+Airteagal 383p Ualuithe riosca do riosca raoin difríochta creidmheasa an chontrapháirtí
---+Airteagal 383p 1.
---+Airteagal 383p 2.
---+Airteagal 383p 3.
---+Airteagal 383p 4.
|
Airteagal 383p Ualuithe riosca do riosca raoin difríochta creidmheasa an chontrapháirtí
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 383p 1.
|
Beidh na hualuithe riosca do na híogaireachtaí deilte ar fhachtóirí riosca raoin difríochta creidmheasa an chontrapháirtí mar an gcéanna i gcás gach aibíochta (0,5 bliain, 1 bhliain, 3 bliana, 5 bliana, 10 mbliana) laistigh de gach buicéad i dTábla 1 agus is mar a leanas a bheidh siad:
Tábla 1
|
Uimhir bhuicéid
|
Cáilíocht creidmheasa
|
Earnáil
|
Ualú riosca
|
|
1
|
Uile
|
Rialtas láir, lena n-áirítear bainc ceannais, de chuid na mBallstát
|
0,5 %
|
|
2
|
Céimeanna cáilíochta creidmheasa 1 go 3
|
Rialtas láir, lena n-áirítear bainc cheannais, tríú tíortha, bainc forbartha iltaobhacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 117(2) agus in Airteagal 118
|
0,5 %
|
|
3
|
Rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil agus eintitis earnála poiblí
|
1,0 %
|
|
4
|
Eintitis earnála airgeadais, lena n-áirítear institiúidí creidmheasa atá ionchorpraithe nó bunaithe ag rialtas láir, rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil, agus iasachtóirí cur chun cinn
|
5,0 %
|
|
5
|
Ábhair bhunúsacha, fuinneamh, scaireanna tionsclaíocha, talmhaíocht, monarú, mianadóireacht agus cairéalacht
|
3,0 %
|
|
6
|
Earraí agus seirbhísí tomhaltais, iompar agus stóráil, gníomhaíochtaí seirbhíse tacaíochta agus riaracháin
|
3,0 %
|
|
7
|
Teicneolaíocht, teileachumarsáid
|
2,0 %
|
|
8
|
Cúram sláinte, fóntais, gníomhaíochtaí gairmiúla agus teicniúla
|
1,5 %
|
|
9
|
Bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa atá bunaithe i mBallstáit
|
1,0 %
|
|
10
|
Céim cáilíochta creidmheasa 1
|
Bannaí faoi chumhdach arna n-eisiúint ag institiúidí creidmheasa i dtríú tíortha
|
1,5 %
|
|
Céimeanna cáilíochta creidmheasa 2 go 3
|
2,5 %
|
|
11
|
Céimeanna cáilíochta creidmheasa 1 go 3
|
Earnáil eile
|
5,0 %
|
|
12
|
Innéacsanna cáilithe
|
1,5 %
|
|
13
|
Céimeanna cáilíochta creidmheasa 4 go 6 agus gan rátáil
|
Rialtas láir, lena n-áirítear bainc cheannais, tríú tíortha, bainc forbartha iltaobhacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 117(2) agus in Airteagal 118
|
2,0 %
|
|
14
|
Rialtas réigiúnach nó údarás áitiúil agus eintitis earnála poiblí
|
4,0 %
|
|
15
|
Eintitis earnála airgeadais, lena n-áirítear institiúidí creidmheasa atá ionchorpraithe nó bunaithe ag rialtas láir, ag rialtas réigiúnach nó ag údarás áitiúil, agus iasachtóirí cur chun cinn
|
12,0 %
|
|
16
|
Ábhair bhunúsacha, fuinneamh, scaireanna tionsclaíocha, talmhaíocht, monarú, mianadóireacht agus cairéalacht
|
7,0 %
|
|
17
|
Earraí agus seirbhísí tomhaltais, iompar agus stóráil, gníomhaíochtaí seirbhíse tacaíochta agus riaracháin
|
8,5 %
|
|
18
|
Teicneolaíocht, teileachumarsáid
|
5,5 %
|
|
19
|
Cúram sláinte, fóntais, gníomhaíochtaí gairmiúla agus teicniúla
|
5,0 %
|
|
20
|
Earnáil eile
|
12,0 %
|
|
21
|
Innéacsanna cáilithe
|
5,0 %
|
I gcás nach bhfuil aon rátálacha seachtracha ann do chontrapháirtí sonrach, féadfaidh institiúidí, faoi réir fhormheas na n-údarás inniúil, an rátáil inmheánach a mhapáil le rátáil sheachtrach chomhfhreagrach agus ualú riosca a shannadh a chomhfhreagraíonn do chéimeanna cáilíochta creidmheasa 1 go 3 nó do chéimeanna cáilíochta creidmheasa 4 go 6. Seachas sin, cuirfear i bhfeidhm na hualuithe riosca do neamhchosaintí gan rátáil;
|
|
Airteagal 383p 2.
|
Chun neamhchosaint ar riosca a shannadh d’earnáil, braithfidh institiúidí ar aicmiú a úsáidtear go coitianta sa mhargadh chun eisitheoirí a ghrúpáil de réir earnála. Ní dhéanfaidh institiúidí gach eisitheoir a shannadh ach do cheann amháin de na buicéid earnála a leagtar amach i dTábla 1. Neamhchosaintí ar riosca ó eisitheoir ar bith nach féidir le hinstitiúid a shannadh d’earnáil ar leith ar an gcaoi sin, déanfar na neamhchosaintí sin a shannadh do bhuicéad 11 nó buicéad 20 i dTábla 1, ag brath ar cháilíocht chreidmheasa an eisitheora.
|
|
Airteagal 383p 3.
|
Ní shannfaidh institiúidí ach neamhchosaintí a thagraíonn d’innéacsanna cáilithe dá dtagraítear in Airteagal 383b(4) do bhuicéad 12 agus 21 i dTábla 1.
|
|
Airteagal 383p 4.
|
Úsáidfidh institiúidí cur chuige an trébhreathnaithe chun íogaireachtaí neamhchosanta a thagraíonn d’innéacs neamhcháilithe a chinneadh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|