+Airteagal 384 An cur chuige bunúsach
---+Airteagal 384 1.
---+Airteagal 384 2.
---+Airteagal 384 3.
|
Airteagal 384 An cur chuige bunúsach
-
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 384 1.
|
Ríomhfaidh institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA i gcomhréir le mír 2 nó 3 den Airteagal seo, de réir mar is infheidhme, le haghaidh punann idirbheart le contrapháirtí amháin nó níos mó ná contrapháirtí amháin, ag úsáid ceann amháin de na foirmlí seo a leanas, de réir mar is iomchuí:
(a)
an fhoirmle a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo, i gcás ina gcuireann an institiúid fálú incháilithe amháin nó níos mó ná fálú incháilithe amháin a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 386 san áireamh sa ríomh;
(b)
an fhoirmle a leagtar amach i mír 3 den Airteagal seo, i gcás nach gcuirfidh an institiúid aon fhálú incháilithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 386 san áireamh sa ríomh.
Ní úsáidfear na cineálacha cur chuige a leagtar amach sa chéad fhomhír, pointí (a) agus (b), in éineacht le chéile.
|
|
Airteagal 384 2.
|
Déanfaidh institiúid a chomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh mar seo a leanas:
BACVAiomlántotal = β · BACVAcsr-neamhfhálaitheunhedged + DSCVA · (1 – β) · BACVAcsr-fálaithe
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
BACVAiomlán
|
= ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA faoin gcur chuige bunúsach;
|
|
BACVAcsr-neamhfhálaithe
|
= ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA faoin gcur chuige bunúsach mar a ríomhtar i gcomhréir le mír 3 le haghaidh institiúid a chomhlíonann an coinníoll a leagtar amach i mír 1, pointe (b);
|
i gcás inarb amhlaidh gur:
|
c
|
= an t-innéacs a sheasann do na contrapháirtithe uile a ríomhann an institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA ina leith ag úsáid an chur chuige a leagtar amach san Airteagal seo;
|
|
NS
|
= an t-innéacs a sheasann do na glanluachálacha uile le contrapháirtí ar leith a ríomhann an institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA ina leith ag úsáid an chur chuige a leagtar amach san Airteagal seo;
|
|
h
|
= an t-innéacs a sheasann do na hionstraimí aonainm uile a aithnítear mar fháluithe incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 386 le haghaidh contrapháirtí ar leith a ríomhann an institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA ina leith ag úsáid an chur chuige a leagtar amach san Airteagal seo;
|
|
I
|
= an t-innéacs a sheasann do na hionstraimí innéacs uile a aithnítear mar fháluithe incháilithe i gcomhréir le hAirteagal 386 le haghaidh gach contrapháirtí a ríomhann an institiúid na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA ina leith ag úsáid an chur chuige a leagtar amach san Airteagal seo;
|
|
RWc
|
= an t-ualú riosca is infheidhme maidir le contrapháirtí “c”; déanfar contrapháirtí “c” a mhapáil chuig ceann de na hualuithe riosca bunaithe ar mheascán d’earnáil agus cáilíocht chreidmheasa agus déanfar an mhapáil sin a chinneadh i gcomhréir le Tábla 1.
|
I gcás nach bhfuil aon rátálacha seachtracha ann do chontrapháirtí sonrach, féadfaidh institiúidí, faoi réir fhormheas na n-údarás inniúil, an rátáil inmheánach a mhapáil le rátáil sheachtrach chomhfhreagrach agus ualú riosca a shannadh a chomhfhreagraíonn do chéimeanna cáilíochta creidmheasa 1 go 3 nó do chéimeanna cáilíochta creidmheasa 4 go 6; seachas sin, cuirfear i bhfeidhm na hualuithe riosca do neamhchosaintí gan rátáil.
= aibíocht éifeachtach don tacar glanluachála NS le contrapháirtí “c”;
i gcomhréir le Foirmle 162; mar sin féin, maidir leis an ríomh sin, ní chuirfear uasteorainn 5 bliana léi, ach cuirfear í de réir na haibíochta conarthaí is faide a bheidh fágtha sa tacar glanluachála;
|
|
= luach neamhchosanta riosca chreidmheasa contrapháirtí an tacair glanluachála NS le contrapháirtí c, lena n-áirítear éifeacht na comhthaobhachta i gcomhréir leis na modhanna a leagtar amach i dTeideal II, Caibidil 6, Roinn 3 go 6, de réir mar is infheidhme, maidir leis na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca creidmheasa an chontrapháirtí dá dtagraítear in Airteagal 92(4), pointí (a) agus (g), a ríomh;
|
|
|
= fachtóir lascaine maoirseachta do thacar glanluachála NS le contrapháirtí “c”.
|
I gcás institiúide, ag úsáid na modhanna a leagtar amach i dTeideal II, Caibidil 6, Roinn 6, socrófar an fachtóir lascaine maoirseachta ag 1; i ngach cás eile, déanfar an fachtóir lascaine maoirseachta a ríomh mar a leanas:
|
rhc
|
= an fachtóir comhghaolúcháin maoirseachta idir riosca raoin difríochta creidmheasa chontrapháirtí “c” agus riosca raoin difríochta creidmheasa ionstraime aonainm a aithnítear mar fhálú incháilithe “h” le haghaidh contrapháirtí “c”, mar a chinntear i gcomhréir le Tábla 2;
|
|
|
= aibíocht iarmhair ionstraime aonainm a aithnítear mar fhálú incháilithe;
|
|
|
= luach barúlach ionstraime aonainm a aithnítear mar fhálú incháilithe;
|
|
|
= an fachtóir lascaine maoirseachta le haghaidh ionstraim aonainm a aithnítear mar fhálú incháilithe, arna ríomh mar a leanas:
|
|
|
= ualú riosca maoirseachta ionstraime aonainm a aithnítear mar fhálú incháilithe; déanfar na hualuithe riosca sin a bhunú ar mheascán d’earnáil agus cáilíocht chreidmheasa raon difríochta creidmheasa tagartha na hionstraime fálaithe agus déanfar iad a chinneadh i gcomhréir le Tábla 1;
|
|
|
= aibíocht iarmhair suímh amháin nó níos mó ná suíomh amháin san ionstraim innéacs chéanna a aithnítear mar fhálú incháilithe; i gcás ina bhfuil níos mó ná suíomh amháin san ionstraim innéacs chéanna, is é a bheidh san aibíocht ualaithe bharúlach maidir le gach ceann de na suíomhanna sin;
|
|
|
= luach barúlach iomlán suímh amháin nó níos mó ná suíomh amháin san ionstraim innéacs chéanna a aithnítear mar fhálú incháilithe;
|
|
|
= an fachtóir lascaine maoirseachta le haghaidh suíomh amháin nó níos mó ná suíomh amháin san ionstraim innéacs chéanna a aithnítear mar fhálú incháilithe, arna ríomh mar a leanas:
|
|
|
= ualú riosca maoirseachta ionstraime innéacs a aithnítear mar fhálú incháilithe; beidh bunaithe ar mheascán d’earnáil agus cáilíocht chreidmheasa na gcomhpháirteanna innéacs uile, arna ríomh mar a leanas:
(a)
i gcás ina bhfuil na comhpháirteanna innéacs uile san earnáil chéanna agus an cháilíocht chreidmheasa chéanna acu, mar a chinntear i gcomhréir le Tábla 1, déanfar a ríomh mar ualú riosca ábhartha Thábla 1 don earnáil agus don cháilíocht chreidmheasa sin arna iolrú faoi 0,7 ;
(b)
i gcás nach mbeidh na comhpháirteanna innéacs uile san earnáil chéanna nó nach bhfuil an cháilíocht chreidmheasa chéanna acu, déanfar a ríomh mar mheán ualaithe d’ualuithe riosca na gcomhpháirteanna innéacs uile, mar a chinntear i gcomhréir le Tábla 1, arna n-iolrú faoi 0,7 ;
|
Tábla 1
|
Earnáil an chontrapháirtí
|
Cáilíocht chreidmheasa
|
|
Céimeanna cáilíochta creidmheasa 1 go 3
|
Céimeanna cáilíochta creidmheasa 4 go 6 agus gan rátáil
|
|
Rialtas láir, lena n-áirítear bainc cheannais, bainc forbartha iltaobhacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 117(2) nó in Airteagal 118
|
0,5 %
|
2,0 %
|
|
Rialtais réigiúnacha nó údaráis áitiúla agus eintitis earnála poiblí
|
1,0 %
|
4,0 %
|
|
Eintitis earnála airgeadais, lena n-áirítear institiúidí creidmheasa atá ionchorpraithe nó bunaithe ag rialtas láir, ag rialtas réigiúnach nó ag údarás áitiúil, agus iasachtóirí cur chun cinn
|
5,0 %
|
12,0 %
|
|
Ábhair bhunúsacha, fuinneamh, scaireanna tionsclaíocha, talmhaíocht, monarú, mianadóireacht agus cairéalacht
|
3,0 %
|
7,0 %
|
|
Earraí agus seirbhísí tomhaltais, iompar agus stóráil, gníomhaíochtaí seirbhíse tacaíochta agus riaracháin
|
3,0 %
|
8,5 %
|
|
Teicneolaíocht, teileachumarsáid
|
2,0 %
|
5,5 %
|
|
Cúram sláinte, fóntais, gníomhaíochtaí gairmiúla agus teicniúla
|
1,5 %
|
5,0 %
|
|
Earnáil eile
|
5,0 %
|
12,0 %
|
Tábla 2
|
Comhghaolta idir raon difríochta creidmheasa an chontrapháirtí agus an fhálaithe aonainm
|
|
Fálú aonainm h de chontrapháirtí i
|
Luach rhc
|
|
Contrapháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 386(3), pointe (a)(i)
|
100 %
|
|
Contrapháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 386(3), pointe (a)(ii)
|
80 %
|
|
Contrapháirtithe dá dtagraítear in Airteagal 386(3), pointe (a)(iii)
|
50 %
|
|
|
Airteagal 384 3.
|
Déanfaidh institiúid a chomhlíonann an coinníoll dá dtagraítear i mír 1, pointe (b), na ceanglais cistí dílse le haghaidh riosca CVA a ríomh mar seo a leanas:
i gcás inarb iad na téarmaí uile na cinn a leagtar amach i mír 2.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|