair
►C12
riosca ◄ margaidh deisce trádála a ríomh nach gcomhlíonann na coinníollacha a thuilleadh dá dtagraítear i bpointe (c) de mhír 2 den Airteagal seo agus in Airteagal 325bg(1). Nuair a fheidhmeoidh údaráis inniúla an rogha sin, tabharfaidh siad fógra do ÚBE agus tabharfaidh siad bunús leis an gcinneadh sin.
|
|
Airteagal 325az 6.
|
Maidir le suíomhanna a shanntar do na deasca trádála nach bhfuil an cead dá dtagraítear i mír 2 faighte ina dtaobh ag institiúid, déanfaidh an institiúid sin na ceanglais cistí dílse i gcomhair
►C12
riosca ◄ margaidh a ríomh i gcomhréir le Caibidil 1a den Teideal seo. Chun críocha an ríomha sin, déanfar na suíomhanna sin go léir a mheas ar bhonn leithleach mar phunann ar leithligh.
|
|
Airteagal 325az 7.
|
Maidir le hathruithe ábhartha ar úsáid na samhlacha inmheánacha malartacha a bhfuil cead faighte ag institiúid lena n-úsáid, maidir le síneadh ar úsáid na samhlacha inmheánacha malartacha a bhfuil cead faighte ag an institiúid lena n-úsáid, agus maidir le hathruithe ábhartha ar rogha na hinstitiúidí d'fho-thacar na bhfachtóirí
►C12
riosca ◄ insamhaltaithe dá dtagraítear in Airteagal 325bc(2), éileofar leis na hathruithe sin cead ar leithligh ó na húdaráis inniúla. Cuirfidh na hinstitiúidí na húdaráis inniúla ar an eolas maidir leis na síntí agus na hathruithe uile ar fad a dhéanfar ar an úsáid a bhaintear as na samhlacha inmheánacha malartacha dá bhfuil cead faighte ag an institiúid.
|
|
Airteagal 325az 8.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d'fhonn na nithe seo a leanas a shonrú:
(a)
na coinníollacha faoina ndéanfar measúnú ar ábharthacht na síntí agus na n-athruithe ar úsáid samhlacha inmheánacha malartacha agus ar athruithe ar bhfo-thacar na bhfachtóirí
►C12
riosca ◄ insamhaltaithe dá dtagraítear in Airteagal 325bc;
▼M17
(b)
an mhodheolaíocht measúnaithe faoina bhfíoraíonn údaráis inniúla an gcomhlíonann institiúid na ceanglais a leagtar amach sa Chaibidil seo.
▼M8
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoi cheann 28 Meitheamh 2024. Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
|
Airteagal 325az 9.
|
Eiseoidh ÚBE tuairim i dtaobh arbh ann d'imthosca urghnácha mar a thagraítear dóibh i mír 5 den Airteagal seo agus in Airteagal 325bf(6), an dara fomhír. Chun an tuairim sin a sholáthar, déanfaidh ÚBE faireachán ar dhálaí an mhargaidh chun a mheasúnú arbh ann d'imthosca urghnácha agus i gcás inarb amhlaidh gurbh ann dóibh, tabharfaidh sé fógra láithreach don Choimisiún ina leith.
|
|
Airteagal 325az 10.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla rialála d’fhonn na coinníollacha agus na táscairí a shonrú atá le húsáid ag ÚBE chun a chinneadh arbh ann d'imthosca urghnácha. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 30 Meitheamh 2024. Tarmligfear an chumhacht chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|