+Airteagal 346 Lamháltas le haghaidh fálú ag díorthaigh chreidmheasa
---+Airteagal 346 1.
---+Airteagal 346 2.
---+Airteagal 346 3.
---+Airteagal 346 4.
---+Airteagal 346 5.
---+Airteagal 346 6.
|
Airteagal 346 Lamháltas le haghaidh fálú ag díorthaigh chreidmheasa
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 346 1.
|
Tabharfar lamháltas le haghaidh fálú a chuireann díorthaigh chreidmheasa ar fáil, i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha amach i míreanna 2 go 6.
|
|
Airteagal 346 2.
|
Láimhseálfaidh institiúidí an suíomh sa díorthach creidmheasa mar “chéim” amháin agus an suíomh fálaithe a bhfuil an méid ainmniúil céanna, nó nuair is infheidhme, an méid barúlach céanna, aige mar an “chéim” eile.
|
|
Airteagal 346 3.
|
Tabharfar lamháltas iomlán nuair a ghluaiseann luachanna an dá chéim ar malairt treonna agus má ghluaiseann siad an méid céanna i gcónaí tríd is tríd. Beidh an scéal amhlaidh sna cásanna seo a leanas:
(a)
ionstraimí atá comhionann le chéile go hiomlán atá sa dá chéim;
(b)
tá suíomh fada airgid fálaithe ag babhtáil ráta toraidh iomlán (nó vice versa) agus tá an oibleagáid tagartha comhoiriúnaithe go cruinn leis an
►C9
neamhchosaint ◄ fholuitheach (i.e. an suíomh airgid). D'fhéadfadh aibíocht na babhtála féin a bheith éagsúil ó aibíocht na
►C9
neamhchosanta ◄ foluiteach.
Sna cásanna sin, ní chuirfear ceanglas cistí dílse le haghaidh
►C9
riosca ◄ shonraigh i bhfeidhm maidir le ceachtar taobh den suíomh.
|
|
Airteagal 346 4.
|
Cuirfear fritháireamh 80 % i bhfeidhm nuair a ghluaiseann luachanna an dá chéim i malairt treonna agus nuair atá comhoiriúnú cruinn ann ó thaobh na hoibleagáide tagartha, ó thaobh aibíocht na hoibleagáide tagartha agus an díorthaigh chreidmheasa araon, agus ó thaobh airgeadra na
►C9
neamhchosanta ◄ foluiteach. Ina theannta sin, ní chuirfidh gnéithe tábhachtacha den chonradh díorthach creidmheasa faoi deara go mbeidh gluaiseacht praghsanna an díorthaigh chreidmheasa ag diall go hábhartha ó ghluaiseachtaí praghsanna an tsuímh airgid. A mhéid a ndéanann an t-idirbheart
►C9
riosca ◄ a aistriú, cuirfear fritháireamh 80 % i bhfeidhm maidir le taobh an idirbhirt a bhfuil ceanglas cistí dílse níos airde aige, agus beidh na ceanglais
►C9
riosca ◄ shonraigh ar an taobh eile cothrom le nialas.
|
|
Airteagal 346 5.
|
Tabharfar lamháltas páirteach, sna cásanna seo a leanas, in éagmais na gcásanna i mír 3 agus mír 4:
(a)
tagann an suíomh faoi mhír 3(b) ach tá neamhréir sócmhainní ann idir an oibleagáid tagartha agus an
►C9
neamhchosaint ◄ fholuiteach. Mar sin féin, comhlíonann na suímh na ceanglais seo a leanas:
(i)
tá an oibleagáid tagartha ar chomhchéim nó ar chéim níos sóisearaí ná an noibleagáid foluiteach;
(ii)
tá an t-oibleagáideoir céanna ag an oibleagáid foluiteach agus ag an oibleagáid tagartha agus tá clásail um thrasmhainneachtain nó clásail um thras-luathú iontu atá infheidhme le dlí;
(b)
tagann an suíomh faoi mhír 3(a) nó faoi mhír 4 ach tá neamhréir airgeadra nó aisioncronacht aibíochta ann idir an chosaint chreidmheasa agus an sócmhainn fholuiteach. Áireofar neamhréir airgeadra den chineál sin sa cheanglas cistí dílse le haghaidh
►C9
riosca ◄ malairte eachtraí;
(c)
tagann an suíomh faoi mhír 4 ach tá neamhréir sócmhainní ann idir an suíomh airgid agus an díorthach creidmheasa. Mar sin féin, tá an sócmhainn fholuiteach ar áireamh sna hoibleagáidí (inseachadta) i ndoiciméadacht an díorthaigh chreidmheasa.
D'fhonn lamháltas páirteach a thabhairt, seachas na ceanglais cistí dílse le haghaidh
►C9
riosca ◄ shonraigh a chur le gach taobh den idirbheart, ní bheidh feidhm ach ag an gceann is airde den dá cheanglas cistí dílse.
|
|
Airteagal 346 6.
|
I ngach cás nach dtagann faoi mhíreanna 3 go 5, déanfar ceanglas cistí dílse le haghaidh
►C9
riosca ◄ shonraigh a ríomh ar leithligh don dá thaobh de na suímh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|