+Airteagal 428a Cur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite

Airteagal 428a Cur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite

Airteagal 428a

Cur i bhfeidhm ar bhonn comhdhlúite

I gcás ina bhfuil feidhm ag an gcóimheas glanchistiúcháin chobhsaí a leagtar amach sa Teideal seo ar bhonn comhdhlúite i gcomhréir le hAirteagal 11(4), beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:

(a) 

beidh na sócmhainní agus na hítimí lasmuigh de chlár comhardaithe fochuideachta ag a bhfuil ceannoifig na fochuideachta sin i dtríú tír, ar sócmhainní agus ítimí iad atá faoi réir fachtóirí cistiúcháin chobhsaí cheangailtigh faoin gceanglas glanchistiúcháin chobhsaí a leagtar amach i ndlí náisiúnta an tríú tír sin atá níos airde ná iad siúd a shonraítear i gCaibidil 4, beidh siad faoi réir comhdhlúthú i gcomhréir leis na fachtóirí is airde a shonraítear i ndlí náisiúnta an tríú tír sin;

(b) 

beidh dliteanais agus cistí dílse fochuideachta ag a bhfuil ceannoifig na fochuideachta sin i dtríú tír, ar dliteanais agus cistí dílse iad atá faoi réir fachtóirí cistiúcháin chobhsaí faoin gceanglas glanchistiúcháin chobhsaí a leagtar amach i ndlí náisiúnta an tríú tír sin atá níos ísle ná iad siúd a shonraítear i gCaibidil 3, beidh siad faoi réir comhdhlúthú i gcomhréir leis na fachtóirí is ísle a shonraítear i ndlí náisiúnta an tríú tír sin;

(c) 

sócmhainní tríú tír a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos sa ghníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 460(1) agus atá i seilbh fochuideachta ag a bhfuil a ceannoifig i dtríú tír, ní aithneofar iad mar shócmhainní leachtachta chun críocha comhdhlúthaithe i gcás nach gcáilíonn siad mar shócmhainní leachtachta faoi dhlí náisiúnta an tríú tír sin a shocraíonn an ceanglas maidir le cumhdach leachtachta.

▼M9 —————

▼M8

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 01.01.2027 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013R0575
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.