+Airteagal 428 Ítimí óna dteastaíonn cistiú cobhsaí
---+Airteagal 428 1.
---+Airteagal 428 2.

Airteagal 428 Ítimí óna dteastaíonn cistiú cobhsaí

-

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 428 1.

Mura mbainfear iad ó chistí dílse, tabharfar tuairisc ar leithligh d'údaráis inniúla ar na hítimí seo a leanas d'fhonn deis a thabhairt measúnú a dhéanamh ar na riachtanais maidir le cistiú cobhsaí:

(a) 

sócmhainní a cháileodh mar shócmhainní leachtacha i gcomhréir le hAirteagal 416, arna miondealú de réir chineál na sócmhainne;

(b) 

na hurrúis agus na hionstraimí margaidh airgid a leanas nach n-áirítear i bpointe (a);

(i) 

sócmhainní a cháilíonn do chéim chreidmheasa 1 faoi Airteagal 122;

(ii) 

sócmhainní a cháilíonn do chéim chreidmheasa 2 faoi Airteagal 122

(iii) 

sócmhainní eile.

(c) 

urrúis chothromais de chuid eintiteas neamhairgeadais atá liostaithe ar mhórinnéacs i malartán aitheanta;

(d) 

urrúis chothromais eile;

(e) 

ór;

(f) 

miotail lómhara eile;

(g) 

iasachtaí neamh-in-athnuaite agus earraí infhaighte, agus na hiasachtaí in-athnuaite agus infháltais arb iad a gcuid iasachtaithe ar leithligh:

(i) 

daoine nádúrtha seachas dílseánaigh aonair thráchtála agus comhpháirtíochtaí;

(ii) 

FBManna a cháilíonn d'aicme na ►C9  neamhchosaintí ◄ ar mhiondíol faoi na cineálacha cur chuige Caighdeánaithe nó IBR i gcomhair ►C9  riosca ◄ creidmheasa nó do chuideachta atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 153(4) agus i gcás gur lú ná EUR 1 milliún an taisce chomhiomlánaithe arna taisceadh ag an gcliant sin nó ag an ngrúpa cliant nasctha;

(iii) 

stáit, bainc cheannais agus eintitis earnála poiblí;

(iv) 

cliaint nach dtagraítear dóibh i bpointe (i) agus i bpointe (ii) seachas custaiméirí airgeadais;

(v) 

cliaint nach dtagraítear dóibh i bpointe (i), i bpointe (ii) agus i bpointe (iii) ar custaiméirí airgeadais iad, agus iad siúd ar institiúidí creidmheasa agus custaiméirí eile airgeadais iad ar leithligh;

(h) 

iasachtaí nach féidir a athnuachan agus earraí infhaighte dá dtagraítear i bpointe (g), ar leithligh iad siúd atá:

▼C2

(i) 

comhthaobhaithe le maoin tráchtála dhochorraithe (RT);

(ii) 

comhthaobhaithe le maoin chónaithe (RC);

▼M10

(iii) 

maoinithe le cistiú meaitseála (faoi bhealach) trí bhannaí atá incháilithe don láimhseáil a leagtar amach in Airteagal 129(4) nó (5) den Rialachán seo nó trí bhannaí faoi chumhdach mar a shainmhínítear i bpointe (1) d'Airteagal 3 de Threoir (AE) 2019/2019/2162;

▼B

(i) 

earraí infhaighte díorthacha;

(j) 

sócmhainní ar bith eile;

▼M17

(k) 

saoráidí creidmheasa neamhtharraingthe a cháilíonn mar ítimí bhuicéad 4bhuicéad 3 nó bhuicéad 2 faoi Iarscríbhinn I.

▼B

Airteagal 428 2.
Nuair is infheidhme, cuirfear gach ítim i láthair sna cúig bhuicéad a ndéantar cur síos orthu in Airteagal 427(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.