+Airteagal 427 Ítimí a chuireann cistiú cobhsaí ar fáil
---+Airteagal 427 1.
---+Airteagal 427 2.

Airteagal 427 Ítimí a chuireann cistiú cobhsaí ar fáil

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 427 1.

Tabharfaidh insititiúidí tuairisc do na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar amach in Airteagal 415.1 agus leis na formáidí aonfhoirmeacha tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 415.3, ar na hítimí seo a leanas agus ar a gcomhpháirteanna d'fhonn deis a thabhairt measúnú a dhéanamh ar infhaighteacht an chistithe chobhsaí:

(a) 

na cistí dílse a leanas tar éis asbhaintí a chur i bhfeidhm i gcás inarb iomchu:í

(i) 

ionstraimí caipitil leibhéal 1;

(ii) 

ionstraimí caipitil leibhéal 2;

(iii) 

scaireanna tosaíochta eile agus ionstraimí caipitil eile de bhreis ar an méid ceadaithe de Leibhéal 2 agus aibíocht iarbhír de bhliain amháin nó níos mó acu;

(b) 

na dliteanais seo a leanas nach bhfuil ar áireamh i bpointe (a)

(i) 

taiscí miondíola a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 421(1);

(ii) 

taiscí miondíola a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 421(2);

▼C2

(iii) 

taiscí a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 422(3) agus (4);

▼B

(iv) 

asmeasc na dtaiscí dá dtagraítea ibpointe (iii), iad sin atá faoi réir Scéim Ráthaíochta Taisce i gcomhréir le h Treoir 94/19/CE ►C2  nó scéim ráthaíochta taisce choibhéiseach i dtríú tír, ar scéim í atá faoi chuimsiú théarmaí Airteagal 421(1); ◄

(v) 

as measc na dtaiscí dá dtagraítear in (iii), iad sin a thagann faoi phointe (b) d'Airteagal 422(4);

(vi) 

as measc na dtaiscí dá dtagraítear in (iii), iad sin a thagann faoi phointe (d) d'Airteagal 422(43);

(vii) 

méideanna arna dtaisceadh nach dtagann faoi phointe (i), (ii) nó (iii) mura ndéanann custaiméirí airgeadais iad a thaisceadh;

(viii) 

gach cistiú arna fháil ó chustaiméirí airgeadais;

(ix) 

ar bhonn leithligh maidir le méideanna a thagann faoi (vi) agus (vii) faoi seach, cistiú ó iasachtú urraithe agus idirbhearta caipitil atá faoi thionchar an mhargaidh mar a shainmhínítear i bpointe (3) d'Airteagal 192:

— 
arna gcomhthaobhú le sócmhainní a cháileodh mar shócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416;
— 
arna gcomhthaobhú le sócmhainní ar bith eile;

▼M10

(x) 

dliteanais a eascraíonn as urrúis arna n‐eisiúint a cháilíonn don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) nó (5) den Rialachán seo nó as bannaí faoi chumhdach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2019/2162;

▼B

(xi) 

na dliteanais a leanas a thig ó urrúis eisithe, nach dtagann faoi phointe (a)

— 
dliteanais a thig ó urrúis eisithe a bhfuil dáta aibíochta iarbhír de bhliain amháin nó níos mó leo;
— 
dliteanais a thig ó urrúis eisithe a bhfuil dáta aibíochta iarbhír de níos lú ná bliain amháin leo,
(xii) 

aon dliteanais eile.

Airteagal 427 2.

Nuair is infheidhme, cuirfear gach ítim i láthair sna cúig bhuicéad seo a leanas de réir ghaireacht an dáta aibíochta atá leo agus an dáta is luaithe ar ar féidir iad a ghlaoch go conarthach:

(a) 

laistigh de thrí mhí,

(b) 

idir trí mhí agus sé mhí;

(c) 

idir sémhí agus naoi mí;

(d) 

idir naoi mí agus 12 mhí;

(e) 

tar éis 12 mhí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.